Lúcas 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do ḃí a ḃriaṫra go léir críoċnuiġṫe aige i n‐éisteaċt na ndaoine, do ċuaiḋ sé isteaċ i gCafarnaúm. 2 Agus do ḃí seirḃíseaċ ceanntúra áiriṫe, fear do b’ionṁain le n‐a ṁáiġistir, do ḃí sé breoite agus i rioċtaiḃ báis. 3 Agus nuair do‐ċuala sé i dtaoḃ Íosa, do ċuir sé ċuige cuid de ṡeanóiriḃ na nIúdaċ, g‐á iarraiḋ air teaċt agus a ṡeirḃíseaċ do leiġeas. 4 Agus nuair ṫángadar‐san ċum Íosa d’aṫċuinġeadar go dian air, g‐á ráḋ, Is fiú é go ndéanfá an niḋ sin dó; 5 óir atá gráḋ aige d’ár gcineaḋ, agus do ṫóg sé féin ár sionagóg dúinn. 6 Agus do‐ċuaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair naċ raiḃ sé i ḃfad ó’n tiġ, do ċuir an ceanntúir cáirde leis ċuige, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ fám’ ḋíon: 7 agus uime sin níor ṁeasas go mb’ ḟiú mé féin teaċt id airċis: aċt abair an focal aṁáin, agus leiġeasfar mo ġiolla. 8 Óir is duine mise atá fá ċeannas, agus atá saiġdiúirí fá smaċt agam: agus adeirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ ṡeirḃíseaċ, Déan so, agus do‐ġní sé é. 9 Agus nuair do‐ċuala Íosa an méid sin, ba iongnaḋ mór leis é, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an sluaġ do ḃí g‐á leanaṁain, Adeirim liḃ, Naċ ḃfuaras an oiread sin creidiṁ i nIsrael féin. 10 Agus na daoine do cuireaḋ ċuige, nuair d’ḟilleadar ċum an tiġe, fuaradar an seirḃíseaċ slán, leiġeasta. 11 Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé go caṫair ar a dtugtar Náin, agus do ċuaiḋ a ḋeisceabail agus sluaġ mór daoine i n‐éinḟeaċt leis. 12 Agus nuair do ḃí sé ag teaċt i ngar do ġeata na caṫraċ, féaċ, do ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aon‐ṁac a ṁáṫar, agus ise ’n‐a baintreaḃaiġ: agus do ḃí mórán de ṁuinntir na caṫsaċ ’n‐a foċair. 13 Agus nuair do ċonnaic an Tiġearna í, do ġaḃ truaġ ḋí é, agus aduḃairt sé léi, Ná bí ag gol. 14 Agus táinig sé agus do ċuir sé a láṁ ar an gcróċar: agus do stad an luċt iomċair Agus aduḃairt sé, A óigḟir, adeirim leat, Éiriġ. 15 Agus d’éiriġ an duine marḃ ’n‐a ṡuiḋe, agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt. 16 Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire. 17 Agus do leaṫ an tuaraisc seo amaċ ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúiṫċe má gcuaird. 18 Agus d’innis deisceabail Eoin na scéala sin go léir dó. 19 Agus do ġlaoḋ Eoin ċuige beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus do ċuir sé ċum an Tiġearna iad, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile? 20 Agus nuair ṫáinig na fir ċuige, aduḃradar, Do ċuir Eoin Baiste ċugat‐sa sinn, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile? 21 Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall, 22 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ. 23 Agus is aoiḃinn do’n té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnaim‐se. 24 Agus nuair do ḃí deisceabail Eoin imṫiġṫe, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leis an sluaġ i dtaoḃ Eoin, Créad é go ndeaċaḃar amaċ sa ḃfásaċ le n’ḟeicsin? giolcaċ d’á luascaḋ ag an ngaoiṫ? 25 Aċt créad é go ndeaċaḃar amaċ le n’ḟeicsin? Duine agus éadaiġe míne air? Féaċ, iad‐san go mbíonn éadaiġe maiseaċa umpa, agus go mbíonn saoġal sócaṁlaċ aca, is i dtiġṫiḃ na ríoġ ḃíd. 26 Aċt créad é go ndeaċamar amaċ le n’ḟeicsin? Fáiḋ an eaḋ? Is eaḋ adeirim liḃ, agus duine is mó go mór ’ná fáiḋ. 27 Is é sin an té go ḃfuil scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ, Féaċ, cuirim mo ṫeaċtaire ar d’aġaiḋ amaċ, Agus réiḋteoċaiḋ sé do ṡliġe róṁat. 28 Adeirim liḃ, Ar a rugaḋ ó ṁnáiḃ ní ḟuil aoinneaċ is mó ’ná Eoin; aċt ċeana an té is luġa i ríoġaċt Dé is mó é ’ná eisean. 29 (Agus nuair do‐ċuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’adṁuiġeadar fíréantaċt Dé, d’á mbaisteaḋ féin le baisteaḋ Eoin. 30 Aċt do ḋiúltuiġ na Fairisíniġ agus ollaṁain na dliġe de’n ċóṁairle do ċinn Dia ’n‐a dtaoḃ féin gan baisteaḋ do ġlacaḋ uaiḋ.) 31 Cia leis, d’á ḃriġ sin, go saṁlóċad muinntear an ċiniḋ seo, agus cia leis gur cosṁail iad? 32 Is cosṁail iad le leanḃaiḃ ’n‐a suiḋe ar áit an ṁargaiḋ, agus iad ag glaoḋaċ ar a ċéile g‐á ráḋ, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar daṁsa; do‐rinneamar caoineaḋ, agus ní ḋearnaḃar gol. 33 Óir ṫáinig Eoin Baiste gan ḃeiṫ ag iṫe aráin ná ag ól fíona; agus adeir siḃ, Atá deaṁan ann. 34 Ṫáinig Mac an Duine, agus é ag iṫe agus ag ól; agus adeir siḃ, Féaċ, an duine craosaċ, pótaire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! 35 Agus fíoruiġtear an eagna tré n‐a clainn féin go léir. 36 Agus d’iarr duine de na Fairisíneaċaiḃ air biaḋ do ċaiṫeaṁ ’n‐a ḟoċair. Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an Ḟairisíniġ, agus do ṡuiḋ sé síos ċum biḋ. 37 Agus féaċ, bean de’n ċaṫair, peacaċ, nuair do ḃí a ḟios aici go raiḃ sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ, ṫug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint, 38 agus ’n‐a seasaṁ ḋí taoḃ ṫiar de i n‐aice a ċos, do ṫionnscain sí ag fliuċaḋ a ċos le n‐a deoraiḃ, agus do ṫiormuiġ sí le gruaig a cinn iad, agus do ḃí sí ag pógaḋ a ċos, agus g‐á n‐ongaḋ leis an uinneimeint. 39 Agus an Fairisíneaċ ṫug an cuireaḋ ḋó, nuair do ċonnaic sé sin, aduḃairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáiḋ an fear so, do ḃéaḋ a ḟios aige cia h‐í an ḃean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacaċ í. 40 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, A Ṡíomóin, atá focal agam le ráḋ leat. Agus aduḃairt seisean, Abair leat, a Ṁáiġistir. 41 Do ḃí iasaċtaiḋe ann agus beirt i ḃfiaċa aige: do ḃí cúig céad pinginn aige ar ḋuine aca, agus deiċ is dá ḟiċid pinginn ar an duine eile. 42 Agus nuair naċ raiḃ ar ċumas dóiḃ íoc, do ṁaiṫ sé ḋóiḃ araon é. Cia aca ḋíoḃ is mó gráḋ ḋó? 43 D’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, Measaim gurb é an té d’ár ṁaiṫ sé an ċuid is mó. Agus aduḃairt seisean leis, Is maiṫ í do ḃreiṫ. 44 Agus ag casaḋ ċum na mná ḋó, aduḃairt sé le Síomón, An ḃfeiceann tú an ḃean so? Ṫáinig mise isteaċ id’ ṫiġ‐se, ní ṫug tú uisce dom’ ċosaiḃ ḋom: aċt d’ḟluiċ sise mo ċosa le n‐a cuid deor, agus do ṫiormuiġ sí le n‐a gruaig iad. 45 Ní ṫugais‐se póg dom, aċt ó ṫáinig mise isteaċ níor stad sí de ḃeiṫ ag pógaḋ mo ċos. 46 Níor ongais‐se mo ċeann le h‐ola: aċt d’ong sise mo ċosa le h‐uinneimeint. 47 D’á ḃriġ sin adeirim leat, Atá a peacaiḋe, a lán mór peacaiḋe, maiṫte ḋí; óir ba ṁór é a gráḋ: aċt an té d’á maiṫtear beagán, is beag é a ġráḋ. 48 Agus aduḃairt sé léi‐se, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit. 49 Agus na daoine do ḃí ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḟoċair, do ṫosnuiġeadar ar a ráḋ eadorṫa féin, Cia h‐é seo ṁaiṫeas fiú aṁáin peaċaiḋe? 50 Agus aduḃairt sé leis an mnaoi, Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society