Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫángadar go dtí an bruaċ eile de’n ḟairrge, go críċ na nGerasénaċ.

2 Agus nuair ṫáinig sé amaċ as an mbád, ar an láṫair do casaḋ ’n‐a ṫreo fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan, agus é ag teaċt as na tuamaiḃ,

3 fear do ċóṁnuiġeaḋ ins na tuamaiḃ; agus níor ḟéad duine ar biṫ a ċeangal, le slaḃraḋ féin;

4 óir, ba ṁinic do ceanglaḋ é le geiṁliḃ agus le slaḃraiḃ, agus do réab sé na slaḃraiḋe agus do ḃris sé na geiṁle ’n‐a mbroscar; agus ní raiḃ ar ċumas aon duine a ċur fá smaċt.

5 Agus do ḃíoḋ sé i gcóṁnaiḋe, d’oiḋċe agus de ló, ins na tuamaiḃ agus ar na cnocaiḃ, ag screadaiġ agus ’g‐a ġearraḋ féin le cloċaiḃ.

6 Agus nuair do ċonnaic sé Íosa i ḃfad uaiḋ, do riṫ sé ċuige agus do ṡléaċt sé ḋó;

7 agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.

8 Óir aduḃairt sé leis, A spioraid neaṁ‐ġlan, tar amaċ as an ḃfear.

9 Agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean leis, Léigiún is ainm dom; óir is sluaġ sinn.

10 Agus d’iarr sé go dian air gan a gcur as an dúṫaiġ sin amaċ.

11 Is aṁlaiḋ do ḃí tréad mór muc ag inḃear ar ṫaoḃ an ċnuic ann.

12 Agus d’iarradar d’aṫċuinġe air, ’g‐a ráḋ, Cuir ins na mucaiḃ sinn, go raċaimíd isteaċ ionnta.

13 Agus ṫug sé an cead dóiḃ. Agus ṫáinig na spioraide neaṁ‐ġlana amaċ, agus do ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ; agus do riṫ an tréad de ruaṫar síos le fánaiḋ isteaċ sa ḃfairrge, fá ṫuairim míle ḋíoḃ do ḃí ann; agus do báṫaḋ iad sa ḃfairrge.

14 Agus na daoine do ḃí ag buaċailleaċt na muc, do ṫeiċeadar, agus d’innseadar sa gcaṫair agus sa tír é. Agus ṫáinig na daoine amaċ d’ḟéaċain cad tarla.

15 Agus ṫángadar ċum Íosa, agus do ċonnacadar an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, é ’n‐a ṡuiḋe, agus a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṁeaḃair ṡaoġalta, an fear céadna ’n‐a raiḃ an léigiún: agus ṫáinig eagla orṫa.

16 Agus na daoine do ċonnaic é, d’inniseadar dóiḃ‐sean créad d’éiriġ do’n ḟear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, agus i dtaoḃ na muc.

17 Agus do ṫosnuiġeadar ar iarraiḋ d’impiḋe air go n‐imṫeoċaḋ sé ar a ndúṫaiġ.

18 Agus nuair do ḃí sé ag dul isteaċ sa mbád, an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, d’iarr seisean cead air go ḃfanfaḋ sé ’n‐a ḟoċair.

19 Aċt níor leig sé ḋó é, aċt aduḃairt sé leis, Imṫiġ go dtí do ṫeaċ agus go dtí do ṁuinntear féin, agus innis dóiḃ na neiṫe móra do rinne an Tiġearna ḋuit, agus an trócaire do rinne sé ort.

20 Agus d’imṫiġ an fear, agus do ṫosnuiġ sé ar a innsint sa Decapolis cad iad na neiṫe móra do rinne Íosa ḋó: agus do ċuir sé ionġnaḋ ar gaċ uile ḋuine.

21 Agus nuair do ċuaiḋ Íosa ṫar ais arís go dtí an taoḃ eile, do ċruinniġ sluaġ mór ċuige: agus do ḃi sé ar ḃruaċ na fairrge.

22 Agus ṫáinig fear d’uaċtaránaiḃ na sionagóige ċuige, agus Iáirus ab ainm dó; agus nuair do ċonnaic sé é, do ċaiṫ sé é féin ag a ċosaiḃ,

23 agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.

24 Agus d’imṫiġ sé i n‐éinḟeaċt leis; agus do lean sluaġ mór é, agus do ḃíodar ag brúġaḋ air.

25 Agus do ḃí bean ann ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag,

26 agus d’ḟulaing mórán ó iomad liaiġ, agus do ċaiṫ a raiḃ aici, gan aon ḃiseaċ d’ḟáġ‐áil, aċt í ag éirġe níos measa:

27 nuair do‐ċuala sise i dtaoḃ Íosa, ṫáinig sí taoḃ ṫiar de i lár an tsluaiġ, agus do ċuir sí a láṁ ar a ḃrat.

28 Óir aduḃairt sí, Muna ndéanad aċt baint le n‐a ḃrat, leiġeasfar mé.

29 Agus ar an láṫair do ṫiormuiġ sruṫ a fola; agus d’aiṫin sí ar a colainn go raiḃ sí leiġeasta ó’n ngalar.

30 Agus ar an láṫair do ḃraiṫ Íosa ann féin go raiḃ buaiḋ imṫiġṫe amaċ as, agus d’iompuiġ sé sa tsluaġ, agus aduḃairt, Cé ḃain lem’ éadaiġiḃ?

31 Agus aduḃairt a ḋeisceabail leis, Do‐ċí tú an sluaġ ag brúġaḋ ort, agus fiafruiġeann tú, Cé ḃain liom?

32 Agus d’ḟéaċ sé ’n‐a ṫimċeall go ḃfeicfeaḋ sé an ḃean do rinne é.

33 Aċt ṫáinig criṫ‐eagla ar an mnaoi, óir do ḃí a ḟios aici créad tarla ḋí, agus ṫáinig sí agus do ṡléaċt sí ḋó, agus d’innis sí an ḟírinne iomlán dó.

34 Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ód’ ġalar.

35 Ag laḃairt dó, ṫáinig daoine ó ṫiġ uaċtaráin na sionagóige, agus aduḃaradar, Atá t’inġean tar éis báis: cad ċuige ḋuit an Máiġistir do ḃuaiḋreaḋ feasta?

36 Aċt nuair do‐ċuala Íosa an focal sin, aduḃairt sé le h‐uaċtarán na sionagóige, Ná bíoḋ eagla ort, aċt creid aṁáin.

37 Agus níor leig sé d’aoinneaċ teaċt leis, aċt Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais.

38 Agus ṫángadar go tiġ uaċtaráin na sionagóige; agus ṫug sé fá deara an buaiḋreaḋ agus daoine ag gol agus ag caoineaḋ go h‐árd‐ġlóraċ.

39 Agus nuair do ċuaiḋ sé isteaċ, aduḃairt sé leo, Cad ċuige an foṫram agus an t‐árd‐ġol so? ní marḃ atá an cailín, aċt ’n‐a codlaḋ.

40 Agus do rinneadar gáiriḋe magaṁail faoi. Aċt do ċúir seisean iad go léir amaċ, agus ṫug sé leis aṫair agus máṫair an ċailín agus iad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, agus do ċuaiḋ sé isteaċ mar a raiḃ an cailín ’n‐a luiġe.

41 Agus ag breiṫ ar láiṁ ar an gcailín dó, aduḃairt sé léi, Talitá cúm, is é sin, A ċailín, adeirim‐se leat, Éiriġ.

42 Agus ar an láṫair d’éiriġ an cailín ’n‐a suiḋe, agus do ṡiuḃail sí; óir do ḃí sí ḋá ḃliaḋain déag d’aois. Agus ṫáinig uaṫḃás an‐ṁór orṫa.

43 Agus d’órduiġ sé go dian dóiḃ gan faisnéis ’n‐a ṫaoḃ do ṫaḃairt d’aon duine: agus aduḃairt sé rud le n’iṫe do ṫaḃairt dí.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan