Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Lúcas 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a ḋiaiḋ sin d’órduiġ an Tiġearna deiċneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé roiṁe amaċ iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gaċ caṫair agus áit ’n‐a raiḃ sé féin le teaċt.

2 Agus aduḃairt sé leo, Is mór é an fóġṁar, aċt is suaraċ iad an luċt oibre: uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟóġṁair buanaiḋṫe do ċur amaċ ċum a ḟóġṁair.

3 Imṫiġiḋ róṁaiḃ: féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ aṁail caoiriġ i measc madaḋ allta,

4 Ná tógaiḋ liḃ sparán, ná mála, ná bróga: agus ná beannuiġiḋ d’aon duine ar an mbóṫar.

5 Agus cibé teaċ ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, abraiḋ ar dtús, Síoṫċáin ar an tiġ seo.

6 Agus má atá mac síoṫċána ann, fanfaiḋ ḃúr síoṫċáin air: aċt muna ḃfuil, fillfiḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin.

7 Agus fanaiḋ sa tiġ céadna sin, ag iṫe agus ag ól a dtugtar duit: óir is fiú an t‐oibriḋe a ṫuarastal.

8 Ná biḋiḋ ag dul ó ṫiġ go tiġ. Agus cibé caṫair ’n‐a raċaiḋ siḃ, agus go nglacfar siḃ, iṫiḋ a gcurfar róṁaiḃ:

9 agus leiġeasaiḋ na daoine breoite sa gcaṫair sin, agus abraiḋ leo, Atá ríoġaċt Dé druidṫe liḃ.

10 Aċt cibé caṫair ’n‐a raċaiḋ siḃ isteaċ, agus naċ nglacfar siḃ, téiġiḋ amaċ ar ṡráidiḃ na caṫraċ, agus abraiḋ, Luaiṫreaḋ ḃúr gcaṫraċ féin ġreaṁuiġeas d’ár gcosaiḃ,

11 croiṫimís dínn é ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ: aċt ċeana, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ríoġaċt Dé druidṫe liḃ.

12 Adeirim‐se liḃ gur sócaṁlaiġe do Ṡodom, an lá sin, ’ná do’n ċaṫair sin.

13 Is mairg duit, a Ċórasin! is mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na míorḃailte do rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fada ó ḃéaḋ aiṫriġe déanta aca, agus iad ’n‐a suiḋe i n‐éadaċ róin agus i luaiṫ.

14 Aċt, ċeana, ba ṡócaṁlaiġe do Ṫuire agus do Ṡídóin sa mbreiṫeaṁnas ’ná ḋaoiḃ‐se.

15 Agus tusa, a Ċafarnaúm, an dtógfar ṫú suas go neaṁ? síos go h‐ifreann cuirfear ṫú.

16 An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.

17 Agus d’ḟill an deiċneaḃar agus trí fiċid ar ais, agus áṫas orṫa, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, atá na deaṁain féin fá smaċt againn tré t’ainm‐se.

18 Agus aduḃairt seisean leo, Do ċonnacas Sátan ag tuitim ó, neaṁ mar scail teinntriġe.

19 Féaċaiḋ, atá cumas taḃarṫa agam daoiḃ ċum naṫraċa niṁe agus scairpeanna do ḃrúġaḋ fá ċois, agus buaiḋ ar gaċ neart na náṁad: agus ní ḋéanfaiḋ éinniḋ anaċain ar biṫ oraiḃ.

20 Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ.

21 Le linn na h‐uaire céadna sin do líonaḋ é de ġáirdeaċas mór tríd an Spiorad Naoṁ, agus aduḃairt sé, Do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe sin ar Luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do leanḃaiḃ iad: do‐rinnis é, a Aṫair; óir ba é do ṫoil féin é.

22 Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.

23 Agus ag iompoḋ ċum a ḋeisceabal dó, aduḃairt sé ós íseal, Is aoiḃinn do na súiliḃ do‐ċí na neiṫe do‐ċí siḃ‐se:

24 óir adeirim liḃ gurab iomḋa fáiḋ agus rí le n‐ar mian na neiṫe do‐ċí siḃ‐se d’ḟeicsin, agus naċ ḃfacadar iad; agus na neiṫe do‐ċluin siḃ‐se do ċlos, agus naċ gcualadar iad.

25 Agus féaċ, d’éiriġ fear dliġe ’n‐a ṡeasaṁ, agus do ḃain sé triail as, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, créad atá le déanaṁ agam ċum na beaṫaḋ síorraiḋe d’ḟáġáil mar oiġreaċt.

26 Agus aduḃairt sé leis, Créad atá scríoḃṫa sa dliġe? cionnas léiġeas tú?

27 Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt. Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ód’ ċroiḋe go h‐iomlán, agus ód’ anam go h‐iomlán; agus ód’ aigne go h‐iomlán; agus do ċóṁarsa mar ṫú féin.

28 Agus aduḃairt sé leis, Is maiṫ an freagra ṫugais: déan é sin, agus mairfir.

29 Aċt aduḃairt seisean le h‐Íosa, agus fonn air a ḟíréanú féin.

30 Agus cia h‐é mo ċóṁarsa? D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé, Do ḃí duine ag dul síos ó Iarúsalem go h‐Ieriċó; agus ṫeagṁuiġ sé le gadaiḋṫiḃ, do ṡlad agus do ḃuail é, agus d’imṫiġeadar, tar a éis dóiḃ a ḟágáil leaṫ‐ṁarḃ.

31 Agus ṫarla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bealaċ céadna: agus nuair do ċonnaic sé é do ġaḃ sé ṫairis ar an taoḃ eile.

32 Agus mar an gcéadna, ṫáinig Léḃíteaċ ċum na h‐áite, agus nuair do ċonnaic sé é, do ġaḃ sé ṫairis ar an taoḃ eile.

33 Aċt Samáritánaċ áiriṫe, do ḃí ag gaḃáil na sliġe, ṫáinig sé ċum na h‐áite ’n‐a raiḃ sé:

34 agus nuair do ċonnaic sé é, do ġaḃ truaġ ṁór dó é, agus do ċuaiḋ sé ċuige, agus do ċeangail sé a ċneaḋaċa, ag dortaḋ ola agus fíona orṫa; agus do ċuir sé ar muin a ḃeiṫiḋiġ féin é, agus ṫug sé leis é go tiġ ósta, agus ṫug sé aire ḋó.

35 Lá ar n‐a ḃáraċ do ṫóg sé amaċ ḋá ṗinginn agus ṫug sé do’n óstóir iad, agus aduḃairt sé, Taḃair aire ḋó; agus cibé méid ċaiṫfeas tú sa mbreis, cúiteoċadsa leat é, nuair ṫiocfas mé arís.

36 Cia aca de’n driúr úd, an measann tú, ba ċóṁarsa do’n duine do ṫeagṁuiġ leis na gadaiḋṫiḃ?

37 Agus aduḃairt seisean, An té ṫug truaġ ḋó. Agus aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ‐se, agus déan mar an gcéadna.

38 Agus sa tsliġe ḋóiḃ, do ċuaiḋ sé isteaċ i mbaile beag: agus do ġlac bean darḃ ainm Marta isteaċ ’n‐a tiġ é.

39 Agus do ḃí deirḃṡiúr aici darḃ ainm Máire, do ṡuiḋ ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n‐a ḃriaṫar.

40 Agus do ḃí Marta an‐ḃroideaṁain ag frioṫáileaṁ; agus ṫáinig sí ċuige, agus aduḃairt sí, A Ṫiġearna, naċ cás leat gur ḟág mo ḋeirḃṡiúr orm‐sa an frioṫáileaṁ do ḋéanaṁ im’ aonar? abair léi ḃeiṫ ag cuidiú liom.

41 Aċt d’ḟreagair an Ṫiġearna agus aduḃairt sé léi, A Ṁarta, a Ṁarta, atá a lán neiṫe ag cur imniḋe agus buaiḋearṫa ort:

42 aċt ní ḟuil gáḃaḋ aċt le h‐aon niḋ aṁáin: óir do ṫoġ Máire an ċuid is fearr, agus ní tógfar uaiṫi é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan