Heṗesiánaċ 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa, 2 Cineaḋaċa — má’s fíor go gcualaḃar cionnas mar cuireaḋ de ḋualgas orm grása Dé do ḋáileaḋ oraiḃ; 3 cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr, 4 ó n‐a ḃféadann siḃ, g‐á léiġeaṁ ḋaoiḃ, m’eolas ar ruindiaṁair Ċríost do ṫuigsin; 5 nár foillsiġeaḋ do ċlannaiḃ daonna ins na h‐aoisiḃ eile, fá mar tá sé foillsiġṫe anois d’á naoṁ‐abstalaiḃ agus d’á naoṁ‐ḟáiḋiḃ tríd an Spiorad: 6 is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe, 7 do réir bronntanais grása Dé tugaḋ ḋom tré ḃriġ a ċuṁaċta. 8 Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ; 9 agus a ċur i dtuigsin cionnas mar dáileaḋ an rúindiaṁair do ḃí fá ċeilt leis na ciantaiḃ i nDia do ċruṫuiġ gaċ uile niḋ; 10 ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa, 11 do réir a raiḃ ceapṫa aige leis na ciantaiḃ i nÍosa Críost ár dTiġearna: 12 tré n‐a ḃfuil dánaiḋeaċt agus sliġe againn ċum teaċt ċuige de ḃarr ár gcreidiṁ ann. 13 D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad. 14 Ar an aḋḃar sin feacaim mo ġlúna roiṁ an Aṫair, 15 ó n‐a n‐ainmniġtear gaċ cineaḋ d’á ḃfuil ar neaṁ agus ar talaṁ, 16 ċum go dtiuḃraiḋ sé ḋaoiḃ do réir saiḋḃris a ġlóire, ḃeiṫ neartuiġṫe go bríoġṁar tríd a Spiorad san anam istiġ; 17 ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ, 18 go mbéiḋ ar ċumas daoiḃ, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁaiḃ uile, a ṫuigsin cad é a leiṫead, 19 agus a ḟaide, agus a ḋoiṁneaċt, agus gráḋ Ċríost, ṡáruiġeas gaċ eolas, d’aiṫint, ċum go líonfar le lán‐líonṁaireaċt Dé siḃ. 20 Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn, 21 dó san go raiḃ an ġlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoġal na saoġal. Amen. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society