Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair ċonnaic sé na sluaiġte, do ċuaiḋ sé suas ar an sléiḃ; agus nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe,

2 ṫáinig a ḋeisceabail ċuige: agus d’ḟoscail sé a ḃéal, agus do ṫeagaisc sé iad, g‐á ráḋ,

3 Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.

4 Is aoiḃinn dóiḃ‐sean do‐ġní dobrón, mar do‐ġeoḃaid sólás.

5 Is aoiḃinn d’á ḃfuil ceannsa, mar do‐ġeoḃaidsean seilḃ na talṁan.

6 Is aoiḃinn dóiḃ‐sean ar a ḃfuil ocras agus tart ċum fíréantaċta, mar do‐ġeoḃaid a sáit.

7 Is aoiḃinn do luċt na trócaire, mar do‐ġeoḃaidsean trócaire.

8 Is aoiḃinn do luċt an ċroiḋe ġlain, mar doċífid‐sean Dia. Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána do ḋéanaṁ,

9 mar glaoḋfar orṫa‐san clann Dé.

10 Is aoiḃinn dóiḃ‐sean d’ḟulaing géir‐leanaṁain ar son fíréantaċta; mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.

11 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair do‐ḃéarfar tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair ciapfar siḃ, agus nuair adéarfar gaċ aon ḟocal bréagaċ ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ, ar mo ṡon‐sa.

12 Bíoḋ áṫas oraiḃ agus lúṫġáir, mar is mór é ḃúr luaċ saoṫair ar neaṁ; óir ar an gcuma ċéadna is eaḋ do ciapaḋ na fáiḋe ṫáinig róṁaiḃ.

13 Is siḃ‐se salann na talṁan: aċt má ċailleann an salann a ḃlas, créad le n‐a saillfear é aṫuair? Ní ḟuil aon ṁaiṫ ann feasta aċt go gcaiṫfiḋe amaċ é, agus go mbéaḋ sé ’n‐a ċosair‐easair ag na daoiniḃ.

14 Is siḃ‐se solas an doṁain. Caṫair atá ar ċnoc ní féidir a ċeilt.

15 Agus ní lastar coinneal ċum go gcuirfiḋe í fá ḃéal soiṫiġ, aċt ċum go gcuirfiḋe í ar ċoinnleoir; agus annsin do‐ḃeir sí solas d’á ḃfuil sa tiġ.

16 Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.

17 Ná measaiḋ gur ċum na dliġe nó na ḃfáiḋ do ċur ar neaṁ‐niḋ ṫánag‐sa: ní ċum iad do ċur ar neaṁ‐niḋ ṫánag, aċt ċum iad do ċóiṁlíonaḋ.

18 Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ.

19 Ar an aḋḃar sin, cibé duine ḃrisfeas aiṫne aṁáin de na h‐aiṫeantaiḃ seo is suaraiġe, agus ṁúinfeas na daoine mar sin, glaoḋfar air an duine is luġa i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt cibé duine do‐ġéanas agus ṁúinfeas iad, do‐ḃéarfar duine mór air i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.

20 Óir adeirim liḃ, muna sáruiġiḋ ḃur ḃfíréantaċtsa fíréantaċt na scríoḃaiḋe agus na ḃFairisíneaċ, naċ raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas ar ċor ar biṫ.

21 Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas leis na sinnsearaiḃ, ná déan marḃaḋ; agus cibé duine do‐ġní marḃaḋ, béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; aċt adeirim‐se liḃ,

22 Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.

23 Ar an aḋḃar sin, má ḃíonn tú ag taḃairt bronntanais ċum na h‐altóra, agus má ċuiṁniġeann tú annsin go ḃfuil aon ċúis ag do ḃráṫair ċugat,

24 fág annsin do ḃronntanas os cóṁair na h‐altóra, agus imṫiġ agus déan réiḋteaċ ar dtús led’ ḃráṫair, agus tar ’n‐a ḋiaiḋ sin agus tairg do ḃronntanas.

25 Réiḋtiġ go luaṫ led’ eascaraid, fad agus ḃéas tú i n‐éinḟeaċt leis sa tsliġe; ar eagla go dtiuḃraḋ an eascara ar láiṁ do’n ḃreiṫeaṁ ṫú, agus go dtiuḃraḋ an breiṫeaṁ suas do’n oifigeaċ ṫú, agus go gcaiṫfiḋe ṫú i bpríosún.

26 Adeirim leat go fírinneaċ, naċ dtiocfaiḋ tú amaċ as nó go raiḃ an ḟeoirling ḋeiriḋ íocṫa agat.

27 Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas leis na sinnsearaiḃ,

28 Ná déan aḋaltrannas: aċt adeirim‐se liḃ, cibé duine ḟéaċas ar ṁnaoi go h‐ainṁianaċ, go ḃfuil aḋaltrannas déanta ċeana aige léi, ’n‐a ċroiḋe.

29 Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.

30 Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr ḋíot í, agus caiṫ uait í; óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.

31 Aduḃarṫas, leis, Cibé ċuirfeas uaiḋ a ḃean, taḃraḋ sé billéad scaraṁna ḋí:

32 aċt adeirim‐se liḃ, cibé duine ċuireas uaiḋ a ḃean, aċt aṁáin mar ġeall ar aḋaltrannas, go ndéanann sé ban‐aḋaltrannaċ ḋí: agus cibé duine ṗósfas an ḃean do scaoileaḋ, do‐ġní seisean aḋaltrannas.

33 Do‐ċualaḃar, leis, go nduḃarṫas i n‐allód, Ná taḃair mionna éiṫiġ, aċt cóiṁlíon do ṁóide do’n Tiġearna;

34 aċt adeirim‐se liḃ gan dearḃú ar ċor ar biṫ; gan dearḃú dar neaṁ, mar is í ríoġ‐ċaṫaoir Dé í;

35 gan dearḃú dar talaṁ, mar is é stól a ċos é; gan dearḃú dar Iarúsalem, mar is í caṫair an Ríoġ Ṁóir í.

36 Ná dearḃuiġ dar do ċeann, mar ní ḟuil ar ċumas duit ribe ḋe do ḋéanaṁ geal ná duḃ.

37 Aċt bíoḋ mar ċainnt agaiḃ, Is eaḋ, is eaḋ; Ní h‐eaḋ, ní h‐eaḋ: agus cibé niḋ ṫéiġeas ṫairis sin, is ó’n olc é.

38 Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas, Súil i n‐éiric súile, agus fiacail i n‐éiric fiacla;

39 aċt adeirim‐se liḃ, gan cur i n‐aġaiḋ an uilc: aċt cibé duine ḃuailfeas ṫú ar an leacain deis, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis.

40 Agus an té gur mian leis, an dliġe do ċur ort, agus do ċasóg do ḃaint díot, scaoil ċuige do ḃrat ’n‐a ṫeannta.

41 Agus cibé duine ċuirfeas d’ḟiaċaiḃ ort míle do ṡiuḃal, siuḃail ḋá ṁíle leis.

42 Taḃair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuiġ ó’n té gur mian leis rud d’ḟáġáil ar iasaċt uait.

43 Do‐ċualaḃar go nduḃarṫas, Béiḋ gráḋ agat dod’ ċóṁarsain, agus fuaṫ dod’ náṁaid:

44 aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;

45 ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.

46 Óir má ṫugann siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean aṁáin ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ‐se, créad atá tuillte agaiḃ ḋá ḃárr? Naċ ndéanann na poibleacáin féin é sin?

47 Agus muna mbeannuiġeann siḃ aċt do ḃúr mbráiṫriḃ aṁáin, créad do‐ġní siḃ sa mbreis ar ċáċ? Naċ ndéanann na págánaiġ féin é sin?

48 Caiṫfiḋ siḃ, d’á ḃriġ sin, ḃeiṫ gan loċt, fá mar atá ḃúr nAṫair neaṁḋa gan loċt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan