Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’ḟill Íosa, lán de’n Spiorad Naoṁ, ar ais ó Iórnán, agus do ṫreornuiġ an Spiorad sa ḃfásaċ é,

2 ar feaḋ dá ḟicid lá, agus an diaḃal ag cur caṫuiġṫe air. Agus níor iṫ sé éinniḋ i n‐imṫeaċt na laeṫeanta sin, agus nuair do ḃí deireaḋ leo, do ḃí ocras air.

3 Agus aduḃairt an diaḃal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloiċ seo go ndéantar arán dí.

4 Agus d’ḟreagair Íosa é, Atá scríoḃṫa, Ní h‐ar arán aṁáin ṁairfeas an duine.

5 Agus do ṫreoruiġ sé i n‐áirde é, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta an doṁain go léir, i n‐aon ṁóimeint aṁáin.

6 Agus aduḃairt an diaḃal leis, Do‐ḃéarfad duit‐se an ċuṁaċt uile sin, agus a mórḋaċt: óir tugaḋ daṁ‐sa é; agus tig liom a ḃronnaḋ ar an té is roġa liom.

7 D’á ḃriġ sin, má aḋrann tú róṁam‐sa, is leat‐sa an t‐iomlán.

8 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú an Tiġearna, do Ḋia, agus is dó‐san aṁáin ḋéanfasse tú irḃís.

9 Annsin do ṫreoruiġ sé go h‐Iarúsalem é, agus do ċuir sé ar ḃinn an teampaill é, agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caiṫ ṫú féin as so le fánaiḋ síos;

10 óir atá scríoḃṫa, Do‐ḃéarfaiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ, go gcuṁdóċaidís ṫú:

11 agus, Tógfaid ar a láṁaiḃ ṫú, Ar eagla go mbuailfeá do ċos, am ar biṫ, i gcoinniḃ cloiċe.

12 Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Atá ráiḋte, Ní ḋéanfair froṁaḋ ar an Tiġearna, do Ḋia.

13 Agus nuair do ḃí gaċ caṫú críoċnuiġṫe ag an diaḃal, d’imṫiġ sé uaiḋ ar feaḋ tamaill.

14 Agus ṫáinig Íosa ar ais, i gcuṁaċt an Spioraid, do’n Ġalilé: agus do leaṫ a ċlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird.

15 Agus ḃíoḋ sé ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus na daoine go léir g‐á ṁolaḋ.

16 Agus ṫáinig sé go Nasair, mar ar h‐oileaḋ é, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabóide, isteaċ sa tsionagóig, agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ ċum léiġṫeoireaċt do ḋéanaṁ.

17 Agus tugaḋ ḋó leaḃar Ésáias, fáiḋ. Agus d’ḟoscail sé an leaḃar, agus fuair sé an áit ’n‐a ḃfuil scríoḃṫa,

18 Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,

19 Ċum bliaḋna fáḃair an Tiġearna d’ḟógairt.

20 Agus do ḋún sé an leaḃar, agus ṫug sé ar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus do ṡuiḋ sé síos: agus do ḃí súile a raiḃ sa teampall ag féaċain go géar air.

21 Agus do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leo, Atá an scrioptúir cóiṁlíonta indiu i n‐ḃúr gcluasaiḃse.

22 Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo?

23 Agus aduḃairt seisean leo, Adéarfaiḋ siḃ liom, gan aṁras, an sean‐ḟocal so, A liaiġ, leiġeas ṫú féin: na neiṫe do‐ċualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ ḋúṫaiġ féin iad, leis.

24 Agus aduḃairt sé, Ní glactar le fáiḋ ar biṫ ’n‐a ḋúṫaiġ féin.

25 Aċt adeirim liḃ le fírinne, gurḃ iomḋa baintreaḃaċ do ḃí i nIsrael i laeṫiḃ Éliais, an tráṫ ’n‐a raiḃ an spéir dúnta ar feaḋ trí bliaḋan agus sé mí, an tráṫ ’n‐a raiḃ gorta ṁór sa tír ar fad;

26 aċt ní ċum aoinne aca‐san do cuireaḋ Élias, aċt aṁáin ċum mná do ḃí ’n‐a baintreaḃaiġ i Sarepta na Sídóine.

27 Agus is iomḋa loḃar do ḃí i nIsrael le linn Éliséus fáiḋ; agus níor glanaḋ soinne aca, aċt aṁáin Naaman an Siriaċ.

28 Agus do líonaḋ a raiḃ sa tsionagóig d’ḟeirg, ag éisteaċt leis na briaṫraiḃ sin dóib;

29 agus d’éiriġeadar, agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do rugadar leo é go malaiḋ an ċnuic ar a raiḃ a gcaṫair suiḋte, d’ḟonn a ċaiṫeaṁ le fánaiḋ síos.

30 Aċt do ġaḃ sé tré n‐a lár agus d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar.

31 Agus do‐ċuaiḋ sé síos go Cafarnaúm, caṫair atá sa nGalilé. Agus do ḃí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide;

32 agus do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc, de ḃriġ gur laḃair sé as cainnt uġdarásaiġ.

33 Agus do ḃí duine sa tsionagóig ’n‐a raiḃ spioraid deaṁain neaṁ‐ġlain; agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd,

34 Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé.

35 Agus do smaċtuiġ Íosa é, g‐á ráḋ, Bí id’ ṫost, agus tar amaċ as. Agus tar a éis do’n deaṁan a ṫreascairt ar lár, ṫáinig sé amaċ as gan aon díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó.

36 Agus do ġaḃ uaṫḃás iad uile, agus do ḃíodar ag laḃairt le ċéile, g‐á ráḋ, Cad is ciall do’n ċainnt seo? óir is le h‐uġdáras agus le cuṁaċt do‐ḃeir sé órdú do na spioraidiḃ neaṁ‐ġlana, agus tigeann siad amaċ.

37 Agus do leaṫ tuairisc ’n‐a ṫaoḃ ar fud na tíre má gcuaird.

38 Nuair d’éiriġ sé, ag imṫeaċt ó’n tsionagóig dó, do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡíomóin. Agus do ḃí fiaḃras trom ar ṁáṫair mná Ṡíomóin; agus do ċuireadar aṫċuinġe ar a son air.

39 Agus do ṡeas sé os a cionn, agus do smaċtuiġ sé an fiaḃras; agus d’imṫiġ sé ḋí: agus d’éiriġ sí ar an láṫair, agus do‐rinne sí frioṫáileaṁ orṫa.

40 Agus ag dul faoi do’n ġréin, na daoine go raiḃ muinntear leo tinn le galaraiḃ ar biṫ, ṫugadar ċuige iad; agus do ċuir sé a láṁa ar gaċ duine aca, agus do leiġeas sé iad.

41 Agus ṫáinig deaṁain as mórán, leis, ag liuġraiġ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Is tusa Mac Dé. Aċt do smaċtuiġ sé iad, agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir do b’eol dóiḃ gurḃ é an Criost é.

42 Agus le gealaḋ an lae, ṫáinig sé amaċ agus ċuaiḋ sé amaċ go h‐áit ḟásaṁail: agus do ḃi na sluaiġṫe g‐á lorg, agus ṫángadar ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé, agus do ḃíodar ag iarraiḋ a ċongḃáil, ċum naċ n‐imṫeoċaḋ sé uaṫa.

43 Aċt aduḃairt sé leo, Caiṫfiḋ mé déiġ‐scéala ríoġaċta Dé do ċraoḃscaoileaḋ ins na caṫraċaiḃ eile, ċóṁ maiṫ: óir is ċuige sin do cuireaḋ mé.

44 Agus do ḃí sé ag seanmórú i sionagógaiḃ na Galilé.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan