Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do ḃíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus ṫángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐ċrann, do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisceabal, g‐á ráḋ leo,

2 Téiġiḋ isteaċ sa mbaile beag úd ṫall os ḃúr gcóṁair, agus ar an láṫair do‐ġeoḃaiḋ siḃ láir asail ceangailte ann, agus searraċ i n‐éinḟeaċt léi: scaoiliḋ iad, agus taḃraiḋ liḃ ċugam iad.

3 Agus má deir aoinneaċ éinniḋ liḃ, adéaraiḋ siḃ‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tiġearna; agus cuirfiḋ sé uaiḋ ar an láṫair iad.

4 Agus ṫáinig sin ċum críċe, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe tarngaireaċt an ḟáiḋ, mar aduḃairt sé,

5 Innisiḋ d’inġin Ṡíoin, Féaċ, atá do Rí ag teaċt ċugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar ḃromaċ, searraċ asail.

6 Agus d’imṫiġ na deisceabail, agus do‐rinneadar mar d’órduiġ Íosa ḋóiḃ,

7 agus ṫugadar leo an t‐asal, agus an bromaċ, agus do ċuireadar a mbrait orṫa; agus do ṡuiḋ seisean orṫa.

8 Agus do leaṫ furṁór an tsluaiġ a mbrait ar an sliġe; agus do ḃain dream eile géaga de na crannaiḃ agus do leaṫadar ar an sliġe iad.

9 Agus na sluaiġte do ḃí ar tosaċ roiṁe, agus siad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, do tógadar gáir, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; Is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna; Hósanná ins na h‐áiteannaiḃ is aoirde!

10 Agus nuair ṫáinig sé go h‐Iarúsalem, do ḃí corruiġe mór ar fud na caṫraċ ar fad, gaċ aoinneaċ g‐á ráḋ, Cia h‐é seo?

11 Agus aduḃairt na sluaiġte, Is é seo an fáiḋ, Íosa, ó Nasair na Gaililé.

12 Agus do ċuaiḋ Íosa isteaċ i dteampall Dé, agus do ruaig sé amaċ iad‐san do ḃí ag díol agus ag ceannaċ sa teampall, agus do leag sé ar lár búird luċt malairte an airgid, agus suideaċáin na ndaoine do ḃí ag díol colm;

13 agus aduḃairt sé leo, Atá scríoḃṫa, Goirfear dem’ ṫiġ‐se teaċ urnuiġṫe: aċt atá siḃ‐se ag déanaṁ uaċaise biṫeaṁnaċ ḋe.

14 Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampall: agus do leiġeas sé iad.

15 Aċt nuair do ċonnaic uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe na rudaí éaċtaċa do‐rinne sé, agus na leanḃaí do ḃí ag glaoḋaċ ós árd sa teampall, g‐á ráḋ, Hósanná do ṁac Ḋáiḃi; ṫáinig fearg orṫa, agus aduḃradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so?

16 Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ċluinim: nár léiġeaḃar riaṁ, As béal leanḃ agus naoiḋeanán cíċe fuarais molaḋ iomlán?

17 Agus d’ḟág sé iad, agus do ċuaiḋ sé amaċ as an gcaṫair go Bétánia, agus do ċuir sé faoi annsin.

18 Agus ar maidin, ag filleaḋ ar ais ċum na caṫraċ ḋó, ḃí ocras air.

19 Agus ar ḟeicsin crainn fige ḋó le cois an ḃealaiġ, ṫáinig sé ċuige, agus ní ḟuair sé aon rud air, aċt duilleoga aṁáin; agus aduḃairt sé leis,

20 Nár ḟásaiḋ aon toraḋ ort as so amaċ go bráṫ. Agus ar an láṫair d’ḟeoġ an crann fige.

21 Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é.

22 Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.

23 Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?

24 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist aṁáin oraiḃ, agus má ḟreagrann siḃ í, inneosad‐sa ḋaoiḃ cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe sin do ḋéanaṁ.

25 Baisteaḋ Eoin, cia uaiḋ a dtáinig sé? ó neaṁ nó ó ḋaoiniḃ? Agus do‐rinneadar diospóireaċt le n‐a ċéile, g‐á ráḋ, Má deirimíd, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean linn, Cad ċuige, mar sin, nár ċreideaḃar é?

26 Aċt má deirimíd, Ó ḋaoiniḃ; tá eagla an ṗobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáiḋ Eoin.

27 Agus d’ḟreagradar Íosa, agus aduḃradar. Ní ḟuil a ḟios againn. Agus aduḃairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ.

28 Aċ cad é ḃúr meas air seo? Do ḃí beirt ṁac ag fear áiriṫe; agus ṫáinig sé ċum an ċéad ṁic, agus aduḃairt sé, A ṁic, imṫiġ agus déan obair indiu im’ḟíonġort.

29 Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Ní raċad: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig a ṁalairt d’aigne air, agus do ċuaiḋ sé.

30 Agus ṫáinig sé ċum an dara mic, agus do laḃair sé leisean ar an gcuma ċéadna. Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Raċad, a ṫiġearna: aċt ní ḋeaċaiḋ sé.

31 Ciaca de’n ḃeirt seo do‐rinne toil a aṫar? Aduḃradar‐san leis, An ċéad ḟear. Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go raċaiḋ na poibleacáin agus na striapaċa isteaċ i ríoġaċt Dé róṁaiḃ‐se.

32 Óir ṫáinig Eoin ċugaiḃ i mbealaċ na fíréantaċta, agus níor ċreideaḃar é: aċt do ċreid na poibleacáin agus na striapaċa é: agus nuair do ċonnaic siḃ‐se é, ní ḋearna siḃ aiṫriġe ’n‐a ḋiaiḋ sin ċum go gcreidfeaḋ siḃ é.

33 Éistiḋ le saṁlaoid eile: Do ḃí fear tiġe ann, agus do ċuir sé fíonġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do ṫoċail sé áit brúiġte fíona ann, agus do ṫóg sé túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile.

34 Agus nuair do ḃí séasúr na dtoraḋ ag teaċt, do ċuir sé a ṡearḃóntaí ċum na scológ, ċum ċuid de’n toraḋ d’ḟáġáil.

35 Agus do rug na scológa ar a ṡearḃóntaiḃ, agus do ḃuaileadar duine aca, agus do ṁarḃadar duine eile, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ ar ḋuine eile.

36 Arís do ċuir sé searḃóntaí eile ċuca, níba ṁó ’ná an ċéad ċuid: agus ṫugadar an íde ċéadna orṫa‐san.

37 Aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ċuir sé ċuca a ṁac féin, g‐á ráḋ, Do‐ḃéarfaid urraim dom’ ṁac.

38 Aċt na scológa, nuair do ċonnacadar an mac, aduḃradar eadorṫa féin, Is é seo an t‐oiġre, téanam, marḃaimís é, agus glacaimís a oiġreaċt.

39 Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus do ṁarḃadar é.

40 Ar an aḋḃar sin, nuair ṫiocfas tiġearna an ḟíonġuirt, créad do‐ġéanaiḋ sé leis na scológaiḃ sin?

41 Adeir siad‐san leis, Scriosfaiḋ sé na cuirpṫiġ sin go millteaċ, agus ḃéarfaiḋ sé an fíonġort ar cíos do scológaiḃ eile, ḃéarfas na torṫa ḋó ’n‐a séasúraiḃ féin.

42 Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.

43 Ar an aḋḃar sin adeirim liḃ, Tógfar ríoġaċt Dé uaiḃ‐se, agus do‐ḃéarfar í do ċineaḋ ḃéarfas a torṫa.

44 Agus cibé duine ṫuitfeas ar an gcloiċ seo, brisfear é ’n‐a ḃroscar: aċt cibé duine ar a dtuitfiḋ sí, scriosfaiḋ sí é.

45 Agus nuair do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ an tsaṁlaoid sin, do ṫuigeadar gur ’n‐a dtaoḃ féin do ḃí sé ag laḃairt.

46 Agus nuair ṡanntuiġeadar greim d’ḟáġáil air, do ḃí eagla orṫa roiṁ na daoiniḃ, óir do ṁeasadar‐san gurḃ ḟáiḋ é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan