Lúcas 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus sa gcúigeaḋ bliaḋain déag de réimeas Ṫiberius Céasar, an tráṫ ’n‐a raiḃ Point Píoláid ’n‐a ċeannṗort ar lúdaea, agus Ioruaṫ ’n‐a ṫetrarċa ar an nGaililé, agus Pilib a ḋearḃráṫair ’n‐a ṫetrarċa ar Itúraea agus ar Ṫraċónítis, agus Lusanias ’n‐a ṫetrarċa ar Abiléne, 2 nuair do ḃí Annas agus Cáiafas ’n‐a h‐árd‐ṡagartaiḃ, ṫáinig briaṫar Dé ċum Eoin mac Ṡaċariais sa ḃfásaċ. 3 Agus ṫáinig sé isteaċ sa gceanntar i dtimċeall Iornán, ag fógairt baistiḋ na h‐aiṫriġe ċum maiṫeaṁnais na bpeacaḋ; 4 mar atá scríoḃṫa i leaḃar Ésáiais fáiḋ, Guṫ an té ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Réiḋtiġiḋ sliġe an Tiġearna, Déanaiḋ a ċosáin díreaċ, 5 Líonfar gaċ gleann, Agus ísleoċar gaċ sliaḃ agus cnoc; Agus díreoċar an cam, Agus déanfar na sliġṫe garḃa réiḋ; 6 Agus do‐ċífiḋ an uile ḟeoil slánú Dé. 7 Aduḃairt sé, d’á ḃriġ sin, leis an sluaġ do ċuaiḋ amaċ ċum go mbaistfeaḋ sé iad, A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cia d’ḟógair ḋaoiḃ‐se teiċeaḋ ó’n díḃfeirg atá le teaċt. 8 Taḃraiḋ uaiḃ, d’á ḃriġ sin, torṫaí oireas do ḃúr n‐aiṫriġe, agus ná tosnuiġiḋ ar a ráḋ liḃ féin, Atá Abraċam ’n‐a aṫair againn: óir adeirim liḃ, gur féidir le Dia slioċt d’Abraċam do ṫógáil ó na cloċaiḃ sin. 9 Agus ċeana féin atá an tuaġ curṫa ar ḟréiṁ na gcrann: gaċ uile ċrann, d’á ḃriġ sin, naċ dtugann toraḋ maiṫ uaiḋ, gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é. 10 Agus d’ḟiafruiġ an sluaġ uile ḋe, g‐á ráḋ, Má’s eaḋ, créad atá le déanaṁ againn? 11 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna. 12 Agus ṫáinig poibleacáin ċuige, leis, ċum go mbaistfiḋe iad, agus aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, créad atá le déanaṁ againne? 13 Agus aduḃairt sé leo, Ná h‐éiliġiḋ níos mó ’ná an méid atá dlisteanaċ. 14 Agus do ċuir saiġdiúirí ceist air, leis, g‐á ráḋ, Agus créad atá le déanaṁ againne? Agus aduḃairt sé leo, Ná déanaiḋ foiréigean ar aoinneaċ, agus ná h‐agraiḋ éinniḋ go h‐éagcóraċ; agus biḋiḋ sásta le n‐ḃúr dtuarastal. 15 Agus nuair do ḃí na daoine ag feiṫeaṁ, agus iad uile ag maċtnaṁ ’n‐a gcroiḋṫiḃ i dtaoḃ Eoin, arḃ ḟéidir gurḃ é an Críost é; 16 d’ḟreagair Eoin, agus aduḃairt sé leo, Baistim‐se le h‐uisce siḃ; aċt atá an té is treise ’ná mé ag teaċt, agus ní fiú mé go scaoilfinn iall a ḃróg: baistfiḋ seisean leis an Spiorad Naoṁ agus le teiniḋ siḃ: 17 atá a ġaoṫaċán ’n‐a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ ’n‐a scioból; aċt dóiġfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ ḋó‐ṁúċta. 18 Is iomḋa spreagaḋ eile ṫug sé do na daoiniḃ, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil dóiḃ; 19 aċt Ioruat, an tetrarċa, do ḃí smaċtuiġṫe aige i dtaoḃ Héródias, bean a ḋearḃráṫar, agus i dtaoḃ na ndroċ‐neiṫe uile do‐rinne Ioruaṫ, 20 do ċuir sé leo mar ḃárr ar gaċ niḋ, Eoin do ċur fá ġlas bpríosún. 21 Agus ṫarla, nuair do ḃí na daoine go léir baistṫe, agus ḃí Íosa baistṫe, agus ḃí sé ag guiḋe, gur fosclaḋ na flaiṫis, 22 agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas. 23 Agus do ḃí Íosa féin, ag tosnú ar ḃeiṫ tuairim deiċ mbliaḋna fiċead d’aois, agus do ḃí sé (mar raoileaḋ) ’n‐a ṁac ag Seosaṁ, mic Héli, 24 mic Ṁattat, mic Léḃi, mic Ṁelċi, mic Iannai, mic Ṡeosaiṁ, 25 mic Ṁattatias, mic Amós, mic Naúm, mic Esli, 26 mic Haggai, mic Ṁaát, mic Ṁattatias, mic Ṡemeí, mic Ióseċ, mic Ióda, 27 mic Ióanan, mic Résa, mic Ṡorobábel, mic Ṡalatiél, mic Néri, 28 mic Ṁelċi, mic Addi, mic Ċósam, mic Elmadam, mic Ér, 29 mic Íosa, mic Eliéser, mic Iórim, mic Ṁattat, mic Léḃi, 30 mic Ṡimeon, mic Iúda, mic Ṡeosaiṁ, mic Iónam, mic Eliacim, 31 mic Ṁelea, mic Ṁenna, mic Ṁattata, mic Natán, mic Ḋáiḃi, 32 mic Iesse, mic Óbéd, mic Ḃóos, mic Ṡala, mic Naasón, 33 mic Aminadab, mic Admi, mic Arni, mic Esrón, mic Ṗares, mic Iúda, 34 mic Iácóib, mic Íosóig, mic Abraċaim, mic Ṫára, mic Naċór, 35 mic Ṡerúċ, mic Ragú, mic Ṗálec, mic Eber, mic Ṡalá, 36 mic Ċainam, mic Arfacsad, mic Ṡeim, mic Naoi, mic Lameċ, 37 mic Ṁatúsala, mic Enóċ, mic Iáret, mic Ṁaleleél, mic Ċainan, 38 mic Enós, mic Ṡét, mic Áḋaiṁ, mic Dé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society