Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin do ṫreoruiġ an Spiorad Íosa isteaċ sa ḃfásaċ ċum go gcuirfeaḋ an diaḃal caṫú air.

2 Agus nuair do ḃí troscaḋ dá ḟiċid lá agus dá ḟiċid oiḋċe déanta aige, ṫáinig ocras air ’n‐a ḋiaiḋ sin.

3 Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.

4 Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Atá scríoḃṫa, Ní h‐ar arán aṁáin ṁairfeas an duine, aċt ar an uile ḃriaṫar ṫig ó ḃéal Dé.

5 Annsin do rug an diaḃal leis é isteaċ sa gcaṫair naoṁṫa, agus do ċuir sé ’n‐a ṡeasaṁ ar spuaic an teampaill é,

6 agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg ṫú féin le fánaiḋe síos: óir atá scríoḃṫa, Do‐ḃéaraiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ: Agus tógfaid‐sean ’n‐a láṁaiḃ ṫú, Ar eagla go mbuailfeá do ċos i gcoinniḃ cloiċe.

7 Aduḃairt Íosa leis, Atá scríoḃṫa fós, Ní ċuirfiḋ tú caṫú ar do Ṫiġearna Dia.

8 Annsin do rug an diaḃal leis é go mullaċ sléiḃe an‐áird, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta uile an doṁain, agus a ngradam;

9 agus aduḃairt sé leis, Do‐ḃéarad‐sa iad sin go h‐iomlán duit, má’s toil leat sléaċtaḋ ḋom,

10 agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís.

11 Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig aingil agus do‐rinneadar frioṫáileaṁ air.

12 Agus nuair do‐ċuala Íosa gur cuireaḋ Eoin i bpríosún, do ċuaiḋ sé do’n Ġalilé;

13 agus ag imṫeaċt ó Nasair ḋó ṫáinig sé ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁnaiḋe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar ṫeorainn Ṡabulón agus Neftalim,

14 ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Ésáias fáiḋ,

15 Talaṁ Ṡabulón, agus talaṁ Neftalim, Sliġe na fairrge, taoḃ ṫall de Iórnán, Galilé na nGeinte:

16 An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór; Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis D’éiriġ an solas.

17 As sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar ṡeanmóir, g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe: óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.

18 Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.

19 Agus aduḃairt sé leo, Leanaiḋ mise agus do‐ġéanad‐sa iascairí ar ḋaoiniḃ ḋíḃ,

20 Agus ar an láṫair, ag fágáil a líonta ḋóiḃ, do leanadar é.

21 Agus ag imṫeaċt as sin dó, do ċonnaic sé beirt eile dearḃráṫar, Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus iad i mbád i ḃfoċair a n‐aṫar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ġlaoḋ sé ċuige iad.

22 Agus ar an láṫair d’ḟágadar an bád agus a n‐aṫair, agus do leanadar é.

23 Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.

24 Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.

25 Agus do lean na sluaiġte móra é ó’n nGaililé, agus ó’n Decapolis, agus ó Iarúsalem, agus ó Iúdaea, agus ó’n taoḃ ṫall de Iórnán.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan