Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tar éis na sabóide, agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain ag soillsiú, ṫáinig Máire Ṁagdaléne agus an Ṁáire eile leis an tuama d’ḟeicsin.

2 Agus féaċ, ṫáinig crioṫ mór talṁan; óir ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus d’iontuiġ sé an ċloċ, agus do ṡuiḋ sé uirṫi.

3 Agus do ḃí a ġnúis mar an teintreaċ, agus do ḃí a éadaiġe ċoṁ geal leis an sneaċta:

4 agus le h‐eagla roiṁe ḃí an luċt coiṁéadṫa ar crioṫ, agus ḃíodar i rioċt daoine marḃ.

5 Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis na mnáiḃ, Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ: tá a ḟios agam go ḃfuil siḃ ar lorg Íosa, an té do céasaḋ.

6 Ní annso atá sé; óir d’aiséiriġ sé, fá mar aduḃairt sé roiṁ ré. Tagaiḋ, féaċaiḋ an áit ’n‐a raiḃ an Tiġearna ’n‐a luiġe.

7 Agus imṫiġiḋ anois go luaṫ, agus innisiḋ d’á ḋeisceablaiḃ, D’éiriġ sé ó na marḃaiḃ; agus féaċ, atá sé ag dul róṁaiḃ do’n Ġalilé; ċífiḋ siḃ annsin é: féaċ, aduḃras‐sa liḃ é.

8 Agus d’imṫiġeadar‐san go luaṫ ó’n tuama agus eagla agus an‐áṫas orṫa, agus do riṫeadar ċum an scéal d’innsin d’á ḋeisceablaiḃ.

9 Agus féaċ, do casaḋ Íosa orṫa, agus aduḃairt sé, Go mbeannuiġiḋ Dia ḋaoiḃ. Agus ṫángadar agus rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é.

10 Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.

11 Agus ag imṫeaċt dóiḃ, féaċ, ṫáinig cuid de na gárdaiḃ isteaċ sa gcaṫair, agus d’inniseadar d’uaċtaránaiḃ na sagart gaċ a dtarla.

12 Agus nuair do ċruinniġ siad le ċéile i ḃfoċair na seanóir, agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile, ṫugadar mórán airgid do na saiġdiúiriḃ,

13 g‐á ráḋ, Abraiḋ‐se, Ṫáinig a ḋeisceabail fá scáṫ na h‐oiḋċe, agus do ġoideadar é, nuair do ḃío mairne ’n‐ár gcodlaḋ.

14 Agus má ċluineann an riaġaltóir ’n‐a ṫaoḃ, laḃarfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó ḃaoġal siḃ‐se.

15 Agus do ġlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar aduḃraḋ leo: agus do leaṫ an scéal sin i measc na nIúdaċ go dtí an lá indiu.

16 Aċt do ċuaiḋ an t‐aon deisceabal déag do’n Ġalilé, go dtí an cnoc mar a ndearna Íosa coinne leo.

17 Agus nuair do‐ċonnacadar é, d’aḋradar é: aċt do ḃí aṁras ar ċuid aca.

18 Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.

19 Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:

20 g‐á ṫeagasc dóiḃ gaċ ar órduiġeas daoiḃ do ċóiṁlíonaḋ, agus féaċ, atáim‐se ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, go deireaḋ an tsaoġail.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan