Heṗesiánaċ 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta, 2 ’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta. 3 Do ċaiṫeamair‐ne, leis, ár saoġal tráṫ ’n‐a measc do réir ainṁianta na feola, ag cleaċtaḋ tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúṫċais do ḃíomar ’n‐ár gclainn díḃeirge, ar nós daoine eile: 4 aċt Dia, atá saiḋḃir i dtrócaire, as uċt an ġráḋa ṁóir atá aige ḋúinn, 5 nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis, 6 agus do ċuir sé ’n‐ár suiḋe sinn i n‐éinḟeaċt leis ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i nÍosa Críost: 7 ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost: 8 óir is le grása do slán uiġeaḋ siḃ tré ċreideaṁ; ní uaiḃ féin é: bronntanas Dé is eaḋ é: 9 ní ó oibreaċaiḃ é, ar eagla go ndéanfaḋ aon duine maoiḋṁeaċas. 10 Óir is sinne obair a láiṁe, do cruṫuiġeaḋ i nÍosa Críost ċum deaġ‐ġníoṁarṫa, d’ullṁuiġ Dia roiṁ ré ċum go gcleaċtfaimís iad. 11 Cuiṁniġiḋ’ d’á ḃriġ sin, siḃ‐se Cineaḋaċa do réir na feola, ar a ḃfuil Neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ tugṫa mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timċeall‐ġearraḋ mar ainm, san ḃfeoil, do rinneaḋ le láṁaiḃ, 12 cuiṁniġiḋ go raḃaḃar dealuiġṫe ó Ċríost an tráṫ sin, gearrṫa ó ṁuinntir Israel, ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ do ċoinġeallaċaiḃ na geallaṁna, gan dóċas, gan Dia san tsaoġal. 13 Aċt anois, siḃ‐se do ḃí i gcéin roiṁe seo, atá siḃ taḃarṫa i gcóṁgar tré ḟuil Ċríost. 14 Óir is eisean ár síoṫċáin, an té do rinne aon duine aṁáin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann, 15 tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís, 16 ag déanaṁ síoṫċána; agus iad do réiḋteaċ le ċéile i gcorp aṁáin ċum Dé de ḃárr na croise, ag marḃaḋ an náiṁdeaċais d’á ċionn sin: 17 agus ṫáinig sé agus d’ḟógair sé síoṫċáin daoiḃ‐se do ḃí i gcéin, agus síoṫċáin dóiḃ‐sean do ḃí i gcóṁgar: 18 óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean. 19 D’á ḃriġ sin ní ḟuil siḃ níos mó ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ, ná ’n‐ḃur ndeoraiḋṫiḃ, aċt atá siḃ ’n‐ḃur luċt aon‐ċaṫraċ leis na naoṁaiḃ, ’n‐ḃur luċt aointiġis ag Dia, 20 atá siḃ tógṫa ar ḃun na n‐abstal agus na ḃfáiḋ gur ab é Críost féin an ṗríoṁ‐ċloċ ċúinne ḋe; 21 go ḃfásann an foirgneaṁ ar fad ’n‐a ṫeampall naoṁṫa ann san Tiġearna, agus é ċóṁċurṫa le ċéile i gceart. 22 Is ann atá siḃ cóṁṫoġṫa le ċéile ċum áitreaḃ do ḋéanaṁ do Ḋia san Spiorad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society