Gníoṁarṫa 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail. 2 Uime sin do ġlaoḋ an dáréag an ċoitċeanntaċt de na deisceablaiḃ ċuca, agus aduḃradar, Ní ceart dúinne failliġe do ḋéanaṁ i mbriaṫar Dé, agus ḃeiṫ ag freastal bórd. 3 Uime sin, a ḃráiṫreaċa, toġaiḋ ’n‐ḃúr measc féin móirṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad. 4 Aċt leanfaimíd‐ne de’n urnaiġe i gcóṁnaiḋe, agus de ċraoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair. 5 Agus do ṫaiṫin an ċóṁairle sin leis an gcóṁ‐ċruinniú: agus do ṫoġadar Stiofán, fear do ḃí lán de ċreideaṁ agus de’n Spiorad Naoṁ, agus Pilib, agus Próċorus, agus Nicanór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nioclás, prosélíteaċ ó Antuaiġ: 6 do ċuireadar iad sin i láṫair na n‐abstal: agus, tar éis dóiḃ guiḋe do ḋéanaṁ, do ċuireadar a láṁa orṫa. 7 Agus do ḃí briaṫar Dé ag leaṫaḋ; agus ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid go mór i nIarúsalem; agus do ḃí a lán de na sagartaiḃ d’uṁluiġ do’n ċreideaṁ. 8 Agus do‐rinne Stiofán, agus é lán de ġrás agus de ċuṁaċt, míorḃailtí agus cóṁarṫaí i measc na ndaoine. 9 Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán. 10 Agus do ṡáruiġ orṫa cur i gcoinniḃ na h‐eagna agus i gcoinniḃ an Spioraid le n‐ar laḃair sé. 11 Annsin ṫugadar isteaċ daoine áiriṫe, aduḃairt, Do‐ċualamar é ag laḃairt go diaṁasluiġṫeaċ i n‐aġaiḋ Ṁaoise agus i n‐aġaiḋ Dé. 12 Agus do ġríosadar ar an gcuma sin an pobal, agus na seanóirí, agus na scríoḃaiḋṫe, agus ṫugadar ruaṫar faoi, agus rugadar air, agus ṫugadar isteaċ i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle é, 13 agus do ċuireadar suas fiaḋnaiḋṫe bréagaċa, aduḃairt, Ní stadann an duine seo, aċt é i gcóṁnaiḋe ag laḃairt go masluiġṫeaċ i n‐aġaiḋ na h‐áite naoṁṫa so, agus i n‐aġaiḋ na dliġe. 14 Oir do‐ċualamar é g‐á ráḋ, go scriosfaiḋ an t‐Íosa Nasarḋa so an áit seo, agus go n‐aṫróċaiḋ sé na cleaċta ṫug Maois dúinn. 15 Agus do ḃí súile a raiḃ san árdċóṁairle ag dearcaḋ go grinn air, agus do ċonnacadar a ġnúis mar ḃéaḋ gnúis aingil. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society