Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla, ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair dó, sabóid aṁáin, go raiḃ na deisceabail ag baint na ndias, agus g‐á gcuimilt idir a mbosaiḃ, agus g‐á h‐iṫe.

2 Aċt do ḃí cuid de na Fairisíneaċaiḃ aduḃairt, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag déanaṁ niḋ naċ dlisteanaċ, lá na sabóide?

3 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, An é nár léiġeaḃar i dtaoḃ Ḋáiḃi, an tráṫ ’n‐a raiḃ ocras air féin, agus orṫa‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair;

4 cionnas do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé, agus do ṫóg sé arán na toirḃirte agus d’iṫ sé é, agus ṫug sé dóiḃ‐sean, cóṁ maiṫ, do ḃí ’n‐a ḟoċair iad; arán nár ċeart d’aoinneaċ d’iṫe, aċt do na sagartaiḃ aṁáin.

5 Agus aduḃairt sé leo, Is Tiġearna Mac an Duine ar an tsabóid féin.

6 Agus ṫarla, sabóid eile, go ndeaċaiḋ sé isteaċ sa tsionagóig, agus go raiḃ sé ag teagasc: agus do ḃí fear ann go raiḃ a láṁ ḋeas seargṫa?

7 Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ag faire air, d’ḟéaċain an ndéanfaḋ sé leiġeas, lá na sabóide; le súil go mbéaḋ cúis aca le cur ’n‐a leiṫ.

8 Aċt d’aiṫniġ seisean a smaointe; agus aduḃairt sé le fear na láiṁe seargṫa, Éiriġ id’ ṡeasaṁ, agus seas i lár baill.

9 Agus d’éiriġ sé agus do ṡeas. Agus aduḃairt Íosa leo, Fiafruiġim díḃ, Ciaca is cóir maiṫ do ḋéanaṁ, nó olc do ḋéanaṁ, ar an tsabóid, anam duine do ṡlánú, nó do ṁilleaḋ?

10 Agus d’ḟéaċ sé ’n‐a ṫimċeall orṫa uile, agus aduḃairt sé leis, Sín amaċ do láṁ uait. Do ṡín, agus do ḃí a láṁ slán aige.

11 Agus do ḃíodar‐san lán de ċúṫaċ; agus do ġlacadar cóṁairle le ċéile d’ḟéaċain créad do ḋéanfaidís le h‐Íosa.

12 Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé amaċ ar an gcnoc ċum urnaiġe do ḋéanaṁ; agus d’ḟan sé ar feaḋ na h‐oiḋċe ag guiḋe ċum Dé.

13 Agus nuair ṫáinig an lá, do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail: agus do ṫoġ sé dáréag aca, d’as ġoir sé apstail;

14 Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a ḋearḃráṫair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parṫalán,

15 agus Maṫa, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaéuis, agus Síomón ar a dtugtar Sélótés,

16 agus Iúdás Ṡéamais, agus Iúdás Iscariót an braṫadóir;

17 agus ṫáinig sé anuas i n‐éinḟeaċt leo, agus do ṡeas sé ar áit réiḋ, agus sluaġ mór d’á ḋeisceablaiḃ, agus liaċt mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐ḃórd Ṫuire agus Ṡídóine, daoine ṫáinig ċum go n‐éistfidís leis, agus ċum go leiġeasfaiḋe a ngalair;

18 agus do leiġeasaḋ iad‐san do ḃí d’á gciapaḋ ag spioraidiḃ neaṁ‐ġlana.

19 Agus do ḃí an sluaġ go léis ag iarraiḋ cuimilt leis: óir do ḃí cuṁaċt ag teaċt amaċ uaiḋ do ṡlánuiġ iad go léir.

20 Annsin, ag taḃairt súl ar a ḋeisceablaiḃ dó, aduḃairt sé, Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá boċt: oir is liḃ ríoġaċt Dé.

21 Is aoiḃinn daoiḃ‐se ar a ḃfuil ocras anois: óir sásóċar siḃ. Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá ag gol anois: óir do‐ġéanaiḋ siḃ gáiriḋe.

22 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.

23 Déanaiḋ gáirdeaċas, an lá sin, agus léimneaċ: óir féaċ, is mór é ḃúr luaiġeaċt ar neaṁ: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáiḋiḃ.

24 Aċt is mairg daoiḃ‐se atá saiḋḃir! óir atá ḃúr sólás agaiḃ ċeana féin.

25 Is mairg daoiḃ‐se atá sáiṫeaċ anois! óir béiḋ ocras oraiḃ. Is mairg daoiḃ‐se atá ag gáiriḋe anois! óir béiḋ siḃ ag caoi agus ag gol.

26 Is mairg daoiḃ nuair ḃéas na daoine ’g‐ḃúr molaḋ! óir is ar an gcuma ċéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáiḋiḃ bréige.

27 Aċt adeirim liḃ‐se atá ag éisteaċt liom, Taḃraiḋ gráḋ do ḃúr náiṁdiḃ, déanaiḋ maiṫ ḋóiḃ‐sean do‐ḃeir fuaṫ ḋaoiḃ.

28 Taḃraiḋ beannaċt dóiḃ‐sean do‐ḃeir mallaċt daoiḃ, déanaiḋ guiḋe orṫa‐san do‐ġní tromaiḋeaċt oraiḃ.

29 An té ḃuaileas ṫú ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis; agus an té ḃaineas do ḃrat díot ná h‐eitiġ do ċasóg air, ċóṁ maiṫ.

30 Taḃair dó‐san iarras niḋ ort; agus an té ṫógas do ċuid uait, ná h‐éiliġ air arís é.

31 Agus fá mar ba ṁaiṫ liḃ do‐ġéanaḋ daoine ḋaoiḃ, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean.

32 Agus má ḃeir siḃ gráḋ ḋóiḃ‐sean ag a ḃfuil gráḋ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas atá ag dul daoiḃ? óir bíonn gráḋ ag na peacaċaiḃ féin dóiḃ‐sean do‐ḃeir gráḋ ḋóiḃ.

33 Agus má ġníonn siḃ maiṫ ḋóiḃ‐sean do‐ġní maiṫ ḋaoiḃ, cad é an buiḋeaċas atá ag dul daoiḃ? óir do‐ġní na peacaiġ an niḋ céadna.

34 Agus má ḃeir siḃ iasaċt dóiḃ‐sean gur dóiġ liḃ go ḃfaiġiḋ siḃ niḋ uaṫa, cad é an buiḋeaċas atá ag dul daoiḃ? Óir do‐ḃeir na peacaiġ féin iasaċt uaṫa ċum an oiread céadna d’ḟáġáil ar ais arís.

35 Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.

36 Biḋiḋ trócaireaċ, d’á ḃriġ sin, fá mar atá ḃúr nAṫair trócaireaċ.

37 Agus ná beiriḋ breiṫ, agus ní béarfar breiṫ oraiḃ: agus ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ:

38 maiṫiḋ, agus maiṫfear daoiḃ: taḃraiḋ uaiḃ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ; tóṁas lán, dingṫe, croiṫte, ag cur ṫar maol, is eaḋ ṫiuḃras siad daoiḃ ’n‐ḃúr n‐uċt. Óir an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ar ais ċugaiḃ.

39 Agus do laḃair sé saṁlaoid leo, An féidir do ḋall dall do ṫreorú? Naċ dtuitfiḋ siad araon isteaċ sa díg?

40 Ní ḟuil an deisceabal os cionn a ṁáiġistir: aċt an té atá diongḃálta béiḋ sé mar a ṁáiġistir.

41 Agus cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ag féaċain ar an duḃradán atá i súil do ḃráṫar, agus naċ dtugann tú aire do’n tsail atá id’ ṡúil féin?

42 Nó cionnas is féidir leat a ráḋ led’ ḃráṫair, A ḃráṫair, leig dom an duḃradán atá id’ ṡúil do ḃaint aisti, agus naċ ḃfeiceann tú an tsail atá id’ ṡúil féin? A ḟíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do ṡúil féin, agus annsin doċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.

43 Óir ní ḟuil crann maiṫ do‐ḃeir droċ‐ṫoraḋ; ná droċ‐ċrann do‐ḃeir toraḋ maiṫ.

44 Óir as a ṫoraḋ is eaḋ aiṫeantar gaċ crann. Óir ní bailiġtear figí de ḋeilgniġ, ná ní bailiġtear caora fíneaṁna de ḋriseoig.

45 Do‐ḃeir an deaġ‐ḋuine an deaġ‐niḋ amaċ as deaġ‐stór a ċroiḋe; agus do‐ḃeir an droċ‐ḋuine an droċ‐niḋ amaċ as droċ‐stór a ċroiḋe: óir as líonṁaireaċt an ċroiḋe is eaḋ laḃras a ḃéal.

46 Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?

47 Gaċ duine ṫig ċugamsa, agus éisteas lem’ ḃriaṫraiḃ, agus do‐ġní d’á réir, taisbeánfad daoiḃ cia leis gur cosṁail é:

48 is cosṁail é le fear do ḃí ag tógáil tiġe, agus do ṫoċail go doiṁin síos sa talaṁ, agus do ċuir an bun ar an gcarraig: agus nuair ṫáinig an tuile, do ḃuail an raḃarta i gcoinniḃ an tiġe sin, agus níor ḟéad sé a ċorrú: óir do ḃí sé tógṫa go daingean.

49 Aċt an té éisteas, agus naċ ndéanann, is cosṁail eisean le fear do ṫóg teaċ ar an gcré gan bun faoi; agus gur ḃuail an tuile ’n‐a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé ar an láṫair; agus ba ṁór é tuitim an tiġe sin.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan