Lúcas 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin go ndeaċaiḋ reaċt amaċ ó Ċéasar August go ndéanfaiḋe cóṁaireaṁ ar an doṁan uile. 2 Ba é seo an ċéad ċóṁaireaṁ do‐rinneaḋ an tráṫ ’n‐a raiḃ Curénius ’n‐a ċeannṗort ar an tSiṫir. 3 Agus do ċuadar uile ċum go n‐áirṁfiḋe iad, gaċ aoinneaċ ’n‐a ċaṫair féin. 4 Agus do ċuaiḋ Seosaṁ, leis, ó’n nGalilé, ó ċaṫair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go ċaṫair Ḋáiḃi, ar a dtugtar Beiṫil, de ḃriġ gur de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Ḋáiḃi é; 5 ċum go n‐áirṁfiḋe é mar aon le Muire, a ḃainċéile do ḃí ag iomċar clainne. 6 Agus ṫarla, le linn dóiḃ ḃeiṫ annsin, go dtáinig am a seolta. 7 Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta. 8 Agus do ḃí aoḋairí sa dúṫaiġ ċéadna ’n‐a gcóṁnaiḋe ar an maċaire, agus iad ag faire a dtréad san oiḋċe. 9 Agus do ṡeas aingeal ó’n Tiġearna le n‐a n‐ais, agus do ṡoillsiġ glóir an Tiġearna ’n‐a dtimċeall: agus do ḃí eagla ṁór orṫa. 10 Agus aduḃairt an t‐aingeal leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ; óir, féaċ, do‐ḃeirim daoiḃ deaġ‐scéala ar áṫas mór ḃéas i gcóṁair na ndaoine uile: 11 óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi. 12 Agus is é seo a ċóṁarṫa ḋaoiḃ; Do‐ġeoḃaiḋ siḃ naoiḋeanán, é fillte i n‐éadaiġiḃ agus ’n‐a luiġe i mainséar. 13 Agus ar an láṫair do ḃí i ḃfoċair an aingil buiḋean ṁór de’n tsluaġ neaṁḋa, iad ag molaḋ Dé, agus g‐á ráḋ, 14 Glóir do Ḋia ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde, Agus ar talaṁ síoṫċáin do luċt déiġṁéine. 15 Agus ṫarla, nuair d’imṫiġ na h‐aingil uaṫa ar neaṁ, go nduḃairt na h‐aoḋairí le ċéile, Téiġmis ċóṁ fada le Beiṫil go ḃfeicfimíd an niḋ seo ṫarla, mar d’ḟógair an Tiġearna ḋúinn. 16 Agus ṫángadar go deifreaċ, agus fuaradar Muire agus Seosaṁ, agus an leanḃ ’n‐a luiġe i mainséar. 17 Agus ar n‐a ḟeiesin sin dóiḃ, d’inniseadar a nduḃraḋ ḋóiḃ i dtaoḃ an leinḃ sin. 18 Agus gaċ a gcuala é do ḃí iongnaḋ orṫa fá na neiṫiḃ d’innis na h‐aoḋairí ḋóiḃ. 19 Aċt do ċoiṁéad Muire na neiṫe sin go h‐iomlán, ag maċtnaṁ orṫa ’n‐a croiḋe istiġ. 20 Agus d’ḟill na h‐aoḋairí, agus iad ag glóiriú agus ag molaḋ Dé mar ġeall ar a gcualadar agus a ḃfacadar, de réir inar aduḃraḋ leo. 21 Agus nuair do ḃí na h‐oċt laeṫe caiṫte ċum an leanḃ do ṫimċeall‐ġearraḋ, tugaḋ ÍOSA mar ainm air, an t‐ainm ṫug an t‐aingeal air sarar geineaḋ é i mbroinn. 22 Agus nuair do ḃí laeṫe a glanta caiṫte, de réir reaċta Ṁaoise, ṫugadar leo go h‐Iarúsalem é, ċum a ṫoirḃeart do’n Tiġearna; 23 (mar atá scríoḃṫa i reaċt an Tiġearna, Gaċ fireann ḟosclas broinn, glaoḋfar naoṁṫa do’n Tiġearna air), 24 agus ċum an íoḋbairt do ḋéanaṁ mar órduiġṫear i reaċt an Tiġearna, Cúpla féarán, nó ḋá ċolúr óga. 25 Agus féaċ, do ḃí i nIarúsalem fear darḃ ainm Simeon; agus do ḃí an fear so fíréanta, diaḋa, agus é ag súil le sólás Israel: agus do ḃí an Spiorad Naoṁ air. 26 Agus tugaḋ foillsiú ḋó ó’n Spiorad Naoṁ naċ ḃfeicfeaḋ sé bás nó go ḃfeicfeaḋ sé Críost an Tiġearna. 27 Agus ṫáinig sé tríd an Spiorad isteaċ sa teampall: agus nuair ṫug an t‐aṫair agus an ṁáṫair an leanḃ Íosa isteaċ, ċum go ndéanfaidís ’n‐a ṫaoḃ de réir gnáṫ‐nóis na dliġe, 28 do ṫóg seisean ċuige ’n‐a uċt é, agus do ṁol sé Dia, agus aduḃairt, 29 Anois, a Ṫiġearna, cuireann tú do ṡeirḃíseaċ uait, Le síoṫċáin, de réir do ḃriaṫair, 30 De ḃriġ go ḃfaca mo ṡúile do ṡlánú, 31 D’ullaṁuiġis i ḃfiaḋnaise na gciniḋeaċ uile; 32 Solas ċum na Geinte do ṡoillsiú, Agus ċum glóire do ṗobail Israel. 33 Agus do ḃí a aṫair agus a ṁáṫair ag déanaṁ ionganta de na neiṫiḃ aduḃraḋ ’n‐a ṫaoḃ; 34 agus do ḃeannuiġ Simeon iad, agus aduḃairt sé le Muire, a ṁáṫair, Féaċ, atá sé seo ceapṫa ċum leagṫa agus ċum aiséiriġṫe móráin i nIsrael, agus ċum ḃeiṫ ’n‐a ċóṁarṫa go gcuirfear ’n‐a aġaiḋ; 35 agus raċfaiḋ claiḋeaṁ tré lár t’anma féin; ionnas go noċtfar smaointe as mórán croiḋṫe. 36 Agus do ḃí Anna, ban‐ḟáiḋ, inġean Ṗanuél, de ṫreiḃ Asér, do ḃí sí an‐aosta; do ċaiṫ sí seaċt mbliaḋna ag a fear tar éis a maiġdeanais, 37 agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ. 38 Agus ag teaċt di‐se, an uair ċéadna sin, ṫug sí buiḋeaċas do Ḋia, agus do laḃair sí ’n‐a ṫaoḃ le gaċ duine do ḃí ag tnúṫ le fuascailt Iarúsalem. 39 Agus nuair do ḃí gaċ niḋ ċóiṁlíonta aca de réir dliġe an Tiġearna, d’ḟilleadar go dtí an Ġalilé, go dtí a mbaile féin Nasair. 40 Agus d’ḟás an leanḃ, agus do neartuiġ sé, agus do ḃí sé lán d’eagna: agus do ḃí grás Dé air. 41 Agus do ṫéiġeaḋ a aṫair agus a ṁáṫair suas go h‐Iarúsalem gaċ bliaḋain le linn féile na Cásca. 42 Agus nuair do ḃí sé ḋá ḃliaḋain déag d’aois, do ċuadar suas mar ba ġnáṫaċ, aimsir na féile; 43 agus nuair do ḃí na laeṫe ċaiṫte aca, agus iad ag filleaḋ, d’ḟan an gasúr Íosa i nIarúsalem; agus ní raiḃ a ḟios sin ag a aṫair ná ag a ṁáṫair; 44 aċt do ṁeasadar gur ’n‐a gcuideaċtain do ḃí sé, agus do‐rinneadar aistear lae; agus do ḃíodar g‐á lorg i measc a ngaolta agus a luċt aiṫeantais; 45 agus nuair naċ ḃfuaradar é d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, g‐á lorg. 46 Agus ṫarla, tar éis trí lá, go ḃfuaradar é sa teampall ’n‐a ṡuiḋe i measc na n‐ollaṁ, ag éisteaċt leo agus ag cur ceisteann orṫa: 47 agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé. 48 Agus nuair do ċonnacadar é do ḃí iongnaḋ orṫa; agus aduḃairt a ṁáṫair leis, A ṁic, cad ċuige ḋuit é seo do ḋéanaṁ orainn? féaċ, do ḃí t’aṫair agus mise ar do lorg agus buaiḋirt an‐ṁór orainn. 49 Agus aduḃairt seisean leo, Cad ċuige a raḃaḃar ar mo lorg‐sa? naċ raiḃ a ḟios agaiḃ go gcaiṫfinn gnóṫa m’Aṫar do ḋéanaṁ? 50 Agus níor ṫuigeadar an niḋ aduḃairt sé leo. 51 Agus do ċuaiḋ sé síos leo, agus ṫáinig sé go Nasair; agus do ḃí sé uṁal dóiḃ: agus do ċoiṁéad a ṁáṫair na briaṫra so uile ’n‐a croiḋe. 52 Agus d’ḟás Íosa i n‐eagna, agus i n‐aois, agus i ngrás i ḃfiaḋnaise Dé agus daoine. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society