Gníoṁarṫa 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ḃí Peadar agus Eoin ag dul suas isteaċ san teampall, uair an urnaiġe, timċeall na naoṁaḋ h‐uaire. 2 Agus ḃí duine áiriṫe, máirtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, d’á iomċar, duine do ċuiridís gaċ lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, ċum ḃeiṫ ag iarraiḋ déirce orṫa‐san do ḃíoḋ ag dul isteaċ san teampall. 3 Nuair do ċonnaic an duine seo Peadar agus Eoin ar tí dul isteaċ san teampall, d’iarr sé déirc orṫa. 4 Do ḋearc Peadar go géar air, mar aon le h‐Eoin, agus aduḃairt sé, Féaċ orainne. 5 Agus d’ḟéaċ seisean orṫa go grinn, agus é ag súil go ḃfaiġeaḋ sé rud éigin uaṫa. 6 Aċt aduḃairt Peadar, Ní ḟuil airgead agam ná ór; aċt an niḋ atá agam do‐ḃeirim duit‐se é. I n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, éiriġ agus siuḃail. 7 Agus rug sé ar a láiṁ ḋeis air, agus ṫóg sé suas é, agus ar an láṫair do ċruaḋuiġ troiġṫe a ċos agus a rúitíní. 8 Agus ag preabaḋ ’n‐a ṡeasaṁ ḋó, do ṡiuḃail sé; agus do ċuaiḋ sé i n‐éinḟeaċt leo isteaċ san teampall, agus é ag siuḃal, agus ag léimriġ, agus ag molaḋ Dé: 9 Agus do ċonnaic na daoine é ag siu ḃal agus ag molaḋ Dé: 10 agus d’aiṫniġeadar é, gurḃ é an duine céadna é do ḃíoḋ ’n‐a ṡuiḋe ag an nGeata Áluinn ag iarraiḋ déirce: agus ḃí árd‐iongnaḋ agus alltaċt orṫa i dtaoḃ ar éiriġ ḋó. 11 Agus do ġreamuiġ sé de Ṗeadar agus d’Eoin, agus do riṫ na daoine go léir ċuca san ṗóirse ar a dtugtar Póirse Ṡolaiṁ, agus iongnaḋ orṫa. 12 Agus nuair do ċonnaic Peadar é, aduḃairt sé leis an bpobal, A ḟeara Israel, cad ċuige a ḃfuil iongnaḋ oraiḃ i dtaoḃ an duine seo? cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag aṁarc orainne, aṁail is gur le n‐ár gcuṁaċt nó le n‐ár ndiaḋaċt féin do ċuireamar ar ċumas do’n duine seo siuḃal? 13 Dia Abraċaim, Dia Íosóig, agus Dia Iácóib, Dia ár sinnsear, ṫug sé glóir d’á ṡeirḃíseaċ Íosa; an té do ḃraiṫ eaḃair‐se, agus do ṡéanaḃair os cóṁair Ṗíoláid, an tan do ċeap sé a scaoileaḋ saor. 14 Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ, 15 agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air. 16 Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir. 17 Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin. 18 Aċt is ar an gcuma sin do ċóiṁlíon Dia an méid a ṫug Dia le tuigsin daoiḃ roiṁ ré tré ḃéal na ḃfáiḋ go léir, go gcaiṫfeaḋ a Ċríost fulang. 19 Déanaiḋ aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, agus iompuiġiḋ, ċum go nglanfar ḃúr bpeacaiḋe, agus ċum go dtiocfaiḋ tráṫa fionnḟuaire ó ḟiaḋnaise an Tiġearna; 20 agus ċum go gcuirfiḋ sé uaiḋ an Críost do ceapaḋ ḋaoiḃ, Íosa: 21 an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail. 22 Óir aduḃairt Maois, Tógfaiḋ an Tiġearna Dia fáiḋ ḋaoiḃ, mar mise, as lár ḃúr mbráiṫreaċ; éistfiḋ siḃ leisean maidir leis an uile niḋ adéarfas sé liḃ. 23 Agus tiocfaiḋ ċum críċe, gaċ aon duine naċ n‐éistfiḋ leis an ḃfáiḋ sin, go scriosfar é as an bpobal. 24 Na fáiḋe go léir ó Ṡamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a ḋiaiḋ, an méid díoḃ do laḃair, d’ḟógradar na laeṫe sin. 25 Is siḃ‐se clann na ḃfáiḋ, agus clann an ċonnarṫa do‐rinne Dia le n‐ḃúr sinnsearaiḃ, g‐á ráḋ le h‐Abraċam, Id’ ṡlioċt‐sa beannóċar clanna an doṁain go léir. 26 Ċugaiḃ‐se ar dtús do ċuir Dia a Ṡeirḃíseaċ, nuair ṫóg sé suas é, ċum siḃ do ḃeannú, ag iompoḋ gaċ duine agaiḃ ó n‐ḃúr gcuirpṫeaċt. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society