Marcus 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do ḃíodar ag teaċt i n‐aice Iarúsalem, agus do ṡroiċeadar Bétfagé agus Bétánia ag cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir sé beirt d’á ḋeisceablaiḃ uaiḋ agus aduḃairt sé leo, 2 Téiġiḋ go dtí an baile beag úd ṫall os ḃúr gcóṁair: agus nuair raċas siḃ isteaċ ann, do‐geoḃaiḋ siḃ ceangailte ann searraċ nár ṡuiḋ aon duine riaṁ air; scaoiliḋ é, agus taḃraiḋ liḃ é. 3 Agus má adeir aoinneaċ liḃ, Cad ċuige a ḃfuil siḃ ’g‐a ḋéanaṁ? abraiḋ‐se leis, Teastuiġeann sé ó’n Tiġearna; agus cuirfiḋ sé ar ais annso é ar an láṫair. 4 Agus d’imṫiġeadar, agus fuaradar an searraċ ceangailte ag an doras amuiġ sa tsráid; agus do scaoileadar é. 5 Agus aduḃairt daoine áiriṫe d’á raiḃ ’n‐a seasaṁ annsin, Créad atá agaib d’á ḋéanaṁ ag scaoileaḋ an tsearraiġ? 6 Agus aduḃradar‐san leo fá mar aduḃairt Íosa leo: agus do leigeadar dóiḃ imṫeaċt. 7 Agus ṫugadar an searraċ ċum Íosa, agus do ċuireadar a mbrait air; agus do ṡuiḋ seisean air. 8 Agus do leaṫ a lán daoine a mbrait ar an sliġe; agus do leaṫ daoine eile géaga do ġearradar de na crannaiḃ. 9 Agus na daoine do ḃí ar tosaċ rómpa, agus na daoine do ḃí ag leanaṁain ’n‐a ndiaiḋ, do ġlaoḋadar, Hósanná; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna! 10 Is beannuiġṫe an ríoġaċt atá ag teaċt, ríoġaċt ár n‐aṫar Dáiḃi! Hósanná ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde! 11 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i nIarúsalem, isteaċ sa teampall; agus iar ḃféaċain ’n‐a ṫimċeall ar gaċ niḋ ḋó, ó do ḃí an tráṫnóna ann, do ċuaiḋ sé amaċ go Bétánia i n‐éinḟeaċt leis an dá‐réag. 12 Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, nuair ṫáinig siad amaċ as Bétánia, do ḃí ocras air. 13 Agus do ċonnaic sé i ḃfad uaiḋ crann fige agus duilleaḃar air, agus ṫáinig sé d’ḟéaċain an ḃfuiġeaḋ sé aon niḋ air: agus nuair ṫáinig sé ċuige, ní ḟuair sé aċt duilleoga air; óir ní raiḃ séasúr na ḃfige ann. 14 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leis, Nár iṫiḋ aon duine toraḋ uait‐se ó’n am so go deoiḋ. Agus do‐ċuala a ḋeisceabail é. 15 Agus ṫángadar go h‐Iarúsalem: agus do ċuaiḋ sé isteaċ sa teampall, agus do ṫosnuiġ sé ar an dream do ḃí ag díol agus ag ceannaċ sa teampall do ṫiomáin amaċ as, agus do leag sé ar lár búird luċta an airgid do ṁalairt, agus suiḋeaċáin luċta na gcolm do ḋíol; 16 agus ní leigfeaḋ sé d’aon duine soiṫeaċ d’iomċur tríd an teampall. 17 Agus ṫug sé teagasc, agus aduḃairt sé leo Naċ ḃfuil scríoḃṫa, Goirfear dem’ ṫiġ‐se teaċ urnuiġṫe le h‐agaiḋ na gcineaḋ uile? aċt atá uaċais biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ‐se ḋe. 18 Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc. 19 Agus nuair ṫáinig an tráṫnóna, d’imṫiġ sé amaċ as an gcaṫair. 20 Agus ag gaḃáil ṫairis dóiḃ ar maidin, do ċonnacadar an crann fige agus é feoiġte ó ḟréiṁ. 21 Agus ag cuiṁniú do Ṗeadar air, aduḃairt sé leis, A Ṁáiġistir, féaċ, an crann fige do ṁalluiġis, atá sé feoiġte. 22 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Bíoḋ creideaṁ Dé agaiḃ. 23 Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine adéarfas leis an sliaḃ so, Tógtar ṫú, agus caiṫtear ṫú sa ḃfairrge, gan aon aṁras do ḃeiṫ ’n‐a ċroiḋe aige, aċt go gcreideann sé go dtiocfaiḋ an niḋ adeir sé ċum críċe; béiḋ sé aige. 24 D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Cibé niḋ ġuiḋeas agus iarras siḃ, creidiḋ go ḃfuair siḃ é, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ é. 25 Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr seasaṁ ag déanaṁ urnuiġṫe, má ḃíonn niḋ ar biṫ agaiḃ i n‐aġaiḋ aon duine, maiṫiḋ ḋó é; ionnas go maiṫfeaḋ ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ ḃúr gcionntaí ḋaoiḃ‐se mar an gcéadna. 27 Agus ṫángadar go h‐Iarúsalem arís: agus ag siuḃal dó sa teampall, ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus na seanóirí: agus aduḃradar‐san leis, 28 Créad é an t‐uġdarás atá agat ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás duit ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? 29 Agus aduḃairt Íosa leo, Cuirfead‐sa ceist aṁáin oraiḃ, agus taḃraiḋ freagra orm, agus inneosfad‐sa ḋaoiḃ cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ. 30 Baisteaḋ Eoin, araḃ ó neaṁ é nó ó ḋaoiniḃ? Taḃraiḋ freagra orm. 31 Agus do‐rinneadar‐san diospóireaċṫ le n‐a ċéile, ’g‐á ráḋ. Má adeirmid, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean, Má ’seaḋ, cad ċuige nár ċreideaḃar é? 32 Aċt má adeirmid, Ó ḋaoiniḃ, do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir do ḃí na daoine uile ar aon aigne gurḃ ḟáiḋ Eoin dá ríriḃ. 33 Agus d’ḟreagradar Íosa, agus aduḃradar, Ní ḟuil a ḟios againn. Agus aduḃairt Íosa leo, Ní mó inneósad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġoarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society