Lúcas 14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ṫarla, nuair do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ duine d’uaċtaránaiḃ na ḃFairisíneaċ ċum biaḋ do ċaiṫeaṁ, lá na sabóide, go raḃadar ag faire air. 2 Agus féaċ, do ḃí duine ’n‐a láṫair agus an íorpais air. 3 Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis an luċt dliġe agus leis na Fairisíneaċaiḃ, An dleaġṫaċ leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide? 4 Aċt d’ḟanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leiġeas sé é, agus do ċuir sé ar a ḃealaċ é. 5 Agus aduḃairt sé leo, Cia aca ḋíḃ‐se, go dtuitfeaḋ asal nó bó leis isteaċ i ndíg, lá na sabóide, agus naċ dtógfaḋ aníos é? 6 Agus níorḃ ḟéidir leo freagra do ṫaḃairt air sin. 7 Agus do laḃair sé as saṁlaoid leo‐san fuair cuireaḋ, nuair ṫug sé fá deara iad ag toġaḋ na suiḋeaċán do b’ḟearr; agus aduḃairt sé leo, 8 Nuair do‐ġeoḃaiḋ tú cuireaḋ ċum bainise, ná suiḋ sa suiḋeaċán uaċtaraċ; ar eagla go mbéaḋ duine is onóraiġe ’ná ṫú fuair cuireaḋ, 9 agus go dtiocfaḋ an té ṫug cuireaḋ ḋuit‐se, agus dó‐san, agus go n‐abróċaḋ sé leat, Taḃair an áit seo do’n duine so; agus annsin go gcaiṫfeá dul san áit is ísle, agus náire ort. 10 Aċt nuair do‐ġeoḃaiḋ tú cuireaḋ, téiġ agus suiḋ san áit is ísle; ar ṁoḋ, nuair ṫiocfas an té ṫug an cuireaḋ ḋuit, go n‐abróċaiḋ sé leat, A ċara, téiġ níos sia suas: annsin béiḋ onóir le fáġáil agat i ḃfiaḋnaise a a mbéiḋ ’n‐a suiḋe ċum biḋ i n‐éinḟeaċt leat. 11 Óir an té árduiġeas é féin, ísleoċar é; agus an té ísliġeas é féin, árdóċar é. 12 Agus aduḃairt sé leis an té ṫug an cuireaḋ ḋó, Nuair do‐ḃéarfair dínnéar nó séire, ná glaoḋ ar do ċáirdiḃ, ná ar do ḃráiṫriḃ, ná ar do ġaoltaiḃ, ná ar do ċóṁarsanaiḃ saiḋḃre; ar eagla go dtaḃarfaidís‐sean cuireaḋ ḋuit‐se ’n‐a ḋiaiḋ sin, agus go ndíolfaiḋe an cóṁar leat. 13 Aċt nuair do‐ḃeir tusa fleaḋ, glaoḋ ar na boċtaiḃ, agus ar na mairtíneaċaiḃ, agus ar na bacaċaiḃ, agus ar na dallaiḃ: 14 agus béiḋ beannaċt ort; de ḃriġ naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ cúiteaṁ do ḋéanaṁ leat: óir cúiteoċar leat i n‐aiséirġe na ḃfíréan. 15 Agus nuair do‐ċuala duine d’á raiḃ ’n‐a suiḋe ċum biḋ an méid sin, aduḃairt sé leis, Naċ aoiḃinn do’n té íosfas arán i ríoġaċt Dé. 16 Aċt aduḃairt seisean leis, Ṫug duine féasta mór; agus ṫug sé cuireaḋ do ṁórán; 17 agus do ċuir sé amaċ a ṡeirḃíseaċ ar uair an ḟéasta ċum a ráḋ leo‐san fuair an cuireaḋ, Biḋiḋ ag teaċt; mar tá gaċ éinniḋ ullaṁ anois. 