Heṗesiánaċ 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt, 2 le foiḋne, ag géilleaḋ d’á ċéile i ngráḋ: 3 ag déanaṁ ḃur ndíċill ċum aondaċt an Spioraid do ċoiṁeád i gcuing na síoṫċána. 4 Ní ḟuil ann aċt an t‐aon ċorp aṁáin, agus an t‐aon Spiorad aṁáin, fá mar glaoḋaḋ siḃ ċum aon dóċais aṁáin ḃaineas le n‐ḃur ngairm; 5 aon Tiġearna aṁáin, aon ċreideaṁ aṁáin, aon ḃaisteaḋ aṁáin, 6 aon Dia aṁáin, Aṫair an uile ḋuine, é os cionn an uile, agus tríd an uile, agus i measc an uile. 7 Aċt tugaḋ grása do gaċ duine againn do réir miosúir bronntanais Ċríost. 8 Uime sin is eaḋ adeir sé, Do ċuaiḋ sé suas i n‐áirde, rug sé braiġdeánas ’n‐a ḃraiġdeán, Agus ṫug sé bronntanais do na daoiniḃ. 9 (Anois, Do ċuaiḋ sé suas, créad is ciall leis, munab é go ndeaċaiḋ sé síos ar dtús i réigiúnaiḃ íoċtaraċa na talṁan? 10 An té do ċuaiḋ síos, is eisean, leis, do ċuaiḋ suas i n‐áirde i ḃfad os cionn na ḃflaiṫeas, ċum go líonfaḋ sé gaċ uile niḋ). 11 Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ; 12 ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile: 13 nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta, 14 ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta: 15 aċt ag laḃairt na fírinne i ngráḋ, go ḃfásaimís san uile niḋ ċum aondaċta san té is príṁ‐ċeann, is é sin Críost. 16 Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ. 17 Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ, 18 do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá ḋorċadas aca, iad dealuiġṫe ó’n mbeaṫaiḋ do‐ḃeir Dia, de ċionn an ainḃfeasa atá ionnta, de ċionn cruaḋais a gcroiḋe; 19 ar mbeiṫ ḋóiḃ gan moṫú, ṫugadar iad féin do ḋroċ‐nósaiḃ, ċum gaċ neaṁ‐ġlaine do ċleaċtaḋ le sainnt. 20 Aċt ní mar sin d’ḟoġlaim siḃ‐se Críost; 21 má’s fíor go gcualaḃar é, agus go ḃfuaraḃar teagasc ann, do réir mar tá an ḟírinne i nÍosa. 22 Maidir le n‐ḃur saoġal roiṁe seo, cuiriḋ ḋíḃ an seanduine atá d’á ṫruailliú ag ainṁiantaiḃ na ceilge, 23 agus biḋiḋ d’ḃur n‐aṫnuaḋaḋ i spiorad ḃur n‐aigne: 24 agus cuiriḋ umaiḃ an nua‐ḋuine atá cruṫuiġṫe do réir Dé i ḃfíréantaċt agus i ḃfíor‐naoṁṫaċt. 25 Uime sin, ag diúltaḋ do’n ḃréagaireaċt, laḃraḋ gaċ duine agaiḃ an ḟírinne le n‐a ċóṁarsain: óir is baill d’á ċéile sinn; 26 Má ḃíonn fearg oraiḃ, ná déanaiḋ peacaḋ; ná maireaḋ ḃur ḃfearg go luiġe gréine; 27 agus ná taḃraiḋ sliġe do’n diaḃal. An té do rinne goid, 28 ná déanaḋ sé goid ’n‐a ḋiaiḋ seo: aċt ’n‐a ionad sin déanaḋ sé saoṫar, ag déanaṁ oibre fóġanta le n‐a láṁaiḃ, ar ṁoḋ go mbéiḋ rud aige le taḃairt do’n té atá ’n‐a easbaiḋ. 29 Ná leigiḋ d’aon droċ‐ċainnt teaċt as ḃur mbéal, aċt cainnt ḟóġanta raċas ċum tairḃe, do réir mar ḃéas gáḃaḋ léi, ċum go dtiuḃraiḋ sí grása do’n luċt éisteaċta. 30 Agus ná cuiriḋ doilġíos ar Spiorad Naoṁ Dé, ó n‐ar cuireaḋ séala oraiḃ ċum lae an ḟuascailte. 31 Curtar uaiḃ gaċ seirḃe, agus aingiḋeaċt, agus fearg, agus caismirt, agus iṫiomráḋ, agus an uile ṡaġas droċ‐rúin: 32 agus biḋiḋ muinntearḋa le ċéile, deaġ‐ċroiḋeaċ, ag maiṫeaṁ d’á ċéile, fá mar tá maiṫte ag Dia i gCríost daoiḃ‐se. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society