Heṗesiánaċ 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se aiṫris ar Ḋia, mar ḋéanfaḋ a ċlann ionṁain féin; 2 agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia. 3 Aċt striapaċas, agus gaċ saġas neaṁ‐ġlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐ḃur measc, mar ba ċóir do naoṁaiḃ; 4 ná cainnt draostaṁail, diṫ‐céilliḋe, ná magaṁlaċt, neiṫe naċ cuiḃe: aċt, ’n‐a ionad sin, bíoḋ breiṫ buiḋeaċais. 5 Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir. 6 Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta. 7 Ná biḋiḋ‐se páirteaċ leo‐san, 8 mar sin; óir do ḃíoḃar ’n‐ḃur ndorċaċt tráṫ, aċt atá siḃ anois ’n‐ḃur solas san Tiġearna: siuḃlaiḋ ar nós clainne an tsolais. 9 (Óir atá toraḋ an tsolais i ngaċ saġas maiṫeasa, agus fíréantaċta, agus fírinne), 10 ag scrúdú a dtaiṫniġeann leis an Tiġearna; 11 agus ná bíoḋ aon roinn agaiḃ le gnóṫaiḃ neaṁ‐ṫairḃeaċa an dorċadais, aċt ’n‐a ionad sin, 12 loċtuiġiḋ iad: óir na neiṫe ċleaċtas siad os íseal, is náire é oiread agus tráċt orṫa. 13 Aċt na neiṫe uile loċtuiġtear, bíonn siad soiléir nuair noċtar fá’n solas iad: óir gaċ niḋ atá soiléir is de’n tsolas é: 14 uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort. 15 D’á ḃriġ sin biḋiḋ an‐aireaċ i dtaoḃ an tsaoġail ċaiṫeas siḃ, ní ar nós daoine diṫ‐céilliḋe, aċt ar nós daoine céilliḋe; 16 ag baint tairḃe as an uain, óir is olc iad na laeṫe seo. 17 D’á ḃriġ sin ná biḋiḋ diṫ‐céilliḋe, aċt tuigiḋ cad é deaġ‐ṫoil an Tiġearna. 18 Agus ná biḋiḋ ar meisce le fíon; ainṁeasarḋaċt is eaḋ é sin, aċt biḋiḋ lán de’n Spiorad; 19 ag laḃairt le ċéile i salmaiḃ, agus i n‐iomnaiḃ, agus i ndántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt agus ag déanaṁ ceoil ’n‐ḃur gcroiḋe do’n Tiġearna; 20 ag breiṫ buiḋeaċais de ṡíor as uċt an uile niḋ le Dia Aṫair i n‐ainm an Tiġearna Íosa Críost; 21 ag géilleaḋ d’á ċéile i n‐eagla Ċríost. 22 A ṁná, biḋiḋ uṁal d’ḃur ḃfearaiḃ féin, mar ḃéaḋ siḃ do’n Tiġearna. 23 Óir is é an fear ceann na mná, fá mar is é Críost ceann na h‐eaglaise, agus is é féin slánuiġṫeoir an ċuirp. 24 Aċt fá mar tá an eaglais uṁal do Ċríost, gur ab aṁlaiḋ ḃéas na mná uṁal d’á ḃfearaiḃ féin ins gaċ éinniḋ mar an gcéadna. 25 A ḟeara, bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃur mnáiḃ, fá mar ġráḋuiġ Críost an eaglais agus ṫug é féin suas ar a son; 26 ċum go naoṁóċaḋ sé í, g‐á glanaḋ leis an mbriaṫar fá ṫuinn an ḃaistiḋ, 27 ċum an eaglais do ċur i n‐áiriṫe ḋó féin mar eaglais ġlórṁar, gan smál, gan roc, gan éinniḋ d’á ṡaṁail: aċt go mbéaḋ sí beannuiġṫe, gan loċt. 28 Mar sin bá ċóir do na fearaiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á mnáiḃ féin mar ṫiuḃraidís d’á gcorpaiḃ féin. An té do‐ḃeir gráḋ d’á ṁnaoi, 29 is dó féin do‐ḃeir sé é óir ní ṫug aon duine fuaṫ ariaṁ d’á ḟeoil féin, aċt is aṁlaiḋ ḃeaṫuiġeas agus ċoṫuiġeas sé í, fá mar ċoṫuiġeas Críost an eaglais; 30 óir is baill d’á ċorp sinne. 31 Is ar an aḋḃar sin ḟágfas fear a aṫair agus a ṁáṫair, agus ċlaoiḋfeas sé le n‐a ṁnaoi; agus béiḋ siad araon ’n‐a n‐aon ḟeoil aṁáin. 32 Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ. 33 Giḋeaḋ, taḃraḋ gaċ duine agaiḃ gráḋ d’á ṁnaoi mar ṫugann sé dó féin é; agus féaċaḋ an ḃean ċuige go dtiuḃraiḋ sí urraim d’á fear. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society