18 Agus do ṫosnuiġeadar go léir d’aon ġuṫ, ar a leiṫscéal do ġaḃáil. Aduḃairt an ċéad duine leis, Atá giota talṁan ceannuiġṫe agam agus ní mór dom dul agus é d’ḟeicsin: iarraim ort mo leiṫscéal do ġaḃáil. 19 Agus aduḃairt duine eile, Do ċeannuiġeas cúig cuingir daṁ, agus atáim ag dul g‐á dtriail: iarraim ort mo leiṫscéal do ġaḃáil. 20 Agus aduḃairt duine eile, Do ṗósas bean, agus ní féidir liom teaċt. 21 Agus ṫáinig an seirḃíseaċ, agus d’innis sé na neiṫe sin d’á ṫiġearna. Annsin ṫáinig fearg ar ḟear an tiġe, agus aduḃairt sé le n‐a ṡeirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ go mear ins na sráidiḃ agus i gcúlánaiḃ na caṫraċ, agus taḃair leat isteaċ annso na boċtáin, agus na máirtíniġ, agus na daill, agus na bacaiġ. 22 Agus aduḃairt an seirḃíseaċ, A ṫiġearna, atá gaċ niḋ déanta de réir mar d’órduiġis, agus atá sliġe fágṫa fós. 23 Agus aduḃairt an tiġearna leis an seirḃíseaċ, Imṫiġ amaċ fá na bóiṫriḃ agus fá na claḋaċaiḃ, agus cuir d’ḟiaċaiḃ orṫa teaċt isteaċ, ċum go líonfar mo ṫeaċ. 24 Oir adeirim liḃ, naċ mblaisfiḋ duine ḋíoḃ siúd fuair cuireaḋ blúire dem’ ḟéasta. 25 Agus do ḃí sluaiġte daoine ag dul i n‐éinḟeaċt leis: agus do ċas sé, agus aduḃairt sé leo, 26 Má atá aon duine ag teaċt ċugam‐sa, agus gan fuaṫ aige d’á aṫair, agus d’á ṁáṫair, agus d’á ṁnaoi, agus d’á ċlainn, agus d’á ḋearḃráiṫriḃ, agus d’á ḋeirḃṡeaṫraċaiḃ, agus fós d’á anam féin, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam. 27 Cibé duine naċ n‐iomċarann a ċros féin, agus naċ leanann mise, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam. 28 Óir cia aca ḋíḃ‐se gur mian leis túr do ṫógáil, naċ suiḋeann síos ar dtús ċum an costas do ṁeas, d’ḟéaċain an ḃfuil a ḋóṫain aige le críoċ do ċur air? 29 Ar eagla, ṫar a éis dó an bun do ċur, agus gan ar ċumas dó a ċríoċnú, go dtosnóċaiḋ gaċ duine ḟéaċas air ar ḃeiṫ ag magaḋ faoi, 30 g‐á fáḋ, Do ṫosnuiġ an duine seo ar ṫógáil, agus do ċlis sé air críoċnú. 31 Nó cia h‐é an rí do ḃéaḋ ag dul ċum cogaiḋ le rí eile, naċ suiḋfiḋ síos ar dtús ag déanaṁ maċtnaiṁ d’ḟéaċain an ḃféadann sé le deiċ míle aġaiḋ do ṫaḃairt ar an té atá ag teaċt d’á ionnsaiġe le fiċe míle? 32 Muna ḃféadann, ċóṁ ḟad agus atá an fear eile i ḃfaḋ uaiḋ go fóill, cuireann sé teaċtairí uaiḋ ag éileaṁ síoṫċána. 33 Ar an gcuma ċéadna, gaċ duine agaiḃ‐se naċ ndiúltann do gaċ a ḃfuil aige, ní féidir ḋó ḃeiṫ ’n‐a ḋeisceabal agam‐sa. 34 Is maiṫ an rud salann: aċt má ċailleann an salann féin a ḃlas, cad leis go ndéanfar deaġ‐ḃlasta é? 35 Ní ḟóġnann sé do’n talaṁ ná do’n ċarn aoiliġ: caiṫtear amaċ é. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society