Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ aris sa tsionagóig; agus do ḃí fear annsin ag a raiḃ láṁ leis seargṫa.

2 Agus do ḃíodar ag faire an leiġeasfaḋ sé é, lá na sabóide: le súil go mbéaḋ cúis aca air.

3 Agus aduḃairt sé leis an ḃfear ag a raiḃ an láṁ ṡeargṫa, Seas amaċ annso.

4 Agus aduḃairt sé leo, Cia aca is dleaġṫaċ, an ṁaiṫ do ḋéanaṁ, nó an t‐olc do ḋéanaṁ, lá na sabóide? anam duine do ṡlánú nó do ṁilleaḋ? Aċt d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost.

5 Agus ag féaċain dó go feargaċ ’n‐a ṫimċeall orṫa, agus brón air mar ġeall ar ċruaḋas a gcroiḋe, aduḃairt sé leis an ḃfear: Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín: agus do leiġeasaḋ an láṁ.

6 Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus ar an laṫair do ġlacadar cóṁairle le muinntir Ioruaiṫ ’n‐a aġaiḋ, agus iad ag iarraiḋ sliġe do ċeapaḋ le n‐a ṁilleaḋ.

7 Aċt d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisceabail i dtreo na fairrge: agus do lean sluaġ mór é ó’n nGalilé,

8 agus ó Iúdaea, agus ó Iarúsalem, agus ó Idúmaea, agus ó’n taoḃ ṫall de Iórnán, agus daoine as ceanntar Ṫuire agus Ṡídóine, ṫángadar ’n‐a sluaġ mór ċuige, nuair do‐ċualadar tuairisc na ngníoṁ mór do ḃí déanta aige.

9 Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ bád beag do ċoiṁéad i gcóṁair ḋó i gcóṁnaiḋe, mar ġeall ar an sluaġ, ar eagla go mbrúġfaidís é;

10 óir do ḃí sé tar éis mórán daoine do leiġeas; ar ċuma go raiḃ na daoine ar a raiḃ aicíd ar biṫ, go raiḃ siad ag brúġaḋ isteaċ air, ag cuimilt leis.

11 Agus nuair do‐ċíoḋ na spioraide neaṁ‐glana é, do ṡléaċtaidír dó, agus do ġlaoḋaidís amaċ agus adeiridís, Is tusa Mac Dé.

12 Agus do ċuir sé cosc leo go minic, gan leigean dóiḃ é d’ḟoillsiú.

13 Agus do ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus do ġlaoḋ sé ċuige na daoine ba ṫoil leis: agus ṫángadar ċuige.

14 Agus do ṫoġ sé ḋá ḟear déag le ḃeit ’n‐a ḟoċair, go gcuirfeaḋ sé amaċ ag seanmórú iad,

15 agus go mbéaḋ ar a gcumas deaṁain do ċaiṫeaṁ amaċ:

16 agus ṫug sé Peadar mar ainm ar Ṡíomón;

17 agus Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin dearḃráṫair Ṡéamais, orṫa‐san ṫug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirniġe:

18 agus Aindrias, agus Pilib, agus Parṫalán, agus Maṫa, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeuis, agus Taddaeus,

19 agus Síomón an Canáníteaċ, agus Iúdás Iscariót, an fear do ḃraiṫ é.

20 Agus ṫáinig sé isteaċ i dtiġ. Agus do ċruinniġ an sluaġ arís, i dtreo nárḃ ḟéidir ḋóiḃ fiú biaḋ do ċaiṫeaṁ.

21 Agus nuair do‐ċuala a ċáirde é, do ċuadar amaċ le breiṫ air; mar aduḃradar, Is ar mí‐ċéill atá sé.

22 Agus na scríoḃaiḋṫe ṫáinig anuas ó Iarúsalem, aduḃradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cuṁaċt prionnsa na ndeaṁan ċaiṫeas sé na deaṁain amaċ.

23 Agus do ġlaoḋ sé ċuige iad, agus aduḃairt sé leo i saṁlaoidiḃ, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do ċaiṫeaṁ amaċ?

24 Agus má ḃíonn ríoġaċt deaġailte ’n‐a coinniḃ féin, ní féidir do’n ríoġaċt sin seasaṁ.

25 Agus má ḃíonn líon tiġe deaġailte ’n‐a ċoinniḃ féin, ní féidir do’n líon tiġe sin seasaṁ.

26 Agus má éiriġeann Sátan ’n‐a ċoinniḃ féin, agus é do ḃeiṫ deaġailte ann féin, ní féidir ḋó‐san seasaṁ, aċt atá deireaḋ leis.

27 Ní féidir d’aon duine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir, agus a ṫroscán d’ḟuadaċ leis, muna gceanglaiḋ sé ar dtús an fear láidir: annsin sladfaiḋ sé a ṫeaċ.

28 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Maiṫfear do ċlannaiḃ daoine a bpeacaiḋe go léir, agus gaċ dia‐ṁaslaḋ d’á ndéanfaid:

29 aċt cibé duine adéaras dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní ḃfaiġiḋ seisean maiṫeaṁnas ċoiḋċe, aċt béiḋ sé cionntaċ i bpeacaḋ síorraiḋe;

30 óir adubradar, Is spioraid neaṁ‐ġlan atá ann.

31 Agus ṫáinig a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre: agus ’n‐a seasaṁ ḋóiḃ amuiġ, do ċuireadar fios air, ag glaoḋaċ air.

32 Agus do ḃí sluaġ suiḋte ’n‐a ṫimċeall: agus aduḃradar leis, Féaċ, atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ’gad’ lorg.

33 Agus d’ḟreagair sé iad agus aduḃairt, Cia h‐iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se?

34 Agus ag dearcaḋ ḋó ṫart ’n‐a ṫiṁċeall orṫa‐san do ḃi ’n‐a suiḋe ’n‐a ṫimċeall, aduḃairt sé, Féaċaiḋ, is iad sin mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre!

35 Óir cibé duine do‐ġní toil Dé, is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan