Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ní féidir naċ dtiocfaḋ scannail: aċt monuar do’n té sin tré n‐a dtigid!

2 Ba ṁaiṫ ḋó dá gcroċtaiḋe bró muilinn ar a ṁuineál, agus dá gcaiṫtiḋe é isteaċ sa ḃfairrge, ’ná go scannlóċaḋ sé duine de’n ṁuinntir ḃig seo.

3 Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ ḟéin: má ġní do ḋearḃrátair peacaḋ id’ aġaiḋ, ceartuiġ é; agus má ġní sé aiṫriġe ann, maiṫ ḋó é.

4 Agus má ġní sé peacaḋ seaċt h‐uaire sa lá, agus má ḟilleann sé ċugat seaċt h‐uaire, g‐á ráḋ, Atá aiṫreaċas orm; caiṫfiḋ tú a ṁaiṫeaṁ ḋó.

5 Agus aduḃairt na h‐abstail leis an Tiġearna, Méaduiġ ár gcreideaṁ.

6 Agus aduḃairt an Tiġearna, Dá mbéaḋ oiread gráinne síl mustaird de ċreideaṁ agaiḃ, adéarfaḋ siḃ leis an gcrann siceamóra so, Tarraingtear as do ḟréaṁaċaiḃ tú, agus curtar sa ḃfairrge ṫú; agus do‐ġéanaḋ sé de réir mar d’órduiġis.

7 Aċt cia agaiḃ‐se go ḃfuil seirḃíseaċ aige ag treaḃaḋ nó ag aoḋaireaċt caoraċ, agus adéarfas leis, nuair ṫiocfas sé isteaċ ó’n bpáirc, Tar anois agus suiḋ síos ċum biḋ;

8 agus naċ é adéarfaiḋ sé leis, Ullṁuiġ niḋ le n’ite ḋom, agus cuir crioslaċ ort, agus déan friotáileaṁ orm, go mbéiḋ iṫte agus ólta agam; agus ’n‐a ḋiaiḋ sin íosfair agus ólfair‐se?

9 An dtugann sé buiḋeaċas do’n tseirḃíseaċ toisc go ndearna sé ar h‐órduiġeaḋ ḋó?

10 Mar sin daoiḃ féin, nuair ḃéas gaċ ar h‐órduiġeaḋ ḋaoiḃ déanta agaiḃ, abraiḋ, Seirḃísiġ neaṁ‐ḟoġanta sinne; do‐rinneamar an níḋ ba ḋual dúinn do ḋéanaṁ.

11 Agus ṫarla, sa tsliġe ḋóiḃ ag dul go h‐Iarúsalem, go raiḃ sé ag gaḃáil tré lár Ṡamária agus Ġalilé.

12 Agus ag dul isteaċ i mbaile beag áiriṫe ḋó, do casaḋ air deiċneaḃar do ḃí ’n‐a loḃaraiḃ, agus do stadadar i ḃfad uaiḋ:

13 agus d’éiġeadar go h‐árd‐ġlóraċ, g‐á ráḋ, A Íosa, a Ṁáiġistir, déan trócaire orainn.

14 Agus nuair do ċonnaic sé iad, aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ agus taisbeánaiḋ siḃ féin do na sagartaiḃ. Agus ṫarla, sa tsliġe ḋóiḃ, gur leiġeasaḋ iad.

15 Agus do ḃí duine aca, agus nuair ṫug sé fá deara go raiḃ sé leiġeasta, do ċas sé ar ais, agus é ag molaḋ Dé de ġuṫ árd;

16 agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ ag a ċosaiḃ, ag gaḃáil a ḃuiḋeaċais leis: agus Samáritánaċ ab eaḋ é.

17 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, Nár glanaḋ deiċneaḃar? aċt cá ḃfuil an naonḃar?

18 An aṁlaiḋ naċ ḃfriṫ ag filleaḋ le buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia, aċt an coiṁiġṫeaċ so?

19 Agus aduḃairt sé leis, Éiriġ agus imṫiġ leat: do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú.

20 Agus d’ḟiafruiġ na Fairisíniġ ḋe, Cá h‐uair ṫiocfaiḋ ríoġaċt Dé, d’ḟreagair sé iad agus aduḃairt, Ní h‐i rioċt go mbraiṫfear é ṫiocfas ríoġaċt Dé:

21 agus ní abróċar, Féaċ annso í! nó, Féaċ annsúd í! óir, féaċ, is istiġ ionnaiḃ atá ríoġaċt Dé.

22 Agus aduḃairt sé leis na deisceablaiḃ, Tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéiḋ siḃ ag tnút le lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine o’ḟeicsin, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.

23 Agus adéarfaiḋ siad liḃ, Féaċ annsúd í! agus, Féaċ annso í! ná h‐imṫiġiḋ g‐á leanaṁain:

24 óir fá mar lasann an teintreaċ ó áird aṁáin de’n spéir go dtí an áird eile, agus í ag splanncaḋ, mar sin is eaḋ ḃéas Mac an Duine ’n‐a lá féin.

25 Aċt caiṫfiḋ sé ar dtús mórán d’ḟulang, agus diúltaḋ d’ḟáġáil ó’n slioċt so.

26 Agus fá mar ṫarla i n‐aimsir Naoi, mar sin is eaḋ ḃéas i n‐aimsir Ṁic an Duine.

27 Do ḃíodar ag ite, agus ag ól, agus ag pósaḋ, agus d’á dtaḃairt le pósaḋ, go dtí an lá ’n‐a ndeaċaiḋ Naoi isteaċ san áirc, agus ṫáinig an díle agus do ċreaċ sí iad go léir.

28 Ar an gcuma ċéadna mar ṫarla i n‐aimsir Loṫ; do ḃíodar ag iṫe, agus ag ól, agus ag ceannaċ, agus ag díol, agus ag cur síl, agus ag tógáil tiġṫe;

29 aċt an lá ’n‐ar imṫiġ Loṫ amaċ as Sodom, do ṫuit cioṫ teineaḋ agus ruiḃe ó neaṁ anuas, gur scrios sé iad go léir.

30 Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine.

31 An lá sin, an té ḃéas ar ḃárr an tiġe, agus a ṁaoin sa tiġ, ná téiġeaḋ sé síos ċum a tógála leis: agus an té atá ar an maċaire, ná casaḋ sé ar ais.

32 Cuiṁniġiḋ ar ṁnaoi Loṫ.

33 Cibé duine iarrfas a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é: agus cibé duine ċaillfeas a anam, sáḃálfaiḋ sé é.

34 Adeirim liḃ, Béiḋ beirt ḟear i n‐aon leabaiḋ aṁáin, an oiḋċe sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile.

35 Béiḋ beirt ḃan ag meilt i n‐éinḟeaċt; tógfar bean aca, agus fágfar an ḃean eile.

37 Agus ag freagairt dóiḃ, aduḃradar, Cá h‐ionad, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablaċ, is ann cruinneoċar na h‐iolair, leis.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan