Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ag féaċain dó, do ċonnaic sé na daoine saiḋḃre agus iad ag cur a dtaḃastas isteaċ sa gciste.

2 Agus do ċonnaic sé baintreaḃaċ ḃoċt ag cur ḋá ċianóg isteaċ ann.

3 Agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mó do ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt so isteaċ ’ná iad‐san uile:

4 óir is d’á n‐acfuinn do ċuireadar‐san uile rud isteaċ i gcionn na dtaḃartas: aċt is d’á ganntanas do ċuir sise isteaċ a raiḃ san tsaoġal aici.

5 Agus nuair do ḃí cuid aca ag laḃairt fá’n teampall, cionnas mar ḃí sé maisiġṫe le cloċaiḃ áilne agus le tíoḋlaicṫiḃ,

6 aduḃairt sé, Iad so do‐ċí siḃ, féaċ, atá an t‐am ag teaċt, agus ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ naċ leagfar.

7 Agus d’ḟiafruiġeadar de, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, cá ḟaide go dtiocfaiḋ na neiṫe sin? agus cad é an cóṁarṫa ḃéas ann go ḃfuil na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe?

8 Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.

9 Agus nuair do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ar ċaismeartaiḃ, ná bíoḋ eagla oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin teaċt ar dtús; aċt ní ṫig an deireaḋ de láṫair.

10 Annsin aduḃairt sé leo, Éireoċaiḋ cineaḋ i n‐aġaiḋ ciniḋ, agus ríoġaċt i n‐aġaiḋ ríoġaċta:

11 agus béiḋ creaṫa móra talṁan, agus gortaí agus pláiġeanna ’n‐a lán áiteann; agus béiḋ neiṫe uaṫḃásaċa ann, agus cóṁarṫaí móra ó’n spéir.

12 Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.

13 Béiḋ sin ’n‐a ḟiaḋnaise ḋaoiḃ.

14 Socruiġiḋ, d’á ḃriġ sin, ’n‐ḃúr gcroiḋeaċaiḃ, gan ḃeiṫ ag maċtnaṁ roiṁ ré ar cionnas ḟreagróċaiḋ siḃ:

15 óir do‐ḃéarfad‐sa briaṫra béil agus eagna ḋaoiḃ naċ ḃféadfaiḋ ḃúr náiṁde go léir a séanaḋ ná cur ’n‐a gcoinniḃ.

16 Aċt braiṫfiḋ ḃúr n‐aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa féin, agus ḃúr ndearḃráiṫreaċa, agus ḃúr ngaolta, agus ḃúr gcáirde siḃ; agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċum báis.

17 Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma.

18 Agus ní raċaiḋ ribe de ġruaig ḃúr gcinn amuġa.

19 Le neart foiġde slánóċaiḋ siḃ ḃúr n‐anmanna.

20 Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ Iarúsalem agus na sluaiġte suiḋte i ḃfoslongṗort ar gaċ taoḃ ’n‐a timċeall, bíoḋ a ḟios agaiḃ an uair sin go ḃfuil a bascaḋ i ḃfogas.

21 Annsin na daoine atá i nIúdaea, teiċidís ċum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imṫiġdís amaċ; agus na daoine atá amuiġ sa tír ná téiġidís isteaċ innti.

22 Óir is laeṫeanta díoġaltais na laeṫeanta sin, ċum go gcóiṁlíonfar gaċ a ḃfuil scríoḃṫa.

23 Is mairg dóiḃ‐sean atá torraċ, agus dóiḃ‐sean do‐ḃeir cíoċ, an t‐am sin! óir béiḋ cruaḋtan an‐ṁór ar an dúṫaiġ, agus béiḋ fearg ċum na ndaoine seo.

24 Agus tuitfiḋ siad le faoḃar claiḋiṁ, agus béarfar i mbraiġdeanas iad ar fud na gcineaḋaċ go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá ċosaiḃ na bPágánaċ, go dtí go gcóiṁlíonfar ré na bPágánaċ.

25 Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn;

26 daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imniḋe mar ġeall ar a ḃfuil i ndán do’n tsaoġal: óir corróċar cuṁaċta neiṁe.

27 Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir.

28 Agus nuair tosnóċar ar na neiṫiḃ sin, féaċaiḋ i n‐áirde, agus tógaiḋ ḃúr gcinn; óir atá ḃúr ḃfuascailt ag tarraing i ngar daoiḃ.

29 Agus do laḃair sé saṁlaoid leo: Féaċaiḋ an crann fige, agus na crainn go léir:

30 nuair ċuireann siad amaċ a nduilleaḃar, do‐ċí siḃ é agus is eol daoiḃ go ḃfuil an saṁraḋ i ḃfogas.

31 Mar sin daoiḃ‐se, nuair do‐ċí siḃ na neiṫe sin ag teaċt ċum críċe, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ríoġaċt Dé i ḃfogas.

32 Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní raċaiḋ an díne seo ar ceal, nó go gcóiṁlíontar na neiṫe sin go léir.

33 Raċaiḋ neaṁ agus talaṁ ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.

34 Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:

35 óir is ar an gcuma sin ṫiocfas sé ar na daoiniḃ go léir ċóṁnuiġeas ar uaċtar an doṁain.

36 Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.

37 Agus do ḃíoḋ sé ag teagasc gaċ lá sa teampall; agus d’imṫiġeaḋ sé amaċ gaċ oiḋċe agus d’ḟanaḋ sé ar an gcnoc d’á ngoirṫear cnoc na nOla‐ċrann.

38 Agus do ṫigeaḋ na daoine uile go moċ ar maidin ċuige sa teampall, ċum éisteaċta leis.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan