Lúcas 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ; 2 agus do laḃradar leis, g‐á ráḋ; Innis dúinn, Cia an t‐uġdarás atá agat ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? nó cia h‐é ṫug an t‐uġdarás sin duit? 3 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist aṁáin oraiḃ‐se; 4 agus taḃraiḋ freaġra orm: Baisteaḋ Eoin, arḃ ó neaṁ é nó ó ḋaoiniḃ? 5 Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a ċéile, g‐á ráḋ, Má déarfaimíd, Ó neaṁ; adéarfaiḋ seisean, 6 Cad ċuige nár ċreideaḃar é? Aċt má déarfaimíd, Ó ḋaoiniḃ; gaḃfaiḋ na daoine go léir de ċloċaiḃ orainn: óir is dearḃ leo gurḃ ḟáiḋ Eoin. 7 Agus d’ḟreagradar, naċ raiḃ a ḟios aca cá arḃ as é. 8 Agus aduḃairt Íosa leo, Ní mó inneosad‐sa ḋaoiḃ‐se cia an t‐uġdarás atá agam ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ. 9 Agus do ṫosnuiġ sé ar an tsaṁlaoid seo do laḃairt leis na daoiniḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile go ceann i ḃfad. 10 Agus sa tséasúr do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, go dtiuḃraidís cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt dó: aċt do ġaḃadar air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é. 11 Agus do ċuir sé searḃónta eile: agus do ġaḃadar air‐sean, agus ṫugadar droċ‐íde air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é. 12 Agus do ċuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do ċaiṫeadar amaċ é. 13 Agus aduḃairt tiġearna an ḟíonġuirt, Créad do‐ġéanad? Cuirfead mo mac ionṁain: b’ḟéidir go dtiuḃraid urraim dó‐san. 14 Aċt nuair do ċonnaic na scológa é, do‐rinneadar conspóid eadorṫa féin, agus aduḃradar, Is é seo an t‐oiġre: marḃaimís é, ċum go mbéiḋ an oiġreaċt againne. 15 Agus do ċaiṫeadar as an ḃfíonġort amaċ é, agus do ṁarḃadar é. Créad do‐ġéanaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt leo annsin? 16 Tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa sin, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíonġort do ḋaoiniḃ eile. Agus nuair do ċualadar‐san é, aduḃradar, Nár leigiḋ Dia sin. 17 Aċt do ḋearc seisean orṫa agus aduḃairt sé, Má’s eaḋ, cad é seo atá scríoḃta, An ċloċ dár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí? 18 Gaċ aoinneaċ ṫuiteas ar an gcloiċ sin brisfear é ’n‐a ḃroscar; aċt an té ar a dtuitfiḋ sí, meilfiḋ sí ’n‐a ṁion‐luaiṫ é. 19 Agus do ḃí na scríoḃaiḋṫe agus uaċtaráin na sagart ag iarraiḋ greim láiṁe d’ḟáġáil air an t‐am sin féin; agus do ḃí eagla an ṗobail orṫa: óir ba léir ḋóiḃ gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin. 20 Agus d’ḟaireadar air, agus do ċuireadar uaṫa spíodóirí, do leig orṫa féin gur ḋaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, ċum go dtiuḃraidís suas do ċuṁaċt agus d’uġdarás an ċeann‐ṗuirt é. 21 Agus do ċuireadar ceist air, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn go laḃrann agus go múineann tú mar is ceart, agus naċ ḃfuil beann agat ar ṗearsain, aċt go múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne: 22 an dleaġṫaċ ḋúinn cíos d’íoc le Céasar, nó gan a íoc? 23 Aċt d’aiṫin sé a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Taisbeánaiḋ pinginn dom. 24 Cia leis an ioṁáiġ agus an inscríḃinn atá uirṫi? Agus aduḃradar, Le Céasar. 25 Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ do Ċéasar na neiṫe is le Céasar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia. 26 Agus níor ḟéadadar aon ṁí‐ċiall do ḃaint as an gcainnt i láṫair na ndaoine; agus do ċuir an freagra iongnaḋ mór orṫa, agus d’ḟanadar ’n‐a dtost. 27 Agus ṫáinig ċuige roinnt de na Saddúicíneaċaiḃ, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann; agus d’ḟiafruiġeadar de, 28 g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, do scríoḃ Maois dúinn, dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair duine bás, agus bean ṗósta aige, agus gan clann aige, go nglacfaḋ a ḋearḃráṫair an ḃean, agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋearḃráṫair. 29 Is aṁlaiḋ do ḃí móir‐ṡeisear dearḃráṫar ann: agus do ġlac an ċéad duine aca bean ċuige, agus fuair sé bás gan slioċt; 30 agus do ġlac an dara agus an treas duine í; 31 agus mar sin do’n ṁóirṡeisear uile; fuaradar bás gan slioċt d’ḟágáil. 32 I n‐a ḋiaiḋ sin fuair an ḃean féin bás. 33 Ins an aiséirġe, má’s eaḋ, cia aca ḋíoḃ gur leis an ḃean? óir do ḃí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐ṡeisear uile. 34 Agus aduḃairt Íosa leo, Pósann clann an tsaoġail seo, agus do‐ḃeirtear le pósaḋ iad: 35 aċt na daoine go meastar gur fiú iad an saoġal úd, agus an aiséirġe ó na marḃaiḃ d’ḟáġáil, ní ṗósaidsean agus ní tugtar le pósaḋ iad: 36 óir ní féidir ḋóiḃ bás d’ḟáġáil aṫuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirġe iad. 37 Aċt i dtaoḃ na marḃ, go n‐aiséiriġeann siad, ṫug Maois féin le tuigsin dúinn, ag cur síos dó ar an Sceiċ, mar a nglaoḋann sé ar an Tiġearna Dia Abraċaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib. 38 Ní h‐é Dia na marḃ é, aċt Dia na mbeo: óir is beo ḋó‐san iad uile. 39 Agus d’ḟreagair cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ, agus aduḃradar, Is maiṫ aduḃrais é, a Ṁáiġistir. 40 Agus níor láṁadar ceist do ċur air as sin amaċ. 41 Agus aduḃairt sé leo, Cionnas adeir siad gur mac do Ḋáiḃi an Críost? 42 Óir adeir Dáiḃi féin i leaḃar na Salm, Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo Láiṁ ḋeis, 43 Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fá ḃonn do ċos. 44 Mar sin de goireann Dáiḃi Tiġearna ḋe, agus cionnas atá sé ’n‐a ṁac aige? 45 Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, agus na daoine go léir ag éisteaċt, 46 Seaċnaiḋ na scríoḃaiḋṫe, gur mian leo siuḃal i róbaiḃ fada, agus gur mór aca go n‐uṁlóċṫaiḋe ḋóiḃ ar áiteannaiḃ na margaḋ, agus na suiḋeaċáin tosaiġ d’ḟáġáil ins na sionagógaiḃ, agus na h‐ionada is fearr d’ḟáġáil ag fleaḋannaiḃ; 47 iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; is iad ġeoḃas an daoir‐ḃreiṫ is truime. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society