Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ḃí na poibleacáin agus na peacaiġ uile ag teaċt ċuige ag éisteaċt leis.

2 Agus dorinne na Fairisíniġ agus na scríoḃaiḋṫe gearán, g‐á ráḋ, Fáiltiġeann an fear so roiṁ na peacaċaiḃ, agus iṫeann sé ’n‐a gcuiḃreann.

3 Agus do laḃair sé leo an tsaṁlaoid seo, g‐á ráḋ,

4 Cia agaiḃ‐se ag a ḃfuil céad caora, agus go gcaillfeaḋ sé ceann aca, naċ ḃfágann na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid sa ḃfásaċ, agus naċ dtéid ar lorg na caoraċ do cailleaḋ nó go ḃfaġann sé í?

5 Agus nuair do‐ġeiḃ sé í, tógann sé ar a ġuailniḃ í, agus luṫġáir air.

6 Agus ag teaċt aḃaile ḋó, ġlaoḋann sé ċuige a ċáirde agus a ċóṁarsana, agus adeir sé leo, Déanaiḋ gáirdeaċas liom, óir fuaras mo ċaora do cailleaḋ.

7 Adeirim liḃ gur ab ar an gcuma ċéadna ḃéas áṫas ar neaṁ mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe, seaċas naoi ḃfíréin déag agus ceiṫre fiċid naċ ḃfuil gáḃaḋ le h‐aiṫriġe aca.

8 Nó cia h‐í an ḃean ag a ḃfuil deiċ mbuinn airgid, má ċailleann sí bonn díoḃ, naċ lasann sí lampa, agus naċ scuabann sí an teaċ, agus naċ gcuarduiġeann sí go díċeallaċ nó go ḃfaiġiḋ sí é?

9 Agus nuair do‐ġeiḃ sí é, glaoḋann sí ċuiċi a cáirde agus a cóṁarsana, g‐á ráḋ, Déanaiḋ gáirdeaċas liom, óir fuaras an bonn do ċailleas.

10 Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.

11 Agus aduḃairt sé, Do ḃí fear ann agus ḃí beirt ṁac aige:

12 agus aduḃairt an mac do b’óige le n‐a aṫair, A aṫair, taḃair ḋom an ċuid ded’ ṁaoin atá ag dul dom. Agus do roinn sé a ṁaoin eadorṫa.

13 Agus tamall beag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃailiġ an mac do b’óige a ċuid le ċéile, agus d’imṫiġ sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a ċuid le ragairne.

14 Agus nuair do ḃí gaċ éinniḋ caiṫte aige ṫáinig gorta an‐ṁór sa tír sin; agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ i ngáḃatar.

15 Agus d’imṫiġ sé, agus do ċuaiḋ sé ar aimsir le duine de luċt áitreiḃ na tíre sin; agus do ċuir seisean amaċ é fá’n tír ag buaċailleaċt muc.

16 Agus ba ṁian leis a ṡáiṫ d’iṫe de na féiṫleogaiḃ ḋ’iṫeaḋ na muca, agus ní ṫug aon duine rud dó.

17 Aċt nuair do ċruinniġ sé a ṁeaḃair, aduḃairt sé, Naċ iomḋa searḃónta atá ag m’aṫair agus breis agus a ndóṫain aráin aca, agus mise annso ag fáġáil ḃáis le h‐ocras!

18 Éireoċad agus raċad ċum m’aṫar, agus adéarfad leis, A aṫair, do‐rinneas peacaḋ i n‐aġaiḋ neiṁe, agus id’ ḟiaḋnaise‐se:

19 ní fiú mé feasta go luaḋfaiḋe mé mar ṁac duit: déan duine ded’ luċt tuarastail díom.

20 Agus d’éiriġ sé agus ṫáinig sé ċum a aṫar. Aċt do ċonnaic a aṫair é, agus é fós i ḃfad uaiḋ, agus do ġaḃ truaġ ṁór dó é, agus do riṫ sé, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid, agus do ṗóg sé é go dil, díocra.

21 Agus aduḃairt an mac leis, A aṫair, do‐rinneas peacaḋ i n‐aġaiḋ neiṁe, agus id’ ḟiaḋnaise‐se: ní fiú mé feasta go luaḋfaiḋe mé mar ṁac duit.

22 Aċt aduḃairt an t‐aṫair le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ, Beiriḋ amaċ láiṫreaċ an ċulaiṫ is fearr, agus cuiriḋ air í; agus cuiriḋ fáinne ar a ṁéir agus bróga ar a ċosaiḃ:

23 agus beiriḋ liḃ an laoġ biaḋta, agus marḃuiġiḋ é, agus bímís ag iṫe, agus ag déanaṁ suilt:

24 óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.

25 Agus do ḃí a ṁac ba ṡine amuiġ ar an ḃfearann: agus ag druidim i ngar do’n tiġ ḋó, d’airiġ sé an ceol agus an rinnce.

26 Agus do ġlaoḋ sé ċuige duine de na seirḃíseaċaiḃ, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe créad do ḃí ar siuḃal.

27 Agus aduḃairt seisean leis, Ṫáinig do ḋearḃráṫair; agus do ṁarḃ t’aṫair an laoġ biaḋta, toisc go ḃfuair sé slán beo arís é.

28 Aċt ṫáinig fearg air, agus ní raċaḋ sé isteaċ: agus ṫáinig a aṫair amaċ agus do ċuir sé impiḋe air.

29 Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé le n‐a aṫair, Féaċ, atáim‐se ag obair ḋuit na bliaḋanta fada so, agus níor ṡáruiġeas t’órdú riaṁ: agus ’n‐a ḋiaiḋ sin ní ṫugais oiread agus meannán dom ċum go ndéanfainn súḃaċas lem’ ċáirdiḃ:

30 aċt an mac so leat, go ḃfuil do ċuid ídiġṫe aige le méirdreaċaiḃ, nuair ṫáinig seisean, do ṁarḃais dó‐san an laoġ biaḋta.

31 Agus aduḃairt seisean leis, A ṁic, atáir‐se im’ḟoċair i gcóṁnaiḋe, agus gaċ a ḃfuil agam‐sa is leat‐sa é.

32 Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan