Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ins an am sin do ċuaiḋ Íosa tré ġortaiḃ cruiṫneaċtan, lá na sabóide; agus do ḃí ocras ar a ḋeisceablaiḃ, agus do ṫosnuiġeadar ar na diasaiḃ do stoṫaḋ, agus d’iṫe.

2 Aċt na Fairisíniġ, nuair do ċonnacadar‐san é, aduḃradar leis, Féaċ, atá do ḋeisceabail ag déanaṁ niḋ naċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ, lá na sabóide.

3 Aċt aduḃairt seisean leo, An é nár léiġeaḃar créad do‐rinne Dáiḃi, an tráṫ ’n‐a raiḃ ocras air féin, agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair;

4 cionnas do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé, agus d’iṫ sé arán na h‐íoḋbarṫa, nár ḋleaġṫaċ dó‐san d’iṫe, ná do’n muinntir do ḃí ’n‐a ḟoċair, aċt aṁáin do na sagartaiḃ?

5 Nó, an é nár léiġeaḃar sa dliġe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan ḃeiṫ cionntaċ?

6 Aċt adeirim‐se liḃ, go ḃfuil duine is mó ’ná an teampall annso.

7 Aċt dá mb’eol daoiḃ créad is bun dó so, Trócaire is áil liom, agus ní h‐íoḋbairt, ní ḋaorfaḋ siḃ daoine atá neaṁ‐ċionntaċ.

8 Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Ṫiġearna ar an tsabóid féin.

9 Ag imṫeaċt dó as an áit sin, do ċuaiḋ sé isteaċ ’n‐a sionagóig:

10 agus féaċ, do ḃí duine ann, agus láṁ leis seargṫa. Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, An dleaġṫaċ leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide?

11 ċum go mbéaḋ cúis aca air. Agus aduḃairt seisean leo, cia h‐é an duine agaiḃ, ag a mbéiḋ caora aṁáin, agus go dtuitfiḋ sí isteaċ i bpoll, lá na sabóide, naċ mbéarfaiḋ uirṫi, agus naċ dtógfaiḋ aníos í?

12 Naċ mó le ráḋ go mór duine ’ná caora! D’á ḃriġ sin is dleaġṫaċ maiṫ do ḋéanaṁ, lá na sabóide.

13 Annsin adeir sé leis an duine, sín amaċ do láṁ. Agus do ṡín; agus d’éiriġ sí ċóṁ slán leis an láiṁ eile.

14 Aċt d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, agus do ċuadar i gcóṁairle le ċéile ’n‐a ċoinniḃ, ċum go millfidís é.

15 Agus ar n‐a ḟeicsin sin d’Íosa, d’imṫiġ sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;

16 agus do leiġeas né iad go léir, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan é do ċur i n‐uṁail:

17 ionnas go gcóiṁlíonfaiḋe an niḋ aduḃraḋ tré Ésáias fáiḋ,

18 Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ atá toġṫa agam; An té is ionṁain liom ’n‐a ḃfuil aoiḃneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróċaiḋ Sé breiṫeaṁnas do na Geintiḃ.

19 Ní ḋéanfaiḋ Sé aċrann, ná ní ḋéanfaiḋ sé gáir; Ná ní cluirfear a ġlór ar na sráidiḃ.

20 Ní ḃrisfiḋ sé an ġiolcaċ ḃrúiġte, Agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon atá ag cur deataiġ. Nó go dtugaiḋ sé breiṫeaṁnas ċum buaḋa.

21 Agus is as a ainm‐sean ḃéas muiniġín ag na Geintiḃ.

22 Annsin tugaḋ ċuige duine ’n‐a raiḃ deaṁan, agus é dall, boḋar: agus do leiġeas sé é, ionnas gur laḃair an balḃán, agus go raiḃ raḋarc aige.

23 Agus do ḃí iongnaḋ mór ar na sluaiġtiḃ, agus aduḃradar, An é seo mac Ḋáiḃi?

24 Aċt nuair do‐ċuala na Fairisíniġ é, aduḃradar, Ní ċaiṫeann an fear so na deaṁain amaċ aċt tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan.

25 Agus b’eol dó‐san a smaointe, agus aduḃairt sé leo, Gac ríoġaċt atá deaġailte innti féin, bascṫar í; agus gaċ caṫair nó líon tiġe atá deaġailte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasfaiḋ sé:

26 agus má ċaiṫeann Sátan Sátan amaċ, atá seisean deaġailte ann féin; cionnas, d’á ḃriġ sin, ṡeasfas a ríoġaċt?

27 Agus má ċaiṫim‐se amaċ na deaṁain le cuṁaċt Ḃelsibub, cia leis an gcaiṫeann ḃúr gclann‐sa amaċ iad? D’á ḃriġ sin, is iad‐san ḃéas ’n‐a mbreiṫeaṁnaiḃ oraiḃ.

28 Aċt má’s le Spiorad Dé ċaiṫim‐se na deaṁain amaċ, is léir go ḃfuil ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.

29 Nó, cionnas is féidir do ḋuine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir, agus a ċuid d’ḟuadaċ, muna gceanglaiḋ sé ar dtús an fear láidir?

30 annsin sladfaiḋ sé a ṫeaċ. An té naċ bfuil liom, atá sé im’ aġaiḋ; agus an té naċ gcruinniġeann liom‐sa, scaipeann sé.

31 D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Maiṫfear do na daoiniḃ gaċ peacaḋ agus gaċ dia‐ṁaslaḋ; aċt dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid ní maiṫfear dóiḃ é.

32 Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.

33 Déanaiḋ an crann maiṫ agus a ṫoraḋ maiṫ; nó déanaiḋ an crann loḃṫa agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir ar a ṫoraḋ is eaḋ aiṫniġtear an crann.

34 A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.

35 Do‐ḃeir an deaġ‐ḋuine deaġ‐neiṫe amaċ as a ḋeaġ‐stór; agus do‐ḃeir an droċ‐ḋuine droċ‐neiṫe amaċ as a ḋroċ‐stór.

36 Agus adeirim‐se liḃ, Gaċ focal díoṁaoin laḃarfas daoine, caiṫfiḋ siad cunntas do ṫaḃairt ann, lá an ḃreiṫeaṁnais.

37 Óir is as do ḃriaṫraiḃ féin saorfar ṫú, agus is as do ḃriaṫraiḃ féin daorfar ṫú.

38 Annsin d’ḟreagair cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ agus de na Fairisíneaċaiḃ, agus aduḃradar, A Ṁáiġistir, ba ṁian linn cóṁarṫa d’ḟeicsin uait.

39 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Iarrann droċ‐ṡlioċt aḋaltrannaċ cóṁarṫa; agus ní taḃarfar cóṁarta ḋóiḃ aċt cóṁarṫa Iónáis fáiḋ.

40 Óir, fá mar do ḃí Iónás trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíl ṁóir; mar sin ḃéas Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.

41 Éireoċaiḋ muinntir Niniḃe sa mbreiṫeaṁnas leis an ngeinealaċ so, agus daorfaid‐sean é; agus féaċ, atá duine is mó ’ná Iónás annso.

42 Éireoċaiḋ bainríoġan an deiscirt sa mbreiṫeaṁnas i n‐aġaiḋ an ġeinealaiġ so, agus daorfaiḋ sise é: óir ṫáinig sí ó ḟoirċeann an doṁain ċum éisteaċta le n‐eagna Ṡolaiṁ; agus féaċ, atá duine is mó na Solaṁ annso.

43 Aċt an spioraid neaṁ‐ġlan, nuair ṫéiġeas sí as an duine amaċ, siuḃlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaiḃ tiorma, ar lorg suaiṁnis, agus ní ḟaġann sí é.

44 Annsin adeir sí, Fillfead ar ais ċum mo ṫiġe féin as a dtáinig mé; agus ar dteaċt dí, do‐ġeiḃ sí folaṁ, scuabṫa, deisiġṫe é.

45 Annsin imṫiġeann sí, agus beireann sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téiġeann siad isteaċ, agus cóṁnuiġeann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireaḋ ’ná ar dtús. Agus is mar sin ḃéas an scéal ag an droċ‐ṡlioċt so.

46 Le linn cainnte leis an bpobal dó, féaċ, do ḃí a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leis.

47 Agus aduḃairt duine éigin leis, Féaċ, atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre ’n‐a seasaṁ amuiġ, agus iad ag iarraiḋ laḃairt leat.

48 Aċt d’ḟreagair sé, agus aduḃairt sé leis an duine d’innis dó é, Cé h‐í mo ṁáṫair? agus cé h‐iad mo ḃráiṫre?

49 Agus do ṡín sé a láṁ ċum a ḋeisceabal, agus aduḃairt sé, Féaċ, mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se! Óir cibé duine ḋéanfas toil m’Aṫar atá ar neaṁ,

50 is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan