Maitiú 19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ṫarla, nuair do ḃí na cóṁráiḋte sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur imṫiġ sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteaċ i gcríoċaiḃ lúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán; 2 agus do lean sluaiġte móra é; agus do leiġeas sé annsin iad. 3 Agus ṫáinig Fairisíniġ ċuige g‐á ṫriail, agus iad g‐á ráḋ, An dleaġṫaċ do ḋuine a ḃean do ċur uaiḋ ar aḋḃar ar biṫ? 4 Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, An é nár léiġeaḃar, an té do ċruṫuiġ na daoine ó ṫús, gur ċruṫuiġ sé fireann agus baineann iad, agus go nduḃairt sé, 5 Ar an aḋḃar sin, fágfaiḋ fear a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n‐a ṁnaoi; agus béiḋ an ḃeirt ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin? 6 Uime sin, ní beirt iad feasta, aċt aon ḟeoil aṁáin. D’á ḃriġ sin, an niḋ do ċeangail Dia, ná scaoileaḋ duine é. 7 Aduḃradar‐san leis, Cad ċuige, má’s eaḋ, ar órduiġ Maois billéad scaraṁna do ṫaḃairt dí, agus a cur ċum bealaiġ? 8 Aduḃairt seisean leo, Do ċeaduiġ Maois daoiḃ, mar ġeall ar ḋúire ḃúr gcroiḋe, ḃúr mná do ċur uaiḃ: aċt ní mar sin do ḃí an scéal ó ṫús. 9 Agus adeirim‐se liḃ, An té ċuirfeas uaiḋ a ḃean, aċt aṁáin mar ġeall ar striapaċas, agus ṗósfas bean eile, go ndéanann sé aḋaltranas: agus an té ṗósas an ḃean do díbriġeaḋ, go ndéanann seisean aḋaltranas. 10 Aduḃairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaoḃ ṁná, do b’ḟearr gan póṡaḋ. 11 Aċt aduḃairt seisean leo, Ní h‐é gaċ aon duine gur féidir leis na briaṫra so do ġlacaḋ, aċ iad‐san aṁáin dár tugaḋ é. 12 Óir atá coillteáin ann do rugaḋ mar sin ó ḃroinn a máṫar: agus atá coillteáin ann gur ċoill daoine iad: agus atá coillteáin ann do ċoill iad féin ar son ríoġaċta na ḃflaiṫeas. An té gur féidir leis a ġlacaḋ, glacaḋ. 13 Annsin tugaḋ ċuige leanḃaí beaga, ċum go gcuirfeaḋ sé a láṁa orṫa, agus go nguiḋfeaḋ sé orṫa: agus do ċuir na deisceabail cosc leo. 14 Aċt aduḃairt Íosa, Leigiḋ do na leanḃaiḃ beaga teaċt ċugam‐sa, agus ná cuiriḋ cosc leo: óir is le n‐a leiṫéidiḃ sin ríoġaċt na ḃflaiṫeas. 15 Agus do ċuir sé a láṁa orṫa, agus d’imṫiġ sé ó’n áit sin. 16 Agus féaċ, ṫáinig duine ċuige, agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir, créad é an gníoṁ maiṫ do‐ġéanadsa, ċum go saoṫróċad an ḃeaṫa ṡíorraiḋe? 17 Agus aduḃairt seisean leis, Cad ċuige ḋuit ceist do ċur orm‐sa i dtaoḃ maiṫeasa? Ní maiṫ aoinneaċ aċt Aon aṁáin: aċt má’s mian leat dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ, coiṁéad na h‐aiṫeanta. 18 Aduḃairt seisean leis, Ciaca? Agus aduḃairt Íosa leis, Na déan marḃaḋ, Ná déan aḋaltrannas, Ná déan goid, 19 Ná taḃair fiaḋnaise ḃréige, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair, agus, Gráḋuiġ do ċóṁarsa mar ṫú féin. 20 Aduḃairt an t‐ógánaċ leis, Do ċóiṁlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasḃaiḋ orm? 21 Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise. 22 Aċt nuair do‐ċuala an t‐ógánaċ na briaṫra sin, d’imṫiġ sé agus cuṁa air, óir ba ḋuine é ag a raiḃ raċmas mór. 23 Agus aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is ar éigean a raċas duine saiḋḃir isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas. 24 Agus adeirim arís liḃ, Is fusa do ċamall gaḃáil tré ċró snáṫaide, ná do ḋuine saiḋḃir dul isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas. 25 Agus nuair do‐ċuala na deisceabail sin, do ġaḃ iongnaḋ mór iad, agus aduḃradar, Má’s eaḋ, Cia h‐é gur féidir a ṡlánú? 26 Agus ag féaċaint d’Íosa orṫa, aduḃairt sé leo, Ní féidir do ḋaoiniḃ é, aċt is féidir le Dia an uile niḋ. 27 D’ḟreagair Peadar annsin, agus aduḃairt sé, Féaċ, do ṫréigeamair‐ne gaċ uile niḋ, agus do leanamar ṫusa; créad ḃéas againn d’á ḃárr? 28 Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel. 29 Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige. 30 Aċt is iomḋa duine d’á ḃfuil ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ; agus d’á ḃfuil ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society