Gníoṁarṫa 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Aċt do ḃí fear darḃ ainm Ananias, mar aon le n‐a ṁnaoi Sapfíra, do ḋíol talaṁ, 2 agus do ċongḃuiġ cuid d’á luaċ, go ḃfios d’á ṁnaoi, agus ṫug cuid de, agus do ċuir ag cosaiḃ na n‐abstal é. 3 Aċt aduḃairt Peadar, A Ananiais, cad ċuige ar líon Sátan do ċroiḋe, go n‐innseoċá bréag do’n Spiorad Naoṁ, agus cuid de luaċ na talṁan do ċongḃáil? 4 An ḟaid do ḃí sé agat nár leat féin é? agus nuair do ḋíolais é, naċ raiḃ sé ar do ċead féin agat? Cad ċuige ḋuit an niḋ seo do ċeapaḋ id’ ċroiḋe? ní do ḋaoiniḃ d’innis tú bréag, aċt do Ḋia. 5 Agus nuair do‐ċuala Ananias na focail sin, do ṫuit sé ar lár agus d’éag sé. 6 Agus d’éiriġ na fir óga agus d’ḟilleadar éadaċ ’n‐a ṫimċeall, agus do ṫógadar amaċ é agus ċuireadar é. 7 Agus timċeall trí h‐uaire an ċluig ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig a ḃean isteaċ, agus gan a ḟios aice céard ṫárla. 8 Agus aduḃairt Peadar léi, Innis dom, an ar an oiread sin do ḋíol siḃ an talaṁ? Agus aduḃairt sise, Is eaḋ, ar an oiread sin. 9 Annsin aduḃairt Peadar léi, Caidé ṫug oraiḃ, beirt, froṁaḋ do ṫaḃairt ar Spiorad an Tiġearna? féaċ, atá cosa na ndaoine d’aḋlaic t’ḟear ag an doras, agus tógfaiḋ siad ṫusa amaċ. 10 Agus ar an láṫair do ṫuit sí ag a ċosaiḃ; agus d’éag sí: agus ṫáinig na fir óga isteaċ agus fuair siad marḃ í, agus do ṫógadar amaċ í, agus do ċuireadar í i n‐aice a fir. 11 Agus ṫáinig eagla ṁór ar an eaglais uile, agus orṫa‐san do‐ċuala na scéala sin. 12 Agus do ḃí a lán míorḃal agus iongantas d’á ndéanaṁ tré láṁaiḃ na n‐abstal i measc an ṗobail; agus do ḃídis uile d’aon toil i bpóirse Ṡolaiṁ. 13 Aċt níor láṁ aoinneaċ de na daoiniḃ eile dul i bpáirt leo: aċt ba ṁór an meas do ḃí ag an bpobal orṫa; 14 agus ba ṁó do ḃí na daoine do ċreid san Tiġearna, idir ḟearaiḃ agus ṁnáiḃ, ag dul i méid; 15 ionnas go n‐iomċraidís na daoine breoite amaċ ar na sráidiḃ, agus ċuiridís ar leabṫaċaiḃ agus ar ṫoċtaiḃ iad, le súil, ag dul ṫart do Ṗeadar, go dtuitfeaḋ a scáil féin ar ḋuine aca. 16 Agus do ṫagaḋ sluaġ as na caṫraċaiḃ do ḃí timċeall Iarúsalem, ag taḃairt na n‐oṫar, agus na ndaoine do ḃí cráiḋte ag spioraidiḃ neaṁ‐ġlana; agus do leiġeastaiḋe iad go léir. 17 Aċt d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart, agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair (aicme na Saddúicíneaċ), agus iad lán d’éad, 18 agus rugadar ar na h‐abstalaiḃ, agus do ċuireadar san bpríosún poibliḋe iad. 19 Aċt d’ḟoscail aingeal an Tiġearna dóirse an ṗríosúin san oiḋċe, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt, 20 Imṫiġiḋ, agus seasaiḋ san teampall, agus innisiḋ do na daoiniḃ briaṫra uile na Beaṫaḋ so. 21 Agus ar n‐a ċlos sin dóiḃ, do ċuadar isteaċ san teampall le breacaḋ an lae, agus do ḃíodar ag teagasc. Aċt ṫáinig an t‐árd‐ṡagart agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, agus do ċruinniġeadar an árd‐ċóṁairle agus seanóirí clainne Israel, agus ċuireadar teaċtaí ċum an ṗríosúin, go dtaḃarfaiḋe cuca iad. 22 Aċt do ċuaiḋ na h‐oifigí agus ní ḃfuaradar san bpríosún iad: agus d’ḟilleadar ar ais, agus d’inniseadar ’n‐a ṫaoḃ, 23 g‐á ráḋ, Fuaramar an príosún dúnta go dlúṫ, agus an luċt coiṁéadṫa ’n‐a seasaṁ ag na dóirsiḃ: aċt nuair d’ḟosclamar, ní ḃfuaramar aon duine istiġ. 24 Nuair do‐ċuala ceannṗort an teampaill agus uaċtaráin na sagart an ċainnt sin, do ḃí buaiḋirt aigne orṫa ’n‐a dtaoḃ, gan a ḟios aca créad do ṫiocfaḋ as. 25 Agus ṫáinig duine agus aduḃairt sé, Féaċ, na fir do ċuireaḃar san bpríosún, atáid ’n‐a seasaṁ san teampall ag teagasc an ṗobail. 26 Annsin d’imṫiġ an ceannṗort i n‐éinḟeaċt leis na h‐oifigeaċaiḃ, agus ṫug sé leis iad, gan aon éigean; óir do ḃí eagla an ṗobail orṫa, go ngaḃfaiḋe de ċloċaiḃ orṫa. 27 Agus nuair ṫugadar iad, do ċuireadar ’n‐a seasaṁ iad i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle. Agus do ċeistiġ an t‐árd‐ṡagart iad, g‐á ráḋ, 28 D’órduiġeamar daoiḃ go cruinn gan teagasc do ḋéanaṁ san ainm sin: agus féaċ, atá Iarúsalem líonta de ḃúr dteagasc agaiḃ, agus atá siḃ ag iarraiḋ fuil an duine sin do ṫarraing orainne. 29 Aċt d’ḟreagair Peadar agus na h‐abstail agus aduḃradar, Is mó is cuiḃe ḋúinn uṁlú do Ḋia ’ná do ḋaoiniḃ. 30 Do ṫóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marḃaḃair‐se g‐á ċroċaḋ ar ċrann. 31 D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel. 32 Agus atáimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ar na neiṫiḋ sin; agus an Spiorad Naoṁ ṫug Dia ḋóiḃ‐sean uṁluiġeas dó. 33 Aċt, ar n‐a ċlos sin dóiḃ‐sean, do ḃíodar ar buile, 34 agus do ḃí fonn orṫa iad do ṁarḃaḋ. Aċt d’éiriġ duine ’n‐a ṡeasaṁ san árd‐ċóṁairle, Fairisíneaċ dárḃ ainm Gamaliel, ollaṁ dliġiḋ, go raiḃ cion ag an bpobal air, agus d’órduiġ sé na fir do ċur ṫar doras amaċ tamall. 35 Agus aduḃairt sé leo, A ḟeara Israel, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire créad do‐ġéanaiḃ siḃ i dtaoḃ na ḃfear úd. 36 Óir tamall roiṁe seo d’éiriġ Teúdás, g‐á ċur i gcéill gur duine mór é féin; agus do ċlaoiḋ scata daoine, timċeall ceiṫre céad díoḃ leis: do marḃaḋ é; agus do scaipeaḋ iad‐san do lean é, agus ní ṫáinig éinniḋ d’á ḃárr. 37 I n‐a ḋiaiḋ sin d’éiriġ Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an ċóṁairiṁ, agus ṫarraing sé daoine ’n‐a ḋiaiḋ: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeaḋ an dream go léir do lean é. 38 Agus adeirim‐se liḃ anois, Seaċnaiḋ siḃ féin ar na fearaiḃ seo, agus leigiḋ ḋóiḃ: óir má’s ó ḋaoiniḃ an scéal nó an obair seo, raċaiḋ sé ar neaṁniḋ: 39 aċt má’s ó Ḋia é, ní ḃéiḋ ar ċumas daoiḃ a ċur ar ceal; ar eagla gur ag cur i gcoinniḃ Dé do ḃéaḋ siḃ. 40 Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad. 41 Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme. 42 Agus níor staonadar, san teampall agus ó ṫiġ go tiġ, gaċ lá, ó ḃeiṫ ag teagasc agus ag craoḃscaoileaḋ Íosa an Críost. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society