Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.

2 Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do ḃí d’á seolaḋ le taoḃ cósta na h‐Áise, d’imṫiġeamar ar an ḃfairrge, agus Aristárċus, Maiceadónaċ ó Ṫessalónica, i n‐éinḟeaċt linn.

3 Agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫángamar go Sidón: agus ḃí Iúlius cineálta le Pól, agus ṫug sé cead dó dul fá ṫuairisc a ċarad agus sócaṁal d’ḟáġáil uaṫa.

4 Agus ag imṫeaċt dúinn ó’n áit sin, do ṡeolamar ar scáṫ Ċupruis, mar ḃí an ġaoṫ ’n‐ár gcoinniḃ.

5 Agus nuair do ṡeolamar trasna na fairrge atá ar aġaiḋ Ċilicia agus Ṗamfilia, ṫángamar go Murra i Lucia.

6 Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do ḃí ag dul go dtí an Iodáil; agus do ċuir sé ar bórd uirṫi sinn.

7 Agus tar éis loingseoireaċt ṁall do ḋéanaṁ ar feaḋ mórán laeṫe, ṫángamar ar éigean ar aġaiḋ Ċníduis, agus, ó ḃí an ġaoṫ ’g‐ár gcosc, do ṡeolamar ar scáṫ na Créite, láiṁ le Salmóné;

8 annsin do ṡeolamar ṫairis sin le duaḋ go dtángamar go h‐áit ar a dtugtar na Deaġ‐Ċuanta; i n‐aice le baile mór Laséa.

9 Agus ó ḃí a lán de’n aimsir caiṫte, agus an loingseoireaċt ag éirġe contaḃartaċ, óir do ḃí uair an troscaiḋ ṫart, ṫug Pól cóṁairle dóiḃ,

10 agus aduḃairt sé leo, A ḟeara, do‐ċítear dom gur mór an díoġḃáil agus an doċar, ní h‐é aṁáin do’n luċt agus do’n luing, aċt d’ár n‐anamannaiḃ féin atá i ndán dúinn ar an aistear so.

11 Aċt ba ṫúisce d’éist an ceanntúir le stiúrṫóir agus le máiġistir na luinge ’ná le Pól.

12 Agus de ḃriġ naċ raiḃ an cuan oireaṁnaċ leis an ngeiṁreaḋ do ċaiṫeaṁ ann, ba í an ċóṁairle ar ar ċinn a ḃfurṁór, imṫeaċt as ċum fairrge, le súil go ḃféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, ṡíneas siar ó ḋeas agus siar ó ṫuaiḋ, do ḃaint amaċ, agus an geiṁreaḋ do ċaiṫeaṁ ann.

13 Agus d’éiriġ gaoṫ ḃog andeas, agus do ċeapadar go raiḃ leo, agus do ṫógadar an t‐ancaire agus ṡeoladar le h‐ais na Créite, i n‐aice na tíre.

14 Aċt níorḃ ḟada go dtáinig anuas anfaḋ mór gaoiṫe ar a dtugtar Eúraculó:

15 agus ó ḃí an long d’á scuabaḋ roimpi, agus nár ḟéad sí cur i n‐aġaiḋ na gaoiṫe, do leigeamar dí imṫeaċt roimpi.

16 Agus ag dul isteaċ dúinn fá scáṫ oileáin ḃig dárḃ ainm Clauda, d’éiriġ linn le saoṫar mór an bád do ṡáḃáil:

17 agus nuair do ḃí sé tógṫa ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de ṫéadaiḃ, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaiṫfiḋe iad ar ḃeo‐ġainiṁ Ṡurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineaḋ sinn ar as gcuma sin.

18 Agus ó ḃíomar d’ár suaṫaḋ go millteaċ le neart stoirme, do ṫosnuiġeadar an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ar an luing d’ḟolṁú;

19 agus an tríoṁaḋ lá do ċaiṫeamar amaċ táclaí na luinge le n‐ár láṁaiḃ féin.

20 Annsin ó ḃíomar mórán laeṫe gan solas na gréine ná na réaltan d’ḟeicsin, agus stoirm an‐ṁór ag bualaḋ orainn, ní raiḃ aon tsúil againn go dtiocfaimís slán as.

21 Agus ó ḃíodar i ḃfad gan biaḋ do ċaiṫeaṁ, d’éiriġ Pól ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a lár, agus aduḃairt, A ḟeara, ba ċeart daoiḃ éisteaċt liom‐sa, gan imṫeaċt ó’n gCréit, agus an díoġḃáil agus an ċaill seo do ṡeaċaint.

22 Aċt anois iarraim oraiḃ meisneaċ do ġlacaḋ: ór ní caillfear duine ar biṫ agaiḃ, ní caillfear aċt an long.

23 Óir do ṡeas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirḃís,

24 lem’ ais anoct, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ eagla ort, a Ṗóil; caiṫfiḋ tú seasaṁ i láṫair Ċéasair: agus féaċ, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort.

25 D’á ḃriġ sin, a ḟeara, bíoḋ meisneaċ agaiḃ: óir creidim Dia go cinnte, de réir mar aduḃraḋ liom, gur mar sin ḃéas.

26 Aċt caiṫfimíd talaṁ do ḃualaḋ ar oileán éigin.

27 Aċt an ċeaṫraṁaḋ h‐oiḋċe déag, nuair do ḃíomar d’ár luascaḋ siar agus aniar san Adria, timċeall uaire an ṁeaḋon oiḋċe, do ṁeas na mairnéalaiġ go raḃadar ag tarraing ar ṫír éigin;

28 agus do leigeadar síos an luaiḋ, agus fuaradar fiċe feaḋ doiṁneaċta: agus tar éis scaiṫiṁ, leigeadar síos an luaiḋ arís, agus fuaradar cúig feaḋa déag.

29 Agus ar eagla go mbuailfimís talaṁ cairrgeaċ, do ċuireadar amaċ ceiṫre h‐ancairí ó ċúl na luinge, agus d’ḟanadar le gealaḋ an lae.

30 Agus mar ḃí na mairnéalaiġ ag iarraiḋ éaloḋ ó’n luing, agus an bád ṫíos ar an ḃfairrge aca, g‐á ċur i gcéill gur ag cur ancaire amaċ ó ċeann tosaiġ na luinge do ḃídís,

31 aduḃairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saiġdiúiriḃ, Muna ḃfanaiḋ siad‐san san luing, ní féidir ḋaoiḃ‐se dul slán.

32 Annsin do ġearr na saiġdiúirí téada an ḃáid, agus do leigeadar dó tuitim ar gcúl.

33 Agus ċóṁ ḟad agus ḃíodar ag fanaṁain le breacaḋ an lae, d’iarr Pól orṫa biaḋ do ċaiṫeaṁ, g‐á ráḋ, Is é seo an ceaṫraṁaḋ lá déag agaiḃ ag fanaṁain agus siḃ ’n‐ḃúr dtroscaḋ, gan aon ḃiaḋ do ċaiṫeaṁ.

34 Is é mo ċóṁairle ḋaoiḃ, d’á ḃriġ sin, biaḋ do ċaiṫeaṁ: óir is é leas ḃúr sláinte é: óir ní caillfear ribe gruaige de ċeann duine ar biṫ agaiḃ.

35 Agus ar n‐a ráḋ sin dó, do ṫóg sé arán, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas le Dia ’n‐a ḃfiaḋnaise go léir: agus do ḃris sé é agus do ṫionnscain sé g‐á iṫe.

36 Annsin do ġlacadar meisneaċ, agus do ċaiṫeadar féin biaḋ leis.

37 Ḋá ċéad, trí fiċid agus seisear déag ar fad do ḃí againn san luing.

38 Agus nuair do ḃí a ndóṫain iṫte aca, d’éadtromuiġeadar an long, ag caiṫeaṁ na cruiṫneaċtan amaċ san ḃfairrge.

39 Agus nuair ḃí solas an lae ann, níor aiṫniġeadar an tír: aċt ṫugadar fá deara cuan beag agus tráiġ ann, agus do ċeapadar, dá mb’ ḟéidir é, an long do ṡáṫaḋ isteaċ uirṫi.

40 Agus ag scaoileaḋ na n‐ancaire ḋóiḃ, d’ḟágadar san ḃfairrge iad, ar an am céadna do scuradar ceanglaċ na stiúireann; agus ag árdú an tseoil tosaiġ leis an ngaoiṫ, do‐rinneadar ar an tráiġ.

41 Aċt, ag tuitim i n‐áit ’n‐a raiḃ ḋá ḟairrge ag bualaḋ le ċéile, do ṡáṫadar an long san talaṁ; agus do daingniġeaḋ tosaċ na luinge, aċt do ṫosnuiġ a deireaḋ g‐á ḃriseaḋ le tréantuargan na dtonn.

42 Agus ba é cóṁairle na saiġdiúir na príosúnaiġ do ṁarḃaḋ, ar eagla go snáṁfaḋ duine aca agus go n‐éalóċaḋ sé.

43 Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:

44 agus na daoine eile ’n‐a ndiaiḋ, cuid aca ar ċláraiḃ, agus cuid aca ar neiṫiḃ ó’n luing. Agus ṫárla mar sin, go dtáinig gaċ duine aca slán ċum tíre.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan