Marcus 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Tosaċ soiscéil Íosa Críost, Mic Dé. 2 Mar atá scríoḃṫa ag Ésáias fáiḋ, Féaċ, cuirim róṁat mo ṫeaċtaire Ullṁóċas do ṡliġe róṁat. 3 Guṫ an té ġlaoḋas ins an ḃfásaċ, Réiḋtiġiḋ sliġe an Tiġearna, Déanaiḋ a ċosáin díreaċ; 4 Do ḃí Eoin ag baisteaḋ ins an ḃfásaċ agus ag seanmórú baiste na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ. 5 Agus do ċuaiḋ tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amaċ ċuige agus do ḃaist sé iad uile i sruṫ Iórnán agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ. 6 Agus is é éadaċ do ḃí ar Eoin ruainneaċ camaill, agus do ḃí crios leaṫair i dtimċeall a ċuim, agus is é biaḋ d’iṫeaḋ sé lócaistí agus mil ḟiaḋain. 7 Agus do rinne sé seanmóir ’g‐a ráḋ, Atá ag teaċt im’ ḋiaiḋ‐se duine is mó cuṁaċt ná mise, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go scaoilfinn iall a ḃróg. 8 Do ḃaist mise siḃ le h‐uisce; aċt baistfiḋ seisean siḃ leis an Spiorad Naoṁ. 9 Agus tarla ins na laeṫiḃ sin go dtáinig Íosa ó Nasair na Galilé agus gur ḃaist Eoin é i nIórnán. 10 Agus ar an láṫair, ar dteaċt aníos dó as an uisce, do ċonnaic sé na flaiṫis ar ḟoscailt agus an Spiorad Naoṁ ag tuirling anuas air i rioċt cuilm; 11 agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain in a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas. 12 Agus ar an láṫair do ṡeol an Spiorad amaċ ins an ḃfásaċ é. 13 Agus do ḃí sé ins an ḃfásaċ dá ḟiċid lá ag fulang caṫuiġṫe ó Ṡátan; agus do ḃí sé i ḃfoċair na mbeiṫiḋeaċ n‐allta; agus do ḃí na h‐aingil ag frioṫáileaṁ air. 14 Agus tar éis Eoin do ċur i bpríosún, ṫáinig Íosa isteaċ ’sa nGalilé ag craoḃscaoileaḋ soiscéil Dé, 15 agus é ’g‐a ráḋ, Atá an t‐am cóiṁlíonta, agus atá ríoġaċt Dé druidṫe linn: déanaiḋ aiṫriġe, agus creidiḋ do’n tsoiscéal. 16 Agus ag siuḃal dó le bruaċ mara Galilé, do ċonnaic se Síomón agus Aindrias dearḃráṫair Ṡíomóin ag teilgean lín isteaċ ins an ḃfairrge: óir do b’iascairí iad. 17 Agus aduḃairt Íosa leo, Leanaiḋ mise agus do‐ġéanad iascairí ar ḋaoiniḃ ḋíḃ. 18 Agus ar an láṫair d’ḟágadar na líonta, agus do leanadar é. 19 Agus, ag imṫeaċt dó aċar beag ó’n áit sin, do ċonnaic sé Séamas mac Ṡebedé agus Eoin a ḃearḃráṫair, do ḃí ins an mbád ag cóiriú a líonta. 20 Agus ar an láṫair do ġlaoḋ sé orṫa; agus d’ḟágadar a n‐aṫair Sebedé ins an mbád i n‐éinḟeaċt leis an luċt tuarastail, agus do leanadar é. 21 Agus do ċuadar isteaċ i gCafarnaúm, agus do ċuaiḋ sé isteaċ ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann. 22 Agus do ċuir a ṫeagasc iongnaḋ orṫa: óir do ṫeagaisc sé iad mar ḋuine ag a raiḃ uġdarás, níorḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe é. 23 Agus do ḃí ’n‐a sionagóig‐sean fear ’n‐a raiḃ spioraid neaṁ‐ġlan; agus do ġlaoḋ seisean amaċ agus aduḃairt, 24 Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé. 25 Agus do ḃagair Íosa air agus aduḃairt, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. 26 Agus do réab an spioraid neaṁ‐ġlan é, agus, ag screadaiġ de ġuṫ árd dí, ṫáinig sí amaċ as. 27 Agus ṫáinig uaṫḃás orṫa uile agus d’ḟiafruiġeadar díoḃ féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smaċt go h‐uġdarásaċ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana féin, agus géilleann siad dó. 28 Agus do leaṫ a ċlú láiṫreaċ ar fud críċe Galilé fá gcuairt. 29 Ar n‐imṫeaċt as an tsionagóig dóiḃ, ṫángadar isteaċ i dtiġ Ṡíomóin agus Aindriais, i n‐éinḟeaċt le Séamas agus le h‐Eoin. 30 Agus do ḃí máṫair mná Ṡíomóin ’n‐a luiġe agus fiaḃras uirṫi, agus ar an láṫair d’inniseadar dó ’n‐a taoḃ: 31 agus ṫáinig sé, agus do rug sé ar láiṁ uirṫi, agus do ṫóg sé aníos í: agus d’imṫiġ an fiaḃras aisti, agus do rinne sí frioṫáileaṁ orṫa. 32 Agus, tar éis dul faoi do’n ġréin, tráṫnóna, ṫugadar ċuige na daoine ar a raiḃ easláinte, agus iad‐san ’n‐a raiḃ deaṁain. 33 Agus do ḃí muinntear na caṫraċ uile cruinniġṫe le ċéile ag an doras. 34 Agus do leiġeas sé a lán daoine ar a raiḃ galair ilġnéiṫeaċa, agus do ċaiṫ sé amaċ a lán deaṁan; agus níor ċeaduiġ sé do na deaṁanaiḃ laḃairt, mar d’aiṫniġeadar é. 35 Agus ar maidin, roiṁ ḟáinniú an lae go moċ, d’éiriġ sé agus do ċuaiḋ sé amaċ, agus d’imṫiġ sé go h‐áit ḟásaṁail, agus do rinne sé urnaiġe ann. 36 Agus do lean Síomón agus siad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leis é; 37 agus do fuaradar é, agus aduḃradar leis, Atá gaċ aoinne ar do lorg. 38 Agus aduḃairt sé leo, Téiġimís as so isteaċ ins na bailtiḃ beaga atá ’n‐ár n‐aice go ndéanad seanmóir annsin, leis; óir ċuige seo is eaḋ ṫánag. 39 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ. 40 Agus ṫáinig loḃar ċuige, ag cur aṫċuinġe air, agus ag uṁlú ar a ġlúnaiḃ ḋó, aduḃairt sé, Má’s toil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ. 41 Agus ṫug Íosa truaġ ṁór dó, agus do ṡín sé amaċ a láṁ agus do ċuir sé air í, agus aduḃairt; Is toil liom é; bí glan. 42 Agus ar an láṫair d’imṫiġ an loḃra ḋe, agus do ḃí sé glan. 43 Agus ṫug sé foráileaṁ ḋó, agus do ċuir sé uaiḋ é ar an láṫair, 44 agus aduḃairt sé leis, Seaċain laḃairt le h‐aon duine; aċt imṫiġ agus taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta na neiṫe d’órduiġ Maois, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ. 45 Aċt d’imṫiġ seisean amaċ, agus do ṫosnuiġ sé ar an scéal d’innsint agus do ċraoḃscaoileaḋ go foirleaṫan, i dtreo nár ḟéad Íosa dul isteaċ go poibliḋe i gcaṫair, aċt gur ḟan sé amuiġ i n‐áiteannaiḃ fásaṁla: agus ṫáinig na daoine ċuige as gaċ áird. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society