Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, nuair do ċríoċnuiġ Íosa múineaḋ a ḋáréag deisceabal, gur imṫiġ sé as an áit sin ċum teagasc agus craoḃscaoileaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a gcaṫraċaiḃ‐sean.

2 Agus nuair do‐ċuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaoḃ a ndearna an Críost, do ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisceablaiḃ,

3 g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile?

4 Agus aduḃairt Íosa leo g‐á ḃfreagairt, Imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’Eoin na neiṫe do‐ċluin, agus do‐ċí siḃ:

5 atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.

6 Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa.

7 Agus nuair do ḃí siad‐san imṫiġṫe, do ṫosnuiġ Íosa ar a ráḋ leis na sluaiġtiḃ i dtaoḃ Eoin, Cad é go ndeaċaiḋ siḃ amaċ sa ḃfásaċ le n‐a ḟeicsin? giolcaċ d’á luascaḋ le gaoiṫ?

8 Aċt cad é go ndeaċaiḋ siḃ amaċ le n‐a ḟeicsin? Fear agus éadaiġe míne air? Féaċ, luċt an éadaiġ ṁín is i dtiġṫiḃ na ríoġ ḃíd‐sean.

9 Aċt cad ċuige a ndeaċaiḋ siḃ amaċ? Ċum fáiḋ d’ḟeicsin? Go fírinneaċ adeirim liḃ, gur mó é ’ná fáiḋ?

10 Is é seo an té go ḃfuil scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, Féaċ, atáim ag cur mo ṫeaċtaire ar m’aġaiḋ róṁam, Agus ullṁóċaiḋ seisean do ḃealaċ róṁat.

11 Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó n‐a rugaḋ ó ṁnáiḃ, níor éiriġ aon duine ba ṁó ’ná Eoin Baiste: aċt ċeana, an té is luġa le ráḋ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is mó é ’ná eisean.

12 Agus ó laeṫiḃ Eoin Ḃaiste go dtí anois atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas d’á h‐éigniú, agus is iad luċt foiréiġin ḃíos g‐á fuadaċ.

13 Óir do‐rinne na fáiḋe go léir agus an dliġe fáiḋeadóireaċt go dtí Eoin.

14 Agus, má’s maiṫ liḃ a ġlacaḋ, is é seo Élias atá le teaċt.

15 An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.

16 Aċt cia le n‐a saṁlóċad an díne seo? Is cosṁail í le leanḃaiḃ ’n‐a suiḋe ar áiteannaiḃ margaiḋ, ag glaoḋaċ ar a ċéile,

17 agus g‐á ráḋ, Do ṡeinneamar ar an ḃfeadán daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar rinnce; do ċaoineamar daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar gol.

18 Óir ṫáinig Eoin gan ḃeiṫ ag iṫe ná ag ól, agus adeirid, Atá deaṁan ann.

19 Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.

20 Annsin do ṫosnuiġ sé ar ṁilleán do ṫaḃairt do na caṫraċaiḃ i n‐a ndearnaḋ furṁór a ġníoṁarṫa éaċtaċ, toisc naċ ndearnadar aiṫriġe.

21 Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.

22 Aċt adeirim liḃ, gur sócaṁlaiġe do Ṫuire agus do Ṡídóin é, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná ḋaoiḃ‐se.

23 Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.

24 Aċt adeirim liḃ, gur saoráidiġe do ḋúṫaiġ Ṡodoim, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná ḋuit‐se.

25 Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:

26 is eaḋ, a Aṫair, mar ba é sin do ḋeaġ‐ṫoilse.

27 Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.

28 Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ.

29 Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.

30 Óir is mín mo ċuing‐se, agus is éadtrom m’ualaċ.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan