Maitiú 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Óir is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear tiġe do ċuaiḋ amaċ go moċ ar maidin ag cur luċt oibre ar tuarastal ’n‐a ḟíonġort. 2 Agus nuair do réiḋtiġ sé leis na h‐oibriḋṫiḃ ar ṗinginn sa ló, do ċuir sé isteaċ ’n‐a ḟíonġort iad. 3 Agus do ċuaiḋ sé amaċ ar an tríoṁaḋ h‐uair, agus do ċonnaic sé dream eile ’n‐a seasaṁ díoṁaoin ar áit an ṁargaiḋ; 4 agus aduḃairt sé leo‐san, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort, agus do‐ḃéarad daoiḃ an méid is cóir. Agus d’imṫiġeadar‐san. 5 Agus do ċuaiḋ sé amaċ arís ar an séṁaḋ agus ar an naoṁaḋ h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna. 6 Agus do ċuaiḋ sé amaċ ar an aonṁaḋ h‐uair ḋéag, agus fuair sé tuilleaḋ ’n‐a seasaṁ; agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ i n‐ḃúr seasaṁ díoṁaoin annso ar feaḋ an lae? 7 Aduḃradar‐san leis, De ċionn nár ċuir aon duine ar aimsir sinn. Aduḃairt seisean leo, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort. 8 Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, aduḃairt tiġearna an ḟíonġuirt le n‐a ṁaor, Glaoḋ ar an luċt oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannaċ go dtí an ċéad dream ṫáinig. 9 Agus nuair ṫáinig siad‐san do fostuiġeaḋ timċeall na h‐aonṁaḋ h‐uaire déag, fuair gaċ duine aca pinginn. 10 Agus nuair ṫáinig an ċéad dream, do ṁeasadar go ḃfuiġdís níba ṁó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine. 11 Agus nuair fuaradar é do ḃíodar ag cannrán i n‐aġaiḋ an ḟir tiġe, 12 g‐á ráḋ, Níor oibriġ an dream deireannaċ so aċ uair aṁáin, agus do ċuiris‐se ar aon ċoṁṫrom leo sinne d’ḟulang cruaḋtan an lae agus an broṫall. 13 Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt sé le duine aca, A ċara, ní ḟuilim ag déanaṁ éagcóra ort: naċ ar ṗinginn do réiḋtíġis liom? 14 Tóg leat do ċuid féin agus bí ag imṫeaċt; is toil liom an oiread céadna do ṫaḃairt do’n duine seo is deireannaiġe ṫáinig, agus ṫugas duit‐se. 15 Naċ dleaġṫaċ dom an niḋ is toil liom do ḋéanaṁ lem’ ċuid féin? Nó an ḃfuil droċ‐ṡúil agat, toisc go ḃfuilim‐se fial? 16 Mar sin béiḋ an dream deireannaċ ar tosaċ, agus béiḋ an dream tosaiġ ar deireaḋ. 17 Agus nuair do ḃí Íosa ag dul suas go h‐Iarúsalem, ṫug sé an dáréag deisceabal i leaṫtaoiḃ, agus sá tsliġe ḋó aduḃairt sé leo, 18 Féaċaiḋ, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, 19 agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís. 20 Annsin ṫáinig ċuige máṫair clainne Sebedé i n‐éinḟeaċt le n‐a clann ṁac, ag uṁlú ḋó, agus ag iarraiḋ faḃair air. 21 Agus aduḃairt sé léi, Créad atá uait? Aduḃairt sise leis, Taḃair órdú go suiḋfiḋ mo ḃeirt ṁac so, duine aca ar do láiṁ ḋeis, agus duine aca ar do láiṁ ċlé id’ ríoġaċt. 22 Aċt d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt, Ní fios daoiḃ créad iarras siḃ. An cupán ólfad‐sa an féidir liḃ‐se a ól? Aduḃradar‐san leis, Is féidir linn. 23 Aduḃairt seisean leo, Ólfaiḋ siḃ go deiṁin an cupán ólfad‐sa: aċt suiḋe ar mo láiṁ ḋeis, agus ar mo láiṁ ċlé, ní liom‐sa a ṫaḃairt sin uaim, aċt atá sé i ndán dóiḃ‐sean d’á ḃfuil sé ceapṫa ag m’Aṫair. 24 Agus nuair do‐ċuala an deiċneaḃar é, d’éiriġ siad mí‐ṡásta go mór leis an mbeirt dearḃráṫar. 25 Aċt do ġlaoḋ Íosa ċuige iad, agus aduḃairt sé, Tá a ḟios agaiḃ go gcuireann tiġearnaí na nGeinte fá smaċt iad, agus go mbíonn forláṁas ag a ndaoiniḃ móra orṫa. 26 Ní mar sin ḃéas eadraiḃ‐se: aċt cibé duine go mba ṁian leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, béiḋ sé ’n‐a ṡeirḃíseaċ agaiḃ; 27 agus cibé duine go mba ṁian leis ḃeiṫ ar tosaċ eadraiḃ, béiḋ sé mar ḟear freastail agaiḃ: 28 ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin. 29 Agus ag imṫeaċt dóiḃ as Ieriċó, do lean sluaġ mór é. 30 Agus féaċ, beirt dall do ḃí ’n‐a suiḋe le cois an ḃealaiġ, nuair do‐ċualadar gurḃ é Íosa do ḃí ag gaḃáil ṫart, do liúġadar, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orainn. 31 Agus do ḃagair an sluaġ orṫa ḃeiṫ ’n‐a dtost: aċt do b’aoirde do ġlaoḋadar amaċ, A Ṫiġearna, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócairé orainn. 32 Agus do stad Íosa mar a raiḃ sé, agus do ġlaoḋ sé ċuige iad, agus aduḃairt sé, Créad do b’áil liḃ do‐ġéanainn daoiḃ? 33 Aduḃradar‐san leis, A Ṫiġearna, ár súile d’ḟoscailt. 34 Agus do‐rinne Íosa truaġ ḋóiḃ, agus do ċuir sé a ṁéar ar a súiliḃ, agus ar an láṫair ṫáinig a raḋarc dóiḃ, agus do leanadar é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society