Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ná beiriḋ breiṫ ionnas naċ mbéarfaiḋe breiṫ oraiḃ féin.

2 Óir, de réir na breiṫe do‐ḃeir siḃ is eaḋ do‐ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ċugaiḃ?

3 Agus cad ċuige ḋuit an duḃradán atá i súil do ḃráṫar d’ḟeicsin, agus naċ mbreaṫnuiġeann tú an tsail atá id’ ṡúil fein?

4 Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair, leig dom an duḃradán do ḃaint as do ṡúil‐se; agus féaċ, atá an tsail id’ ṡúil féin?

5 A ḃréig‐ḟíréin, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin ċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.

6 Ná taḃraiḋ an niḋ naoṁṫa do na madraiḃ, agus ná caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí i láṫair na muc, ar eagla go ngaḃfaidís de ċosaiḃ orṫa, agus go n‐iompóċaidís agus go réabfaidís as a ċéile siḃ.

7 Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.

8 Óir gaċ aoinneaċ iarras glacann sé; agus gaċ aoinneaċ loirgeas do‐ġeiḃ sé; agus an té ċnagas foscaltar dó.

9 Nó cia h‐é an duine agaiḃ, má iarrann a ṁac arán air gur cloċ ṫiuḃras sé ḋó?

10 Nó má iarrann sé iasc air gur naṫair niṁe ṫiuḃras sé ḋó?

11 D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad?

12 D’á ḃriġ sin, gaċ niḋ ba ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine ḋaoiḃ‐se, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean: mar is é sin an dliġe agus na fáiḋe.

13 Téiġiḋ isteaċ an doras cuṁang: óir is fairsing an doras, agus is leaṫan an bealaċ ṡeolas fá ḋéin an léirscriosta, agus is iomḋa duine ġaḃas é.

14 Óir is cuṁang an doras, agus is caol an bealaċ ṡeolas ċum na beaṫaḋ, agus is beag duine do‐ġeiḃ eolas air.

15 Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.

16 Ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad. An mbailiġtear caora fíneaṁna de’n driseaċ, nó figí de na feoċadánaiḃ?

17 Mar sin do‐ḃeir gaċ deaġ‐ċrann toraḋ maiṫ; aċt do‐ḃeir an droċ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ.

18 Ní féidir do’n deaġ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ do ṫaḃairt, ’ná do’n droċ‐ċrann toraḋ maiṫ do ṫaḃairt.

19 Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.

20 D’á ḃriġ sin, ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad.

21 Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ.

22 Is iomḋa duine adéarfas liom an lá sin, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, naċ id’ ainm‐se dorinneamar fáiḋeadóireaċt, agus naċ id’ ainm‐se do ċaiṫeamar amaċ na deaṁain, agus naċ id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorḃail?

23 Agus annsin dearḃóċad‐sa ḋóiḃ, Ní raiḃ aon aiṫne agam oraiḃ riaṁ: imṫiġiḋ uaim, a luċt déanta an uilc.

24 D’á ḃriġ sin, gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa agus ċuireas i ngníoṁ iad, saṁlóċar é le duine ciallṁar do ṫóg a ṫeaċ ar an gcarraig:

25 agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa; agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar do ḃí sé tógṫa ar an gcarraig.

26 Agus gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa, agus naċ gcuireann i ngníoṁ iad, saṁlóċar eisean le duine gan ċéill do ṫóg a ṫeaċ ar an ngainiṁ:

27 agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa, agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus do ṫuit sé: agus ba éaċtaċ é a ṫuitim.

28 Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc:

29 óir do ṫeagaisc sé iad aṁail duine ag a raiḃ uġdarás, munarḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan