Maitiú 27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do ḃí an ṁaidin ann, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail i ndáil cóṁairle i n‐aġaiḋ Íosa, ċum go gcuirfidís ċum báis é: 2 agus do ċeangladar é, agus ṫugadar suas do Ṗíoláid an riaġaltóir é. 3 Annsin, ar n‐a ḟeicsin do Iúdás, an té do ḃraiṫ é, go raiḃ sé daorṫa, do ġaḃ aiṫreaċas é, agus ṫug sé na deiċ bpíosaí fiċead airgid ar ais d’uaċtaránaiḃ na sagart agus do na seanóiriḃ, g‐á ráḋ, 4 Do‐rinneas peacaḋ, nuair do ḋíolas an ḟuil neaṁ‐ċionntaċ. Aċt aduḃradar‐san, Créad é sin dúinne? Féaċ féin ċuige. 5 Agus do ċaiṫ sé na píosaí airgid isteaċ sa teampall, agus d’ḟág sé an áit, agus d’imṫiġ agus do ċroċ sé é féin. 6 Agus do ṫóg uaċtaráin na sagart na deiċ bpíosaí fiċead airgid, agus aduḃradar, Ní dleaġṫaċ iad do ċur sa gciste, mar is airgead fola iad. 7 Agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile, agus do ċeannuiġeadar leo gort an ċriadóra, ċum coiṁiġṫiġ d’aḋlacaḋ ann. 8 Ar an aḋḃar sin do glaoḋaḋ, gort na fola, ar an ngort úd, go dtí an lá indiu. 9 Annsin do cóiṁlíonaḋ a nduḃairt ieremias fáiḋ, Agus do ġlacas na deiċ bpíosaí fiċead airgid, luaċ an té do ḃí fá ṁeas, an té do ḃí fá ṁeas ag clainn Israel; 10 agus ṫugas iad ar ġort an ċriadóra, mar d’órduiġ an Tiġearna ḋom. 11 Agus do ḃí Íosa ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair an riaġaltóra: agus d’ḟiafruiġ an riaġaltóir ḋe, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirir é. 12 Agus nuair do ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí neiṫe ’n‐a leiṫ, níor ḟreagair sé oiread agus focal. 13 Annsin aduḃairt Píoláid leis, Naċ gcluineann tú an méid fiaḋnaise atá aca san d’á ċur id’ leiṫ? 14 Agus ní ṫug sé freagra ar biṫ orṫa: i dtreo go raiḃ iongnaḋ mór ar an riaġaltóir. 15 Ba ġnáṫ leis an riaġaltóir, le linn na féile, príosúnaċ aṁáin do scaoileaḋ ċum an tsluaiġ, an té ba ṁian leo. 16 Agus do ḃí aca, an t‐am sin, cime iomráiḋteaċ darḃ ainm Barabbas. 17 Agus nuair do ḃíodar cruinniġṫe le ċéile, aduḃairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil liḃ do scaoilfinn saor ċugaiḃ, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18 Óir do ḃí a ḟios aige gur le formad ṫugadar ar láiṁ é. 19 Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air. 20 Do spreag uaċtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluaġ, áṁ, ċum Barabbas d’iarraiḋ, agus ċum Íosa do ċur ċum báis. 21 Aċt d’ḟreagair an riaġaltóir agus aduḃairt sé leo, Cia aca de’n ḃeirt is áil liḃ go scaoilfinn ċugaiḃ? Agus aduḃradar, Barabbas. 22 Aduḃairt Píoláid leo, Agus créad do‐ġéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Aduḃradar uile, Céastar é. 23 Aduḃairt seisean, Aċt cad é an t‐olc atá déanta aige? Aċt do liúġadar go h‐árd‐ġlóraċ, g‐á ráḋ, Céastar é. 24 Agus nuair do ċonnaic Píoláid naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann, aċt go raiḃ gleo ag éirġe, do ġlac sé uisce ċuige, agus do niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an tsluaiġ, g‐á ráḋ, Ní ḟuilim‐se cionntaċ i ḃfuil an ḟíréin seo: féaċaiḋ‐se ċuige. 25 Agus d’ḟreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a ċuid fola! 26 Annsin do scaoil sé saor ċuca Barabbas: aċt do sciúrsál sé Íosa agus ṫug sé suas é ċum a ċéasta. 27 Annsin rug saiġdiúirí an riaġaltóra Íosa leo isteaċ sa bpálás, agus do ċruinnuiġeadar ċuige an ḃuiḋean iomlán. 28 Agus do ḃaineadar na h‐éadaiġe ḋe, agus do ċuireadar brat corcra air. 29 Agus do ṡníoṁadar coróin spíne agus do ċuireadar ar a ċeann í, agus do ċuireadar giolcaċ ’n‐a láiṁ ḋeis; agus do ṡléaċtadar ar a nglúnaiḃ ḋó, ag taḃairt masla ḋó, g‐á ráḋ, Go mbeannuiġṫear duit, a Rí na nIúdaċ! 30 Agus do ċaiṫeadar seilí air, agus do ġlacadar an giolcaċ agus do ḃuaileadar sa gceann leis é. 31 Agus nuair do ḃí an magaḋ déanta aca, do ḃaineadar an brat de, agus do ċuireadar a ċuid éadaiġe féin air, agus do ṫreoruiġeadar amaċ é ċum a ċéasta. 32 Agus ag dul amaċ ḋóiḃ fuaradar duine ó Ċuréné darḃ ainm Síomón: do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ airsean dul i n‐éinḟeaċt leo, agus an ċroċ d’iomċar dó. 33 Agus nuair ṫángadar go h‐áit ar a dtugtar Golgotá, is é sin, áit cloiginn, 34 ṫugadar dó fíon le n’ól agus domblas meascṫa leis: agus nuair do ḃlais sé é ní ólfaḋ sé é. 35 Agus nuair do ċéasadar é, do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa, g‐á gcur ar crannaiḃ: agus do ṡuiḋeadar ag faire air. 36 Agus do ċuireadar os a ċionn teideal a ċúise i scríḃinn, 37 IS É SEO ÍOSA RÍ NA nIÚDAĊ. 38 Annsin do céasaḋ mar aon leis beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus duine ar a láiṁ ċlé. 39 Agus na daoine do ġaḃaḋ ṫairis ṫugadar masla ḋó, ag croṫaḋ a gceann, 40 agus g‐á ráḋ, Ṫusa leagas teampall Dé agus ṫógas é i gceann trí lá, saor ṫú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroiċ. 41 Ar an gcuma ċéadna do ḃí uaċtaráin na sagart mar aon leis na scríoḃaiḋṫiḃ agus leis na seanóiriḃ, 42 ḃíodar ag magaḋ faoi, g‐á ráḋ, Do ṡaor sé daoine eile; ní ḟuil ar ċumas dó é féin do ṡaoraḋ. Is é Rí Israel é; tigeaḋ sé anuas ó’n gcroiċ, agus creidfimíd ann. 43 Cuireann sé a ṁuiniġin as Dia; saoraḋ Sé anois é, má’s áil leis é, óir aduḃairt sé, Is mé Mac Dé. 44 Agus na biṫeaṁnaiġ do ḃí d’á gcéasaḋ mar aon leis, ṫugadar‐san an masla céadna ḋó. 45 Agus ó’n séṁaḋ h‐uair do leaṫ dorċadas ar an tír go léir go dtí an naoṁaḋ h‐uair. 46 Agus timċeall na naoṁaḋ h‐uaire do ġlaoḋ Íosa amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Élí, Elí, lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé? 47 Agus ar n‐a ċlos sin do ċuid díoḃ‐san do ḃí láiṫreaċ ’n‐a seasaṁ, aduḃradar, Is ag glaoḋaċ ar Élias atá sé sin. 48 Agus ar an láṫair do riṫ duine aca, agus ag glacaḋ spuinnc dó, do líon sé de ḃínéagra é, agus ċuir sé ar ḃárr giolcaiġ é, agus ṫug sé le n’ól dó é. 49 Agus aduḃairt an ċuid eile, Leig dó; feicimís an dtiocfaiḋ Élias g‐á ṡaoraḋ. 50 Agus d’éiġiṁ Íosa arís de ġuṫ árd, agus ṫug sé a anam uaiḋ. 51 Agus féaċ, do réabaḋ brat an teampaill ’n‐a ḋá ċuid ó ḃárr go bun; agus do luasc an talaṁ; agus do scoilt na carraigeaċa; 52 agus do fosclaḋ na tuamaí; agus d’éiriġ mórán de ċorpaiḃ na naoṁ do ḃí n‐a gcodlaḋ; 53 agus ag teaċt amaċ as na tuamaiḃ dóiḃ tar éis a aiséiriġṫe, do ċuadar isteaċ sa gcaṫair naoṁṫa, agus d’ḟoillsiġeadar iad féin do ṁórán. 54 Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa, 55 agus aduḃradar, Go fírinneaċ do b’é Mac Dé é sin. Agus do ḃí ann mórán ban i ḃfad uaiḋ ag féaċain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag frioṫáileaṁ air: 56 orṫa‐san do ḃí Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais agus Iósés, agus máṫair clainne Sebedé. 57 Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig duine saiḋḃir ó Arimatéa darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa: 58 do ċuaid an duine sin ċum Ṗíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air, agus d’órduiġ Pioláid an corp do ṫaḃairt dó. 59 Agus do ġlac Seosaṁ an corp, agus d’ḟill sé i línéadaċ glan é, 60 agus do ċuir sé ’n‐a ṫuama nua féin é, do ḃí gearrṫa i gcarraig aige: agus d’iontuiġ sé leac ṁór ṫar ḃéal an tuama, agus d’imṫiġ sé. 61 Agus do ḃí Máire Ṁagdaléné agus an Ṁáire eile ann, ’n‐a suiḋe os cóṁa ir an tuama. 62 Agus lá ar n‐a ḃáraċ, an lá tar éis an Ullmuiġṫe, do ḃí uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cruinniġṫe le ċéile i láṫair Ṗioláid, agus aduḃradar, 63 A ṫiġearna, is cuiṁin linn go nduḃairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireoċad arís. 64 Taḃair órdú, d’á ḃriġ sin, gárda do ċur ar an tuama go dtí an tríoṁaḋ lá, ar eagla go dtiocfaḋ a ḋeisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróċaidís leis na daoiniḃ, D’éiriġ sé ó na marḃaiḃ: agus ba ṁeasa an feall deireannaċ ’ná an ċéad ḟeall. 65 Aduḃairt Píoláid leo, Atá gárda agaiḃ: imṫiġiḋ, daingniġiḋ é mar is eol daoiḃ. 66 D’imtiġeadar‐san, agus do ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus an gárda ’n‐a ḃfoċair. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society