Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ḃí daoine láiṫreaċ an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaoḃ na nGaliléaċ, gur ṁeasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íoḋbartaiḃ.

2 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, An measann siḃ gur ṁeasa mar ṗeacaiġ na Galiléaiġ úd ’ná an ċuid eile de na Galiléaċaiḃ, de ċionn gur ḟulaingeadar an méid sin?

3 Adeirim liḃ, Níorḃ eaḋ: aċt muna ndéanaiḋ siḃ‐se aiṫriġe, bascfar siḃ uile ar an gcuma ċéadna.

4 Nó an t‐oċtar déag úd gur ṫuit an túr i Silóam orṫa, agus gur ṁarḃ sé iad, an measann siḃ gur ṁó ba ċionntaċ iad‐san ṫar a ḃfuil de ḋaoiniḃ i nIarúsalem?

5 Adeirim liḃ, Níorḃ eaḋ: aċt muna ndéanaiḋ siḃ‐se aiṫriġe, bascfar siḃ uile ar an gcuma ċéadna.

6 Agus do laḃair sé leo an tsaṁlaoid seo; Do ḃí crann fige curṫa ag duine áiriṫe ’n‐a ḟíonġort; agus ṫáinig sé ar lorg torṫa air, agus ní ḟuair.

7 Agus aduḃairt sé leis an ḃfíon‐ċuradóir, Féaċ, atáim le trí bliaḋnaiḃ ag teaċt ar lorg torṫa ar an gcrann fige seo, agus ní ḟaġaim: leag é; cad ċuige an talaṁ do ċur amuġa gan tairḃe d’á ḋeascaiḃ?

8 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leis, A ṫiġearna, leig dó an ḃliaḋain seo,

9 go róṁarad ’n‐a ṫimċeall, agus go gcuiread aoileaċ faoi: agus má ḃeir sé toraḋ annsin, béiḋ go maiṫ; aċt muna dtugaiḋ, leagfaiḋ tú é.

10 Agus do ḃí sé ag teagasc i sionagóig áiriṫe, lá na sabóide.

11 Agus féaċ, bean ’n‐a raiḃ spioraid lag‐ḃriġe le h‐oċt mbliaḋnaiḃ déag; agus do ḃí sí cromṫa, agus ní raiḃ ar ċumas dí í féin do ḋíriú ar ċor ar biṫ.

12 Agus nuair do ċonnaic Íosa í, do ġlaoḋ sé ċuige í, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, atá tú saor ód’ laige.

13 Agus do ċuir sé a láṁa uirṫi: agus ar an láṫair d’éiriġ sí díreaċ, agus ṫug sí glóir do Ḋia.

14 Agus d’ḟreagair uaċtarán na sionagóige, agus é go díombuiḋeaċ d’Íosa toisc leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide, agus aduḃairt sé leis an sluaġ, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do ḋéanaṁ: tagaiḋ ar na laeṫiḃ sin go leiġeasfar siḃ, agus ná biḋiḋ ag teaċt lá na sabóide.

15 Aċt d’ḟreagair an Tiġearna é, agus aduḃairt, A ḃréigḟíréana, naċ scaoileann gaċ duine agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus naċ gcinnireann sé ċum uisce é?

16 Agus an ḃean so, inġean Abraċaim, do ḃí fá ċeangal ag Sátan le h‐oċt mbliaḋna déag anuas, nár ċeart í do scaoileaḋ ó’n gceangal sin, lá na sabóide?

17 Agus nuair aduḃairt sé na neiṫe sin, do ċuir sé náire orṫa‐san do ḃí ’n‐a aġaiḋ: agus do ḃí an‐áṫas ar an sluaġ de ḃárr na neiṫe glórṁar go léir do ḃí aige d’á ndéanaṁ.

18 Agus aduḃairt sé, Cad leis gur cosṁail ríoġaċt Dé? agus cad leis go saṁlóċad í?

19 Is cosṁail í le gráinne síl mustaird, do ġlac duine ċuige, agus do ċuir ’n‐a ġarrḋa féin; agus d’ḟás sé, agus d’éiriġ sé ’n‐a ċrann; agus do neaduiġ éanlaiṫe na spéire ’n‐a ġéagaib.

20 Agus aduḃairt sé arís, Cad leis go saṁlóċad ríoġaċt Dé?

21 Is cosṁail í le laiḃín do ġlac bean ċuiċi, agus d’ḟoluiġ sí i dtrí peiciḃ mine nó gur ġlac an t‐iomlán an laiḃín.

22 Agus do ġluais sé roiṁe tríd na caṫraċaiḃ agus tríd na sráid‐ḃailtiḃ, ag teagasc, agus é ag dul fá ḋéin Iarúsalem.

23 Agus aduḃairt duine leis, A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ naċ slánuiġṫear aċt beagán?

24 Agus aduḃairt sé leo, Déanaiḋ díċeall ar ḋul isteaċ an doras cuṁang: óir adeirim liḃ gur ab iomḋa duine ḃéas ag iarraiḋ dul isteaċ, agus ní éireoċaiḋ leo.

25 Ċóṁ luaṫ agus ḃéas fear an tiġe éiriġṫe, agus doras an tiġe dúnta aige, agus ṫosnuiġeas siḃ‐se ar ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ amuiġ, agus ar an doras do ḃualaḋ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, foscail dúinn; agus freagróċaiḋ seisean agus adéarfaiḋ sé liḃ, Ní ḟuil a ḟios again cad as daoiḃ‐se;

26 annsin tosnóċaiḋ siḃ‐se ar a ráḋ, D’iṫeamar agus d’ólamar id’ ḟoċair, agus do‐rinnis‐se teagasc ’n‐ár sráidiḃ;

27 agus adéarfaiḋ seisean, Adeirim liḃ, Ní ḟuil a ḟios agam cad as daoiḃ; imṫiġiḋ uaim a luċt an uilc do ḋéanaṁ.

28 Annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐ċífiḋ siḃ Abraċam, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáiḋe go léir i ríoġaċt Dé, agus siḃ féin díbearṫa amaċ.

29 Agus tiocfaiḋ siad ó’n doṁan ṫoir, agus ó’n doṁan ṫiar, andeas agus adtuaiḋ, agus suiḋfiḋ siad síos i ríoġaċt Dé.

30 Agus féaċ, atá daoine ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ, agus atá daoine ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ.

31 An lá céadna sin ṫáinig cuid de na Fairisíneaċaiḃ, g‐á ráḋ leis, Imṫiġ agus fág an áit seo; óir atá Ioruaṫ ar tí do ṁarḃṫa.

32 Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ agus abraiḋ leis an sionnaċ sin, Féaċ, atáim ag cur deaṁan amaċ, agus ag déanaṁ leiġiseann indiu agus amáraċ, agus béiḋ deireaḋ liom an treas lá.

33 Aċt ċeana caiṫfead ḃeiṫ ag gluaiseaċt róṁam indiu, agus amáraċ agus arḃu amáraċ: óir ní féidir go ḃfaiġeaḋ fáiḋ bás taoḃ amuiġ de Iarúsalem.

34 A Iarúsalem, a Iarúsalem, ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san a curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe dob’ áil liom do ċlann do ċruinniú le ċéile, mar ċruinnuiġeas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil leat é!

35 Féaċ, fágṫar ḃúr dteaġlaċ i n‐uaigneas agaiḃ: agus adeirim‐se liḃ, Ní ḟeicfiḋ siḃ mise arís go dtí go n‐abróċaiḋ siḃ, Is beannuiġṫe an té ṫig i n‐ainm an Tiġearna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan