Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋáréag deisceabal, agus ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ar na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, ċum iad do ċaiṫeaṁ amaċ, agus ċum gaċ galar agus gaċ breoiteaċt do leiġeas.

2 Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair;

3 Pilib agus Parṫalán; Tomás, agus Maṫa, poibleacán; Séamas mac Alfaeuis, agus Taddéus;

4 Síomón Cánaníteaċ, agus lúdás Iscariót, an té do ḃraiṫ é.

5 Do ċuir Íosa an dáréag sin amaċ, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Ná téiġiḋ isteaċ i sliġe na bPágánaċ, agus na téiġiḋ isteaċ i gcaṫraċaiḃ na Samáritánaċ;

6 aċt téiġiḋ fá ḋéin na gcaoraċ fáin de ṫeaġlaċ Israel ṫar ċáċ.

7 Agus, sa tsliġe ḋaoiḃ, biḋiḋ ag craoḃscaoileaḋ, g‐á ráḋ, Atá rioġaċt neiṁe i ngiorraċt daoiḃ.

8 Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce.

9 Ná soláṫruiġiḋ ór, ná airgead, ná prás i n‐ḃúr gcreasaiḃ;

10 ná mála i gcóṁair an aistir, ná ḋá ċasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibriḋe a ċuid biḋ.

11 Agus cibé caṫair nó baile beag ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, cuiriḋ tuairisc deaġ‐ḋuine ann; agus fanaiḋ annsin nó go raiḃ siḃ ag imṫeaċt.

12 Agus ag dul isteaċ sa tiġ ḋaoiḃ, beannuiġiḋ ḋó.

13 Agus má’s fiú an teaċ sin é, tigeaḋ síoṫċáin uaiḃ ar an tiġ: aċt muna fiú, filleaḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin.

14 Agus cibé duine naċ nglacfaiḋ siḃ, nó naċ n‐éistfiḋ le n‐ḃúr mbriaṫraiḃ, ag imṫeaċt as an tiġ, nó as an gcaṫair sin daoiḃ, croṫaiḋ an luaiṫreaḋ de ḃúr gcosaiḃ.

15 Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is fearr go mór éireoċas le tír Ṡodom agus Ġomorra, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná leis an gcaṫair sin.

16 Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.

17 Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;

18 agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.

19 Aċt nuair ḃéarfas siad ar láiṁ siḃ, ná bíoḋ sé n‐a ċás agaiḃ cionnas laḃarfas siḃ, nó créad adéarfas siḃ: óir doḃéarfar daoiḃ, an uair sin féin, an niḋ laḃarfas siḃ.

20 Óir ní siḃ féin laḃarfas, aċt Spiorad ḃúr n‐Aṫar laḃarfas ionnaiḃ.

21 Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac: agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aiṫreaċ agus a máiṫreaċ, agus imreoċaid bás orṫa.

22 Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.

23 Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.

24 Ní ṡáruiġeann an deisceabal a ṁúinteoir, agus ní ṡáruiġeann an searḃónta a ṫiġearna.

25 Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é!

26 Ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa, d’á ḃriġ sin: óir ní ḟuil aon niḋ fá ċlúid naċ noċtfar; agus ni ḟuil aon niḋ fá ċeilt naċ n‐aiṫneoċar.

27 An méid adeirim liḃ sa dorċadas, abraiḋ‐se sa tsolas é: agus an méid ċluineas siḃ sa gcluais, craoḃscaoiliḋ ar ḃárraiḃ na dtiġṫe é.

28 Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.

29 Naċ ndíoltar ḋá ġealḃan ar ḟeoirling? Agus ní féidir go dtuitfeaḋ gealḃan aca ċum talṁan gan cead ḃúr n‐Aṫar:

30 aċ maidir liḃ‐se, atá ribí ḃúr ngruaige féin cóṁairiġṫe.

31 Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin; is mó le ráḋ siḃ‐se go mór ’ná mórán gealḃan.

32 D’á ḃriġ sin, gaċ duine adṁóċas mise i láṫair na ndaoine, adṁóċad‐sa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.

33 Aċt an té ṡéanfas mé i láṫair na ndaoine, séanfadsa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.

34 Ná measaiḋ gur ċum síoṫċáin do ċur ar an dtalaṁ ṫánag‐sa: ní ċum síoṫċáin do ċur ṫánag, aċt ċum claiḋeaṁ do ċur ann.

35 Óir ṫánag ċum an duine do ċur i gcoinniḃ a aṫar, agus an inġean do ċur i gcoinniḃ a máṫar, agus bean an ṁic do ċur i gcoinniḃ máṫar a céile:

36 agus is iad muinntear a ṫiġe féin ḃéas mar náiṁdiḃ ag an duine.

37 An té gurb annsa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a ṁac nó a inġean ’ná mise ní fiu é mise.

38 Agus an té naċ dtógann a ċros agus naċ leanann im’ ḋiaiḋ‐se, ní fiú liom é.

39 Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.

40 An té ġlacas siḃ‐se glacann sé mise, agus an té ġlacas mise glacann sé an té do ċuir uaiḋ mé.

41 An té ġlacas fáiḋ i n‐ainm fáiḋe do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fáiḋe; agus an té ġlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fíréin.

42 Agus cibé duine ḃéarfas fiú cupáin fíor‐uisce d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so, i n‐ainm deisceabail, adeirim liḃ go fírinneaċ naċ gcaillfiḋ sé a luaiġeaċt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan