Lúcas 22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ḃí féile an aráin gan laiḃín, d’á ngoirṫear an Ċáisc, ag teaċt i n‐aiṫġiorraċt. 2 Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag iarraiḋ cionnas ċuirfidís ċum báis é; óir do ḃí eagla na ndaoine orṫa. 3 Agus do ċuaiḋ Sátan isteaċ i nIúdás Iscariót, duine de’n dáréag. 4 Agus d’imṫiġ sé, agus do ġlac sé cóṁairle le h‐uaċtaránaiḃ na sagart agus leis na ceann‐ṗortaiḃ, cionnas ḃéarfaḋ sé ar láiṁ dóiḃ é. 5 Agus do ḃí áṫas orṫa, agus do‐rinneadar margaḋ leis go dtiuḃraidís airgead dó. 6 Agus do réiḋtiġ sé leo, agus do ḃí sé ag iarraiḋ faille ar a ṫaḃairt suas dóiḃ nuair naċ mbéaḋ na daoine ann. 7 Agus ṫáinig lá an aráin gan laiḃín, nuair ba ċeart uan na Cásca do ṁarḃaḋ. 8 Agus do ċuir sé uaiḋ Peadar agus Eoin, g‐á ráḋ, Téiġiḋ agus ullṁuiġiḋ an Ċáisc dúinn, go n‐iṫimíd é. 9 Agus aduḃradar leis, Cia an áit i n‐ar toil leat go n‐ullṁóċaimís é? 10 Agus aduḃairt sé leo, Féaċ, ar ḋul isteaċ sa gcaṫair ḋaoiḃ, casfar oraiḃ fear agus soiṫeaċ uisce ar iomċar aige; leanaiḋ eisean isteaċ sa tiġ i n‐a ḃfuil sé ag dul. 11 Agus adéarfaiḋ siḃ le fear an tiġe, Adeir an Máiġistir leat, Cá ḃfuil an seomra aoiġeaċta, i n‐a n‐íosfad an Ċáisc i gcuiḃreann mo ḋeisceabal? 12 Agus taisbeánfaiḋ sé ḋaoiḃ seomra mór uaċtaraċ agus é i gcóir; ullṁuiġiḋ annsin. 13 Agus do ċuadar, agus fuaradar mar aduḃairt sé leo: agus d’ullṁuiġeadar an ċáisc. 14 Agus nuair ṫáinig an t‐am, do ṡuiḋ sé síos, agus na h‐abstail ’n‐a ḟoċair. 15 Agus aduḃairt sé leo, Ba ṁór an fonn do ḃí orm an ċáisc seo d’iṫe i n‐ḃúr ḃfoċair sara ḃfulaingeoċad: 16 óir adeirim liḃ, Ní íosfad é, nó go gcóiṁlíontar é i ríoġaċt Dé. 17 Agus do ṫóg sé cupán, agus ṫug sé buiḋeaċas, agus aduḃairt sé, Glacaiḋ, agus roinniḋ é seo eadraiḃ: 18 óir adeirim liḃ, Ní ólfad feasta de ṫoraḋ na fíneaṁna, nó go dtigiḋ ríoġaċt Dé. 19 Agus do ṫóg sé arán, agus nuair ṫug sé buiḋeaċas, do ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, g‐á ráḋ, Is é seo mo ċorp do‐ḃeirṫear ar ḃúr son‐sa: déanaiḋ so mar ċuiṁneaṁ orm‐sa. 20 Agus an cupán, mar an gcéadna, tar éis suipéir, g‐á ráḋ, Is é an cupán so an tiomna nua im’ ḟuil‐se doirtear amaċ ar ḃúr son‐sa. 21 Aċt féaċ, atá láṁ an té atá ’gam’ ḃraiṫ ar an mbórd im’ ḟoċair. 22 Óir atá Mac an Duine ag imṫeaċt go cinnte, fá mar atá órduiġṫe: aċt is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraiṫtear é! 23 Agus do ṫosnuiġeadar ar a ḟiafraiġe eatorṫa féin cia aca ḋíoḃ do ḃéaḋ ar tí an niḋ sin do ḃéanaṁ. 24 Agus d’éiriġ diospóireaċt eadorṫa, cia aca ḋíoḃ do measfaiḋe ba ṁó. 25 Agus aduḃairt sé leo, Gaḃann riġṫe na gCineaḋaċ forláṁas orṫa; agus goirṫear daoine flaiṫeaṁla ḋíoḃ‐san go ḃfuil cuṁaċt aca orṫa. 26 Aċt ní mar sin daoiḃ‐se: aċt an té is mó eadraiḃ, bíoḋ sé mar an té is óige; agus an té is áirde oraiḃ mar an té do‐ġní frioṫáileaṁ. 27 Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ, nó an té do‐ġní frioṫáileaṁ? Naċ é an té atá ’n‐a ṡuiḋe? aċt atáim‐se i n‐ḃúr measc mar ḋuine do‐ġní frioṫáileaṁ. 28 Aċt is siḃ‐se d’ḟan im’ ḟoċair im’ ċaṫuiġṫiḃ; 29 agus cuirim ríoġaċt i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fá mar ċuir m’Aṫair i n‐áiriṫe ḋaṁ‐sa, 30 ċum go n‐íosfaiḋ agus go n‐ólfaiḋ siḃ ar mo ḃórd‐sa im’ ríoġaċt; agus go mbéiḋ siḃ ’n‐ḃúr suiḋe ar riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel. 31 A Ṡíomóin, a Ṡíomóin, féaċ, fuair Sátan cead siḃ‐se do ċriaṫairt mar ċruiṫneaċt: 32 aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre. 33 Agus aduḃairt seisean leis, A Ṫiġearna, atáim ullaṁ ar ḋul leat‐sa ċum príosúin agus ċum báis. 34 Agus aduḃairt seisean, Adeirim leat, a Ṗeadair, naċ nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aiṫne do ḃeiṫ agat orm. 35 Agus aduḃairt sé leo, Nuair do ċuireas uaim siḃ gan sparán, gan mála, gan bróga, an raiḃ éinniḋ i n‐easnaṁ oraiḃ? Agus aduḃradar, Ní raiḃ. 36 Agus aduḃairt sé leo, Aċt anois, an té ag a ḃfuil sparán beireaḋ sé leis é, agus mála, leis: agus an té naċ ḃfuil claiḋeaṁ aige, díolaḋ sé a ḃrat, agus ceannuiġeaḋ sé ceann. 37 Óir adeirim liḃ, go gcaiṫfear an niḋ seo atá scríoḃṫa do cóiṁlíonaḋ ionnam‐sa, Agus do h‐áirṁeaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir an méid ḃaineas liom atá sé d’á ċóiṁlíonaḋ. 38 Agus aduḃradar, A Ṫiġearna, féaċ, atá ḋá ċlaiḋeaṁ annso. Agus aduḃairt sé leo, Is leor sin. 39 Agus ṫáinig sé amaċ, agus do ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, go cnoc na nOla‐ċrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a ḋiaiḋ. 40 Agus nuair ṫáinig sé ċum na h‐áite, aduḃairt sé leo, Déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ. 41 Agus d’imṫiġ sé uaṫa timċeall faid urċair cloiċe; agus do‐ċuaiḋ sé ar a ġlúiniḃ agus do‐rinne sé guiḋe, 42 g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: aċt ċeana, nárab é mo ṫoil‐se aċt do ṫoil‐se do‐ġéantar. 43 Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋó aingeal ó neaṁ, ag neartú leis. 44 Agus ar mbeiṫ ḋó i bpian‐ḃroid ċráiḋte, ba ḋéine do ġuiḋ sé: agus d’éiriġ a ċuid allais mar ḃéaḋ braoin fola ag tuitim ċum talṁan. 45 Agus nuair d’éiriġ sé ó’n nguiḋe, ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad le brón, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr gcodlaḋ? 46 éiriġiḋ agus déanaiḋ urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫuiġṫiḃ. 47 Le linn cainnte ḋó, féaċ, sluaġ, agus an té ar a dtugaḋ Iúdás, duine de’n dáréag, do ċuaiḋ seisean rómpa; agus do ḋruid sé i n‐aice le h‐Íosa ċum póg do ṫaḃairt dó. 48 Aċt aduḃairt Íosa leis, A Iúdáis, an le póig atá tú ag braiṫ Ṁic an Duine? 49 Agus nuair do ċonnaic siad‐san do ḃí ’n‐a ċuideaċtain créad do ḃí ag teaċt, aduḃradar, A Ṫiġearna, An mbuailfimíd leis an gclaiḋeaṁ? 50 Agus do ḃuail duine aca giolla an árd‐ṡagairt, agus do ḃain sé an leaṫ‐cluas ḋeas de. 51 Aċt d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Leigiḋ liom an méid seo. Agus do ċuir sé a láṁ ar an gcluais, agus do leiġeas sé í. 52 Agus aduḃairt Íosa leo‐san ṫáinig ċuige, uaċraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An ċum biṫeaṁnaċ d’ionnsaiġe, ṫáinig siḃ amaċ, le claiṁtiḃ agus le bataiḃ? 53 Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais. 54 Agus do ġaḃadar é, agus rugadar leo é, agus ṫugadar isteaċ i dtiġ an árd‐ṡagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaiḋ i ḃfad siar. 55 Agus nuair do lasadar teine i lár na cúirte, agus do ḃíodar ’n‐a suiḋe i n‐éinḟeaċt le ċéile, do ṡuiḋ Peadar ’n‐a measc. 56 Agus do ḃí cailín áiriṫe, do ċonnaic é agus é ’n‐a ṡuiḋe sa tsolas, agus ag féaċain go grinn air ḋí, aduḃairt sí, Do ḃí an fear so, leis, ’n‐a ḟoċair siúd. 57 Aċt do ṡéan seisean é, g‐á ráḋ, A ḃean, ní ḟuil aon aiṫne agam air. 58 Agus tar éis tamaill ḃig do ċonnaic duine eile é, agus aduḃairt, Is díoḃ súd ṫusa, leis. Aċt aduḃairt Peadar, A ḋuine, ní díoḃ mise. 59 Agus fá ṫuairim uaire an ċluig ’n‐a ḋiaiḋ sin, aduḃairt duine eile go cruinn, Go cinnte do ḃí sé seo, leis, ’n‐a ḟoċair siúd, óir is Galiléaċ é. 60 Aċt aduḃairt Peadar, A ḋuine, ní ḟuil a ḟios agam créad atá agat d’á ráḋ. Agus ar an láṫair, le linn cainnte ḋó, do ġlaoḋ an coileaċ. 61 Agus d’iompuiġ an Tiġearna, agus do ḋearc sé ar Ṗeadar. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar ḟocal an Tiġearna, go nduḃairt sé, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire. 62 Agus d’imṫiġ sé amaċ agus do ġoil sé go duḃaċ. 63 Agus na fir go raiḃ Íosa fá ġreim aca, do ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi, agus g‐á ḃualaḋ. 64 Agus do ċuireadar púicín air, agus do ċeistiġeadar é, g‐á ráḋ, Déan fáiḋeadóireaċt: cia h‐é do ḃuail ṫú? 65 Agus aduḃradar a lán neiṫe eile leis, ag taḃairt masla ḋó. 66 Agus nuair ṫáinig an lá, do ċruinniġ seanóirí an ṗobail le ċéile, idir uaċtaránaiḃ na sagart agus na scríoḃaiḋṫiḃ; agus ṫugadar eisean isteaċ ’n‐a n‐árd‐ċóṁairle, 67 g‐á ráḋ, Má’s tusa an Críost, innis dúinn é. Aċt aduḃairt seisean leo, Má innisim daoiḃ é, ní ċreidfiḋ siḃ mé: 68 agus má ċuirim ceist oraiḃ, ní ṫiuḃraiḋ siḃ freagra. 69 Aċt ó’n tráṫ so amaċ béiḋ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis cuṁaċta Dé. Agus aduḃradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á ḃriġ sin? 70 Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé. 71 Agus aduḃradar‐san, Créad é an gáḃaḋ atá againn le tuilleaḋ fiaḋnaise? óir do‐ċualamar féin é, as a ḃéal féin. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society