Marcus 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do ḃí an tsabóid ṫart, do ċeannuiġ Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais, agus Salómé spíosraiḋe, ċum go dtiocfaidís agus go n‐ongfaidís é. 2 Agus ṫángadar go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, go dtí an tuama, le h‐éiriġe gréine. 3 Agus do ḃíodar ’g‐a ráḋ le n‐a ċéile, Cia iontóċas an leac dúinn ó ḃéal an tuama? 4 Agus ag féaċain suas dóiḃ, ṫugadar fá deara go raiḃ an leac iontuiġṫe: óir do ḃí sí an‐ṁór. 5 Agus ag dul isteaċ sa tuama ḋóiḃ, do ċonnacadar an t‐ógánaċ ’n‐a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láiṁe deise, agus brat geal air; agus ṫáinig uaṫḃás orṫa. 6 Agus aduḃairt seisean leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: atá siḃ ar lorg Íosa Nasarḋa, an té do céasaḋ: d’éiriġ sé; ní ḟuil sé annso; féaċaiḋ an áit ’n‐ar ċuireadar é! 7 Aċt imṫiġiḋ, innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go dtí an Ġalilé: do‐ċífiḋ siḃ annsin é, mar aduḃairt sé féin liḃ. 8 Agus d’imṫiġeadar amaċ, agus do ṫeiċeadar ó’n tuama; óir do ḃi criṫ‐eagla agus uaṫḃás orṫa: agus níor laḃradar focal le h‐aon duine; óir do ḃí scannraḋ orṫa. 9 Agus nuair d’aiséiriġ sé go moċ ar maidin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, do ṫaisbeán sé é féin ar dtús do Ṁáire Ṁagdaléné, as ar ċuir sé amaċ seaċt ndeaṁain. 10 D’imṫiġ sise, agus d’innis sí é ḋóiḃ‐sean do ḃíoḋ ’n‐a ḟoċair, agus do ḃí ag caoi agus ag gol. 11 Agus nuair do‐ċualadar go raiḃ sé beo, agus go ḃfaca sise é, níor ċreideadar é. 12 Agus tar a éis sin, do ṫaisbeán sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt aca agus iad ag siuḃal, ag dul fá’n tuaiṫ ḋóiḃ. 13 Agus d’imṫiġeadar‐san agus d’inniseadar do’n ċuid eile é: aċt mar sin féin, níor ċreideadar iad. 14 Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó. 15 Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad. 16 An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é. 17 Agus is iad so na cóṁarṫaí leanfas iad‐san ċreidfeas: caiṫfid deaṁain amaċ im’ ainm‐se; laḃarfaid as teangṫaċaiḃ nua; 18 tógfaid naṫraċa niṁe: agus má ólaid aon niḋ marḃṫaċ, ní ḋéanfaiḋ sé doċar ar biṫ ḋóiḃ; cuirfid a láṁa ar na daoiniḃ breoite agus leiġeasfar iad. 19 Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé. 20 Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ċraoḃscaoileadar ins gaċ uile áit, an Tiġearna ag cóṁoibriú leo, agus ag neartú an ḃriaṫair leis na cóṁarṫaiḃ do lean é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society