Gníoṁarṫa 4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus an ḟaid do ḃíodar ag laḃairt leis na daoiniḃ, ṫáinig na sagairt agus árd‐ḟeaḋmannaċ an teampaill orṫa, 2 agus mío‐ṡásaṁ mór orṫa toisc iad ḃeiṫ ag teagasc na ndaoine, agus ag craoḃscaoileaḋ an aiséirġe ó na marḃaiḃ i bpearsain Íosa. 3 Agus rugadar orṫa, agus do ċuireadar i bpríosún iad go maidin lá ar n‐a ḃáraċ: óir ḃí an tráṫnóna ann fá’n am sin. 4 Aċt do ċreid a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar; agus do ṁéaduiġ uiṁir na ndaoine go tuairim cúig míle. 5 Agus ṫarla lá ar n‐a ḃáraċ, gur ċruinniġ a n‐uaċtaráin agus a seanóirí agus a scríoḃaiḋṫe le ċéile i nIarúsalem; 6 agus Annas árd‐ṡagart, agus Cáiafas, agus Eoin, agus Alecsander, agus gaċ ar ḃain le teaġlaċ an árd‐ṡagairt. 7 Agus nuair do ḃíodar curṫa i lár baill aca, d’ḟiafruiġeadar, Créad é an t‐uġdarás nó an t‐ainm le n‐a ndearnaḃar an niḋ seo? 8 Annsin aduḃairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naoṁ, A riaġlóirí an ṗobail agus a ṡeanóirí, 9 ó táimídne d’ár gceistiú indiu i dtaoḃ duine lag‐ḃríoġaiġ do ċur ar a leas, cionnas slánuiġeaḋ an duine sin; 10 bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair. 11 Is eisean an ċloċ go ndearna‐siḃ‐se beag‐is‐fiú ḋí, agus go ndearnaḋ cloċ ċinn ċúinne ḋí. 12 Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú. 13 Agus nuair ċonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad ċóṁ dána sin, agus ṫuigeadar gur daoine gan foġlaim, gan léiġean iad, do ḃí iongnaḋ orṫa; agus d’aiṫniġeadar iad, go mbídís i ḃfoċair Íosa. 14 Agus nuair ċonncadar an fear a leiġeasaḋ ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a n‐aice, ní raiḃ focal le ráḋ aca ’n‐a aġaiḋ. 15 Aċt nuair d’órduiġeadar dóiḃ imṫeaċt as an árd‐ċóṁairle, do ċuireadar a gcóṁairle féin fá ċéile, 16 g‐á raḋ, Créad do‐ġéanaimíd do na daoiniḃ seo? óir is léir do gaċ duine ċóṁnuiġeas i nIarúsalem go ḃfuil míorḃail iomráiḋteaċ déanta; agus ní ḟéadfaimíd a ṡéanaḋ. 17 Aċt ar eagla go leaṫnóċaiḋ sé níos fuide i measc na ndaoine, bagraimís orṫa, gan leigin dóiḃ laḃairt a ṫuilleaḋ le h‐aon duine san ainm sin. 18 Agus do ġlaoḋadar orṫa, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt ar ċor ar biṫ, ná teagasc do ḋéanaṁ i n‐ainm Íosa. 19 Aċt d’ḟreagair Peadar agus Eoin agus aduḃradar leo, Breaṫnuiġiḋ féin cia aca is ceart i ḃfiaḋnaise Dé, éisteaċt liḃ‐se nó éisteaċt le Dia: 20 óir ní féidir linne gan laḃairt i dtaoḃ a ḃfacamar agus a gcualamar. 21 Agus tar a éis dóiḃ‐sean bagairt orṫa arís, do scaoileadar iad, mar ní raiḃ a ḟios aca cionnas ċuirfidís pionós orṫa, mar ġeall ar na daoiniḃ; óir ḃí na daoine go léir ag taḃairt na glóire do Ḋia ar son a dtárla. 22 Óir an duine go ndearnaḋ an ṁíorḃail sláinte úd dó, do ḃí sé tuilleaḋ agus dá ḟiċid bliaḋan d’aois. 23 Agus ar n‐a ḃeiṫ scaoilte ḋóiḃ, ṫángadar ċum a muinntire féin, agus d’inniseadar dóiḃ gaċ a nduḃairt na h‐árd‐ṡagairt agus na seanóirí leo. 24 Agus nuair do‐ċualadar san é, d’árduiġeadar a nglór d’aon toil ċum Dé, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, is tusa do‐rinne neaṁ, agus talaṁ, agus muir agus a ḃfuil ionnta: 25 agus aduḃairt tríd an Spiorad Naoṁ as béal ár n‐aṫar Dáiḃi, Cad ċuige ar éiriġ na Geinte ar buile, Agus a raiḃ baoṫ‐smaointe ag na ciniḋeaċaiḃ? 26 Do ġléas riġṫe an doṁain iad féin. Agus do ċruinniġ na riaġlóirí le ċéile, I gcoinniḃ an Tiġearna, agus i gcoinniḃ a Ungṫaiġ: 27 óir is dearḃ gur ċruinniġ le ċéile san gcaṫair seo, Ioruaṫ agus Point Píoláid, maille leis na Geintiḃ agus le treaḃaiḃ Israel, i n‐aġaiḋ do Ṡeirḃísiġ naoṁṫa Íosa, 28 d’ungais‐se, ag déanaṁ gaċ ar ċeap do láṁ agus do ċóṁairle roiṁ ré a ṫaḃairt ċum críċe. 29 Agus anois, a Ṫiġearna, féaċ ar a mbagairt: agus taḃair dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ do ḃriaṫar do laḃairt fo meisneaṁail, 30 dána, agus tú ag síneaḋ amaċ do láiṁe ag leiġeas; agus go ndéantar míorḃailtí agus iongantaisí tré ainm do Naoṁ Ṡeirḃísiġ Íosa. 31 Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt. 32 Agus ní raiḃ aċt aon ċroiḋe agus aon aigne aṁáin aca‐san do ċreid: agus ní raiḃ duine aca aduḃairt gur leis féin aon niḋ d’á raiḃ ’n‐a ṡeilḃ; aċt do ḃí gaċ niḋ go coitċeann aca. 33 Agus ṫug na h‐abstail a ḃfiaḋnaise ar aiséirġe an Tiġearna Íosa le neart briġe: 34 agus do ḃí grása mór orṫa go léir. Agus ní raiḃ duine aca do ḃí i ngáḃatar: óir na daoine go raiḃ taltaí nó tiġṫe aca, do ḋíolaidís iad, agus do‐ḃeiridís luaċ na neiṫe do díoltaiḋe, agus do ċuiridís ag cosaiḃ na n‐abstal é: 35 agus do roinntiḋe é de réir mar ḃíoḋ gáḃaḋ ag aon duine leis. 36 Agus Seosaṁ, ar a dtug na h‐abstail Barnabas, ainm ċialluiġeas Mac na Meanman, Léḃíteaċ do rugaḋ i gCuprus, 37 do ḃí fearann aige, agus do ḋíol sé é, agus ṫug sé leis an t‐airgead agus do ċuir sé ag cosaiḃ na n‐abstal é. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society