Lúcas 12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Fá’n am sin, nuair do ḃí na mílte móra ag cruinniú le ċéile, i dtreo go raḃadar ag satailt ar a ċéile, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ le n‐a ḋeisceablaiḃ ar dtús, Seaċnaiḋ laiḃín na ḃFairisíneaċ, is é sin an fuar‐ċráḃaḋ. 2 Aċt ní ḟuil éinniḋ fá ċéilt naċ noċtfar, ná i ḃfolaċ naċ dtiocfaiḋ ċum eolais. 3 D’á ḃriġ sin, cibé niḋ aduḃraḃar sa dorċaċt, do‐ċluinfear é sa tsolas; agus na neiṫe aduḃraḃar i gcluais sa tseomra istiġ, craoḃscaoilfear iad ó ḃárraiḃ na dtiġṫe. 4 Agus adeirim liḃ, a ċáirde, Ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san ṁarḃas an corp, agus naċ ḃféadann a ṫuilleaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a ḋiaiḋ sin. 5 Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean. 6 Naċ ndíoltar cúig gealḃain ar ḋá ḟeoirling? agus ní déantar dearmad ar ġealḃan aca i ḃfiaḋnaise Dé. 7 Aċt atá ribí ḃúr ngruaige go léir cóṁairiṁṫe. Ná bíoḋ eagla oraiḃ: is mó is fiú siḃ‐se ’ná mórán gealḃan. 8 Agus adeirim liḃ, Cibé duine adṁóċas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé: 9 aċt an té ṡéanfas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, séanfar eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé. 10 Agus cibé duine laḃarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é: aċt an té adéarfas dia‐ṁaslaḋ i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó‐san e. 11 Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ: 12 óir múinfiḋ an Spiorad Naoṁ daoiḃ ar an uair sin cad ba ċeart daoiḃ do ráḋ. 13 Agus aduḃairt duine de’n tsluaġ leis, A Ṁáiġistir, abair lem’ ḋearḃráṫair an oiġreaċt do roinnt liom. 14 Aċt aduḃairt seisean leis, A ḋuine, cia ċeap mise ċum ḃeiṫ im’ ḃreiṫeaṁ nó im’ ṁoltóir ós ḃúr gcionn? 15 Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire, agus seaċnaiḋ siḃ féin ar an tsainnt: óir ní i ḃflúirse a ḃfuil aige atá beaṫa an duine. 16 Agus do laḃair sé saṁlaoid leo, Ṫug talaṁ acfuinniġ éigin toraḋ mór: 17 agus do‐rinne sé maċtnaṁ ’n‐a aigne g‐á ráḋ, Créad do‐ġéanad, óir ní ḟuil sliġe agam ċum mo ċuid torṫaí do ċur i dtaisce? 18 Agus aduḃairt sé, Is é rud do‐ġéanad: leagfad mo sciobóil, agus tógfad sciobóil ḃéas níos mó ’ná iad; agus cuirfead mo ċuid arḃair agus mo ṁaoin go léir i dtaisce ionnta. 19 Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóṫain ṁór maoine curṫa i dtaisce agat i gcóṁair mórán bliaḋan le teaċt; ceap do ṡuaiṁneas, bí ag iṫe, agus bí ag ól, agus bí súgaċ. 20 Aċt aduḃairt Dia leis, A ḋuine gan ċéill, éileoċar t’anam ort anoċt féin; agus cia aige go mbéiḋ gaċ a ḃfuil curṫa le ċéile agat? 21 Mar sin do’n té ċruinniġeas stór dó féin, agus naċ ḃfuil saiḋḃreas i nDia aige. 22 Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, créad íosfas siḃ; ’ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, créad ċuirfeas siḃ oraiḃ. 23 Óir is mó an ḃeaṫa ’ná an biaḋ, agus is mó an corp ’ná na h‐éadaiġe. 24 Breaṫnuiġiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuireann siad síol, agus ní ḃaineann siad fóġṁar; agus ní ḟuil taisce ná scioból aca; agus beaṫuiġeann Dia iad: naċ mó go mór is fiú siḃ‐se ’ná na h‐éanlaiṫe! 25 Agus ciaca ḋíḃ‐se d’ḟéadfaḋ, dá ṁéid a imniḋe, bannláṁ do ċur le n‐a aoirde? 26 Mar sin de, muna féidir ḋaoiḃ an niḋ is suaraiġe do ḋéanaṁ, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ fá imniḋe i dtaoḃ éinniḋ eile? 27 Breaṫnuiġiḋ na lilí, cionnas ḟásas siad; ní ḋéanann siad saoṫar ’ná sníoṁ; aċt adeirim‐se liḃ, Ní raiḃ Solaṁ, ’n‐a ġradam uile, éidiġṫe mar ċeann aca‐san 28 Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig? 29 Ná biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, g‐á ḟiafruiġe créad íosfas siḃ, agus créad ólfas siḃ, agus ná bíoḋ inntinn ċorraċ agaiḃ. 30 Óir is iad sin na neiṫe go mbíonn cineaḋaċa an doṁain ar a lorg: aċt is eol d’ḃúr nAṫair go ḃfuil gáḃaḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin. 31 Aċt loirgiḋ a ríoġaċt‐san, agus do‐ḃéarfar na neiṫe sin daoiḃ sa mbreis. 32 Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ. 33 Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann. 34 Óir an áit ’n‐a mbíonn ḃúr stór, is ann ḃéas ḃúr gcroiḋe, ċóṁ maiṫ. 35 Bíoḋ ḃúr gcrioslaċ fáscṫa agaiḃ, agus ḃúr lócrainn ar lasaḋ; 36 agus biḋiḋ féin mar do ḃéaḋ daoine agus iad ag fuireaċ ar a dtiġearna, go ḃfillfiḋ sé ó’n mbainis; i dtreo, nuair ṫig sé agus ḃuaileas sé, go ḃfosclóċaiḋ siad dó ar an láṫair. 37 Is aoiḃinn do na seirḃíseaċaiḃ sin go ḃfaiġiḋ a dtiġearna iad ag áirdeall nuair ṫiocfas sé: go fírinneaċ adeirim liḃ go gcuirfiḋ sé a ċrios air féin, agus go gcuirfiḋ sé ’n‐a suiḋe ċum biḋ iad, agus go dtiocfaiḋ sé ag déanaṁ freastail orṫa. 38 Agus má’s le linn an dara, nó le linn an treas faire ṫiocfas sé, agus go ḃfaiġiḋ sé mar sin iad, is aoiḃinn dóiḃ‐sean. 39 Aċt biḋiḋ cinnte ḋe seo, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cia an uair a ḃí an gadaiḋe le teaċt, go ndéanfaḋ sé faire, agus naċ leigfeaḋ sé a ṫeaċ do ḃriseaḋ. 40 Biḋiḋ‐se ullaṁ, mar an gcéadna: óir is ar uair naċ ḃfuil coinne agaiḃ leis ṫiocfas Mac an Duine. 41 Agus aduḃairt Peadar, A Ṫiġearna, an dúinne atáir ag innsint na saṁlaoide seo nó do ċáċ? 42 Agus aduḃairt an Tiġearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallṁar, go gcuirfiḋ a ṫiġearna é i mbun a ṫeaġlaiġ, ċum go dtiuḃraiḋ sé a gcuid biḋ ḋóiḃ i dtráṫ? 43 Is aoiḃinn do’n tseirḃíseaċ úd go ḃfaiġiḋ a ṫiġearna g‐á ḋéanaṁ nuair ṫiocfas sé. 44 Go fírinneaċ adeirim liḃ, go gcuirfiḋ sé é i ḃfeiġil a ḃfuil aige. 45 Aċt má deir an seirḃíseaċ úd ’n‐a ċroiḋe istiġ, Is fada atá mo ṫiġearna gan teaċt; agus go dtosnóċaiḋ sé ar na buaċaillí agus ar na cailíní aimsire do ḃualaḋ, agus ar ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól, agus ar ḃeiṫ ar meisce; 46 tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ úd an lá naċ mbéiḋ coinne aige leis, agus gearrfaiḋ sé ó ċéile é, agus do‐ḃéarfaiḋ sé a ċuid dó i measc luċta dí‐ċreidiṁ. 47 Agus an seirḃíseaċ úd ag a raiḃ fios tola a ṫiġearna, agus naċ ndearna aon ullṁú, agus naċ ndearna de réir a ṫola, geoḃfar go trom air; 48 aċt an té úd naċ raiḃ a ḟios aige, agus do‐rinne neiṫe do ṫuill bualaḋ, geoḃfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugaḋ mórán, éileoċar mórán air: agus an té gur fágaḋ mórán ar a ċúram aige, iarrfar breis air. 49 Ṫánag‐sa ċum teine do ċur ar an talaṁ, agus créad is mian liom aċ í ḃeiṫ ar lasaḋ anois féin? 50 Aċt atá agam baisteaḋ le n‐a mbaistfear mé; agus cad é an ceangal atá orm nó go gcóiṁlíontar é! 51 An measann siḃ gur ċum síoṫċána do ċur ar talaṁ ṫánag‐sa? Ní h‐eaḋ, adeirim liḃ, aċt ċum easaontais: 52 óir as so amaċ béiḋ cúigear i dtiġ aṁáin agus iad i n‐aċrann le ċéile, triúr i n‐aġaiḋ beirte, agus beirt i n‐aġaiḋ trír. 53 Béiḋ an t‐aṫair ag cur i n‐aġaiḋ an ṁic, agus an mac i n‐aġaiḋ an aṫar; an ṁáṫair i n‐aġaiḋ na h‐inġine, agus an inġean i n‐aġaiḋ a máṫar; an ṁáṫair ċéile i n‐aġaiḋ mná an ṁic, agus bean an ṁic i n‐aġaiḋ máṫar a céile. 54 Agus aduḃairt sé fós leis na sluaiġtiḃ, Nuair do‐ċí siḃ scamall ag éirġe san iarṫar, adeir siḃ láiṫreaċ, Sin cioṫ ag teaċt; agus bíonn sé aṁlaiḋ. 55 Agus nuair do‐ċí siḃ an ġaoṫ andeas ag séideaḋ, adeir siḃ, Béiḋ broṫall ann; agus bíonn. 56 A ċealgairí, is eol daoiḃ gné na talṁan agus na spéire do ḃreaṫnú; aċt cad ċuige naċ eol daoiḃ gné na h‐aimsire seo do ḃreaṫnú? 57 Agus cad ċuige naċ mbreaṫnuiġeann siḃ uaiḃ féin an niḋ is ceart? 58 Óir, nuair ḃíonn tú ag dul i n‐éinḟeaċt led’ náṁaid i láṫair an ġiúistís, sa tsliġe ḋuit, déan do ḋíċeall ċum réiḋteaċ do ḋéanaṁ leis; ar eagla go dtarraingeoċaḋ sé os cóṁair an ḃreiṫeaṁan ṫú, agus go dtiuḃraḋ an breiṫeaṁ suas do’n ḟeaḋmannaċ ṫú, agus go gcuirfeaḋ an feaḋmannaċ i bpríosún ṫú. 59 Adeirim leat, Ní ṫiocfaiḋ tú amaċ as, ar ċor ar biṫ, nó go n‐íocair an ḟeoirling ḋeiriḋ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society