Lúcas 23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus d’éiriġ a raiḃ sa gcruinniú, agus rugadar ċum Píoláid é. 2 Agus do ṫosnuiġeadar ar neiṫiḃ do ċur ’n‐a leiṫ, g‐á ráḋ, Fuaramar an fear so ag déanaṁ toirmisc i measc ár gciniḋ, agus ag cosc cánaċ do ṫaḃairt do Ċéasar, agus é g‐á ráḋ gur ab é féin Críost rí. 3 Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, Adeirir é. 4 Agus aduḃairt Píoláid le h‐uaċtaránaiḃ na sagart, Ní ḟaiġim aon loċt sa duine seo. 5 Aċt ba ḋéine d’áitiġeadar air, g‐á ráḋ, Atá sé ag buaiḋreaḋ na ndaoine, ag tosnú ḋó ó’n nGalilé go dtí an áit seo. 6 Aċt nuair do‐ċuala Píoláid sin, d’ḟiafruiġ sé ar Ġaliléaċ an fear. 7 Agus nuair do ṫuig sé gur le líomatáiste Ioruaiṫ do ḃain sé, do ċuir sé ċum Ioruaiṫ é, mar ḃí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin. 8 Agus nuair do ċonnaic Ioruaṫ Íosa, do ḃí an‐áṫas air: óir do b’ḟada do ḃí sé ag súil le n‐a ḟeicsin, de ḃriġ go gcuala sé tráċt air; agus do ḃí súil aige go ḃfeicfeaḋ sé míorḃail éigin d’á déanaṁ aige. 9 Agus do ċuir sé a lán ceisteann air; aċt ní ṫug seisean freagra ar biṫ air. 10 Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ’n‐a seasaṁ, agus iad g‐á ċionntú go dian. 11 Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é. 12 Agus do‐rinneaḋ caradas an lá sin idir Ioruaṫ agus Píoláid: óir do ḃíodar ’n‐a náiṁdiḃ d’á ċéile roiṁe sin. 13 Agus do ċruinniġ Píoláid uaċtaráin na sagart, agus na ceann‐ṗuirt, agus na daoine le ċéile, agus aduḃairt sé leo, 14 Ṫugaḃar ċugam an fear so mar ḋuine atá ag buaiḋreaḋ na ndaoine agus féaċ, tar a éis dom a ċeistiú ’n‐ḃúr ḃfiad naise, ní ḟuaras cionntaċ é ins na neiṫiḃ atá agaiḃ‐se d’á gcur ’n‐a leiṫ: 15 agus ní luġa naċ ḃfuair Ioruaṫ: óir do ċuir seisean ar ais ċugainn é; agus féaċ, ní ḟuil éinniḋ déanta aige ṫuilleas bás. 16 Ar an áḋḃar sin smaċtóċad é agus scaoilfead saor é. 18 Aċt do ġlaoḋadar go léir amaċ d’aon ġuṫ, g‐á ráḋ, Glan as an tsliġe é so, agus scaoil ċugainn Barabbas: 19 duine do ḃí curṫa i bpríosún mar ġeall ar ċeannairc do‐rinneaḋ sa gcaṫair, agus mar ġeall ar ḋúnṁarḃaḋ. 20 Agus do laḃair Píoláid leo arís, agus é ag iarraiḋ Íosa do leigean saor; 21 aċt do ġlaoḋadar amaċ, g‐á ráḋ, Céas, céas é. 22 Agus aduḃairt sé leo an treas uair, Cad ċuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní ḟuaras‐sa aon ċúis báis ann: smaċtóċad é, d’á ḃriġ sin, agus scaoilfead saor é. 23 Aċt do ṡeasadar go dána, ag glaoḋaċ i n‐árd a ngoṫa, ag iarraiḋ é do ċéasaḋ. Agus do ḃuaiḋ a nglór. 24 Agus ṫug Píoláid mar ḃreiṫ go ndéanfaiḋe an niḋ d’iarradar air. 25 Agus do scaoil sé saor an duine do cuireaḋ i bpríosún mar ġeall ar ċeannairc agus ar ḋúnṁarḃaḋ, an duine d’iarradar; aċt ṫug sé Íosa ḋóiḃ ċun a dtoil d’imirt air. 26 Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa. 27 Agus do ḃí sluaġ mór daoine g‐á leanaṁain, agus mná, agus iad ag caoin‐ġol agus ag déanaṁ truaiġe ḋó. 28 Aċt d’iompuiġ Íosa ċuca, agus aduḃairt sé, A inġeana Iarúsalem, ná biḋiḋ ag gol ar mo ṡon‐sa, aċt ar ḃúr son féin, agus ar son ḃúr gclainne. 29 Óir, féaċ, atá na laeṫe ag teaċt ’n‐a ndéarfar, Is aoiḃinn dóiḃ‐sean atá aimrid, agus do na bronnaiḃ naċ rug clann, agus do na cíoċaiḃ nár ṫál. 30 Tosnóċaid annsin ar a ráḋ leis na sléiḃtiḃ, Tuitiḋ anuas orainn; agus leis na cnocaiḃ, Clúduiġiḋ sinn. 31 Óir má ġníd na neiṫe seo san aḋmad úr, créad do‐ġéantar san aḋmad críon? 32 Agus do ḃí beirt eile, cuirpṫiġ, do seolaḋ i n‐éinḟeaċt leis ċum go gcuirfiḋe ċum báis iad. 33 Agus nuair do ṡroiċeadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do ċéasadar annsin é, agus na cuirpṫiġ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar a láiṁ ċlé. 34 Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ. 35 Agus do ḃí na daoine ’n‐a seasaṁ ag féaċain. Agus do ḃí na h‐uaċtaráin, leis, ag taḃairt tarcuisne ḋó, g‐á ráḋ, D’ḟuascail an té seo daoine eile; fuasclaḋ sé é féin, má’s é an Críost é, do ṫoġ Dia. 36 Agus do ḃí na saiġdiúirí, mar an gcéadna, ag magaḋ faoi, ag teaċt ċuige, ag tairgsin ḃínéagra ḋó, 37 agus iad g‐á ráḋ, Má’s tú Rí na nIúdaċ, saor ṫú féin. 38 Agus do ḃí scríḃinn os a ċionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDAĊ. 39 Agus duine de na cuirpṫeaċaiḃ do croċaḋ ṫug sé masla ḋó, g‐á ráḋ, Naċ tusa an Críost? saor ṫú féin agus sinne. 40 Aċt d’ḟreagair an duine eile, agus do ċeartuiġ sé é, g‐á ráḋ, An aṁlaiḋ naċ ḃfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐ḃreiṫ ċéadna? 41 Sinne, go deiṁin, san gceart; óir is ag díol as a ḃfuil déanta againn atáimíd: aċt ní ḋearna an fear so mí‐ġníoṁ ar biṫ. 42 Agus aduḃairt sé, A Íosa, cuiṁniġ orm‐sa nuair ṫiocfas tú id’ ríoġaċt. 43 Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas. 44 Agus do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire, agus do leaṫ dorċadas ar an talaṁ uile go dtí an naoṁaḋ h‐uair, 45 solas na gréine ag dul i laiġead: agus do réabaḋ brat an teampaill tré n‐a lár. 46 Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis. 47 Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so. 48 Agus na sluaiġte ṫáinig le ċéile ag féaċain ar an raḋarc sin, nuair do ċonnacadar gaċ a dtarla, d’ḟilleadar agus iad ag bualaḋ a n‐uċt. 49 Agus a luċt aiṫeantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do ṡeasadar i ḃfad uaiḋ, ag féaċain ar na neiṫiḃ sin. 50 Agus féaċ, fear darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir, 51 fear cóir fíréanta (níor aontuiġ sé le ’n‐a gcóṁairle ná le n‐a ngníoṁ), fear as Arimatéa, caṫair de ċaṫraċaiḃ na nIúdaċ, do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé: 52 do‐ċuaiḋ an fear so ċum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53 Agus do ṫóg sé anuas é, agus d’ḟill sé i línéadaċ é, agus do ċuir sé é i dtuama do ḃí gearrṫa i gcarraig, tuama nár cuireaḋ aon duine riaṁ roiṁe sin ann. 54 Agus ba é lá an Ullṁuiġṫe do ḃí ann, agus do ḃí an tsabóid ag teaċt. 55 Agus na mná ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ċonnacadar an tuama, agus cionnas ḃí a ċorp curṫa ann. 56 Agus d’ḟilleadar ar ais, agus d’ullṁuiġeadar spíosraḋ agus uinnimeintí. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society