Lúcas 24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ġlacadar a suaiṁneas, lá na sabóide, de réir na h‐aiṫne. Aċt an ċéad lá de’n tseaċtṁain, le fáinniú an lae go moċ, ṫángadar go dtí an tuama, agtaḃairt na spíosraiḋ do ḃí ullṁuiġṫe aca leo. 2 Agus fuaradar an ċloċ iompuiġṫe i leaṫtaoiḃ ó’n tuama. 3 Agus do ċuadar isteaċ ann, agus ní ḟuaradar corp an Tiġearna Íosa. 4 Agus ṫarla, nuair do ḃí mearḃall orṫa ’n‐a ṫaoḃ sin, gur, féaċ, do ṡeas beirt ḟear ’n‐a n‐aice, agus éadaiġe lonnraċa orṫa: 5 agus do ḃí scannraḋ orṫa, agus do ċromadar a n‐aiġṫe ċum na talṁan, agus aduḃradar‐san leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag lorg an ḃeo i measc na marḃ? 6 Ní h‐annso atá sé, aċt atá sé aiséiriġṫe: cuiṁniġiḋ mar aduḃairt sé liḃ agus é fós san nGalilé, g‐á ráḋ 7 gurḃ éigean go dtiuḃarṫaiḋe Mac an Duine ar láiṁ do na peacaċaiḃ, agus a ċéasaḋ, agus a aiséirġe an treas lá. 8 Agus do ċuiṁniġeadar ar a ḃriaṫraiḃ, 9 agus d’ḟilleadar ó’n tuama, agus d’inniseadar na neiṫe sin uile do’n aon duine déag, agus do na daoiniḃ eile go léir. 10 Agus do b’iad Máire Ṁagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Ṡéamais, agus na mná eile do ḃí n‐a ḃfoċair d’innis na neiṫe sin do na h‐abstalaiḃ. 11 Aċt do ṁeasadar‐san naċ raiḃ ’n‐a mbriaṫraiḃ aċt mar ḃéaḋ cainnt gan ċéill; agus níor ċreideadar iad. 12 Aċt d’éiriġ Peadar, agus do riṫ sé isteaċ sa tuama; agus ag cromaḋ agus ag dearcaḋ isteaċ dó, do ċonnaic sé na h‐éadaiġe lín ann, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe ag déanaṁ ionganta d’á dtarla. 13 Agus féaċ, do ḃí beirt aca ag dul an lá céadna sin fá ḋéin baile ḃig darḃ ainm Emmáus, do ḃí trí fiċid staid ó Iarúsalem. 14 Agus do ḃíodar ag cóṁráḋ le ċéile i dtaoḃ na neiṫe sin uile do ṫuit amaċ. 15 Agus ṫarla, agus iad ag cainnt agus ag cóṁráḋ le ċéile, gur ṫarraing Íosa féin ’n‐a n‐aice, agus gur ṡiuḃail sé i n‐éinḟeaċt leo. 16-17 Agus do coisceaḋ a súile gan a aiṫint. Agus aduḃairt sé leo, Créad é an t‐aḋḃar cainnte atá agaiḃ, sa tsiuḃal daoiḃ? Agus do stadadar, agus cuma an ḃróin orṫa. 18 Agus d’ḟreagair duine aca, darḃ ainm Cléopas, agus aduḃairt sé leis, An tusa an ċéad duine aṁáin ċóṁnuiġeas i nIarúsalem naċ eol dó na neiṫe do ṫuit amaċ ins na laeṫiḃ seo? 19 Agus aduḃairt seisean leo, Créad iad na neiṫe? Agus aduḃradar‐san leis, Na neiṫe i dtaoḃ Íosa Nasarḋa do ḃí ’n‐a ḟáiḋ cuṁaċtaċ i ngníoṁ agus i mbriaṫar i láṫair Dé agus daoine: 20 agus cionnas ṫug na h‐árd‐ṡagairt agus ár n‐uaċtaráin ar láiṁ é le n‐a ḋaoraḋ ċum báis, agus do ċéasadar é. 21 Aċt do ḃí súil againne go mba eisean do ḃí ċum Israel d’ḟuascailt. Ṫairis sin, is é seo an treas lá ó ṫuit na neiṫe sin amaċ. 22 Agus fós do ḃí mná linn do ċuir iongnaḋ orainn, iar mbeiṫ ḋóiḃ ag an tuama le h‐éirġe lae; 23 agus nuair naċ ḃfuaradar a ċorp, ṫángadar, g‐á ráḋ go ḃfacadar mar ḃéaḋ taiḋḃreaḋ aingeal aduḃairt go raiḃ sé beo. 24 Agus do ċuaiḋ roinnt díoḃ‐san do ḃí n‐ár ḃfoċair go dtí an tuama, agus fuaradar mar aduḃairt na mná: aċt ní ḟacadar é féin. 25 Agus aduḃairt sé leo, A ḋaoine díċéilliḋe, dúr‐ċroiḋeaċa ċum gaċ a nduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁain! 26 Nárḃ éigean do’n Ċríost na neiṫe sin d’ḟulang ar an gcuma sin, agus dul isteaċ ’n‐a ġlóir? 27 Agus ag tosnú ḋó le Maois agus leis na fáiḋiḃ, do ṁíniġ sé ḋóiḃ gaċ a raiḃ ins na scrioptúiriḃ ’n‐a ṫaoḃ féin. 28 Agus do ḃíodar ag druidim leis an mbaile beag ċum a raḃadar ag dul: agus, de réir cosṁalaċta do ḃí sé ag dul níba ṡia. 29 Aċt do ċuireadar taṫant air, g‐á ráḋ, Fan againne: óir atá sé ’n‐a ṫráṫnóna, agus atá an lá caiṫte ċeana féin. 30 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ ag fanaṁain aca. Agus ṫarla, nuair do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ ’n‐a ḃfoċair, gur ṫóg sé an t‐arán, agus gur ḃeannuiġ sé é, agus gur ḃris agus go dtug sé ḋóiḃ é. 31 Agus do fosclaḋ a súile, agus d’aiṫniġeadar é: agus d’imṫiġ sé as a raḋarc. 32 Agus aduḃradar le ċéile, Naċ raiḃ ár gcroiḋeaċa ar lasaḋ ionnainn nuair do ḃí sé ag cainnt linn ar an mbóṫar, agus é ag míniú briġe na scrioptúir dúinn? 33 Agus d’éiriġeadar an uair ċéadna sin, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus fuaradar an t‐aon duine déag, agus iad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt leo i ḃfoċair a ċéile, 34 agus aduḃradar‐san leo, Atá an Tiġearna éiriġṫe go deiṁin, agus do ṫaisbeán sé é féin do Ṡíomón. 35 Agus d’inniseadar féin gaċ ar ṫuit amaċ ar an sliġe, agus cionnas d’aiṫniġeadar é ar ḃriseaḋ an aráin. 36 Agus le linn na cainnte sin dóiḃ, do ṡeas sé féin ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ. 37 Aċt do ḃí scannraḋ agus criṫ‐eagla orṫa, agus do ṡíleadar gur spioraid do ċonnacadar. 38 Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a ḃfuil buaiḋirt oraiḃ? agus cad ċuige a ḃfuil ceisteanna ag éirġe i n‐ḃúr gcroiḋe? 39 Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise atá ann: cuiriḋ ḃúr láṁa orm, agus féaċaiḋ; óir ní ḟuil feoil agus cnáṁa ag spioraid, mar do‐ċí siḃ a ḃeiṫ agam‐sa. 40 Agus nuair aduḃairt sé an méid sin, do ṫaisbeán sé a láṁa agus a ċosa ḋóiḃ. 41 Agus ó ḃíodar díċreidṁeaċ fós le méid a n‐áṫais, agus iad ag déanaṁ ionganta, aduḃairt sé leo, An ḃfuil rud ar biṫ le n’iṫe agaiḃ annso? 42 Agus ṫugadar dó blúire d’iasc rósta. 43 Agus do ġlac sé é, agus d’iṫ sé é os a gcóṁair. 44 Agus aduḃairt sé leo, Is iad so na briaṫra do laḃras liḃ, an ḟaid do ḃíos fós ’n‐ḃúr ḃfoċair, gurḃ éigean gaċ a ḃfuil scríoḃṫa i reaċt Ṁaoise, agus ins na fáiḋiḃ, agus ins na salmaiḃ, im’ ṫaoḃ‐sa, do ċóiṁlíonaḋ. 45 Annsin d’ḟoscail sé a h‐inntinn dóiḃ, ċum go dtuigfidís na scrioptúirí; 46 agus aduḃairt sé leo, Is aṁlaiḋ atá scríoḃṫa gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus aiséirġe ó na marḃaiḃ an treas lá; 47 agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem. 48 Agus is fiaḋnaisí siḃ‐se ar na neiṫiḃ sin. 49 Agus féaċ, atáim ag cur geallaṁna m’Aṫar ċugaiḃ: aċt fanaiḋ‐se sa gcaṫair, nó go gclúduiġtear siḃ le cuṁaċt ó neaṁ. 50 Agus rug sé amaċ fá ḋéin Ḃetánia iad: agus do ṫóg sé a láṁa, agus do ḃeannuiġ sé iad. 51 Agus ṫarla, nuair do ḃí sé g‐á mbeannaċaḋ, gur scar sé leo, agus gur tógaḋ suas é ins na flaiṫeasaiḃ. 52 Agus d’aḋradar é, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem lán d’áṫas: 53 agus do ḃídís de ġnáṫ sa teampall, ag aḋṁolaḋ Dé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society