Gníoṁarṫa 26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Annsin aduḃairt Agrippa le Pól, Tá cead cainnte ar do ṡon féin agat. Agus do ṡín Pól amaċ a láṁ, agus do laḃair sé g‐á ṡaoraḋ féin: 2 Measaim gur maiṫ an ḃail orm, a rí Agrippa, go ḃfuil orm mo ċosaint féin id’ láṫair indiu ar na neiṫiḃ go léir atá curṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ im’ leiṫ: 3 go h‐áiriṫe go ḃfuil lán‐eolas agat ar gaċ gnáṫ‐nós agus ar gaċ ceist ḃaineas leis na h‐Iúdaċaiḃ: uime sin impiḋim ort éisteaċt go foiġdeaċ liom. 4 Atá aiṫne ag na h‐Iúdaċaiḃ ar an saoġal do ċaiṫeas óm’ óige, gur i lár mo ċiniḋ féin ó ṫosaċ, agus i nIarúsalem, do ċaiṫeas é. 5 Is eol dóiḃ ó ṫús, dá mba ṁaiṫ leo a ḋeiṁniú, gur ṁaireas im’ Ḟairisíneaċ de réir riaġlaċ na h‐aicme is mó díriġeaċt ’n‐ár gcreideaṁ. 6 Agus anois atáim im’ ṡeasaṁ annso dom’ ċionntú fá’n dóċas go gcóiṁlíonfaiḋe an ġeallaṁain ṫug Dia d’ár sinnsearaiḃ: 7 go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú! 8 Cad ċuige a measann siḃ gur dí‐ċreidte an niḋ go n‐aiṫḃcoḋann Dia na mairḃ? 9 Do ċeapas féin go raiḃ sé de ḋualgas orm mórán neiṫe do ḋéanaṁ i n‐aġaiḋ ainme Íosa Nasarḋa. 10 Mar sin do‐rinne mé i nIarúsalem: agus do ċuireas mórán naoṁ fá ġlas i bpríosúnaiḃ, tar éis uġdarás d’ḟáġáil ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus nuair ḃídís d’á gcur ċum báis, ṫugas guṫ ’n‐a n‐aġaiḋ. 11 Agus ṫugas pionós go minic dóiḃ ins na sionagógaiḃ go léir, agus do‐rinneas iarraċt fá ḋia‐ṁaslaḋ do ḃaint asta; agus leis an dearg‐ḃuile do ḃí orm ’n‐a gcoinniḃ, do‐rinneas géirleanaṁain orṫa go dtí na caṫraċa coigríoċa. 12 Ag dul fá ḋéin Damascuis dom ar an intinn sin le h‐uġdarás agus le barántas na n‐árd‐ṡagart, 13 ar uair an ṁeaḋon‐lae, a rí, do ċonnacas ar an tsliġe ḋom solas ó neaṁ, ba ġile ’ná lonnraḋ na gréine, ag soillsiú im’ ṫimċeall‐sa agus i dtimċeall na ndaoine do ḃí ag taisteal i n‐éinḟeaċt liom. 14 Agus do ṫuiteamar uile ar an talaṁ, agus d’airiġeas an guṫ g‐á ráḋ liom san teangain Eaḃra, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanaṁain? Is deacair ḋuit ḃeiṫ ag speaċġail i n‐aġaiḋ an ṗriocaire. Agus aduḃras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? 15 Agus aduḃairt an Tiġearna, Is mise Íosa go ḃfuil tú g‐á ġéirleanaṁain. 16 Aċt éiriġ, agus seas ar do ċosaiḃ: óir is ċuige seo do ṫaisbeánas mé féin duit, ċum go n‐órdóċainn ṫú id’ ṡeirḃíseaċ agus id’ ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ do ċonnaicis, agus ar na neiṫiḃ ’n‐a noċtfaiḋ mé mé féin duit; 17 ’gad’ ṫaḃairt slán ó’n bpobal, agus ó na Cineaḋaċaiḃ, go ḃfuilim ’gad’ ċur ċuca, 18 le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se. 19 Uime sin, a rí Agrippa, níor ḋiúltas do’n raḋarc neaṁḋa: 20 aċt do ċraoḃscaoileas do ṁuinntir Ḋamascuis ar dtús, agus i nIarúsalem, agus ar fud dúiṫċe Iúdaea, agus do na Cineaḋaċaiḃ, go ndéanfaidís aiṫriġe agus go n‐iompóċaidís ċum Dé, ag déanaṁ gníoṁarṫa de réir na h‐aiṫriġe. 21 Ba é sin an fáṫ go rug na h‐Iúdaiġ orm san teampall, agus go dtugadar iarraċt fám’ ṁarḃaḋ. 22 Aċt, ó fuaras an ċaḃair ṫagas ó Ḋia, táim im’ ṡeasaṁ go dtí an lá so, ag taḃairt fiaḋnaise do ḃeag agus do ṁór, gan rud ar biṫ a ráḋ aċt an méid aduḃairt na fáiḋe agus Maois do ḃeiṫ le teaċt; 23 go gcaiṫfeaḋ an Críost fulang, agus go mba é an ċéad duine é d’éireoċaḋ ó na marḃaiḃ, agus go gcraoḃscaoilfeaḋ sé an solas do’n ṗobal agus do na Cineaḋaċaiḃ. 24 Agus nuair do ḃí sé g‐á ċosaint féin ar an gcuma sin, aduḃairt Féstus de ġuṫ árd, A Ṗóil, ar buile atáir; atá do léiġeann mór ’gad’ ċur as do ṁeaḃair. 25 D’ḟreagair Pól, Ní h‐as mo ṁeaḃair atáim, a Ḟéstuis oirḋeirc; aċt is ag laḃairt briaṫar na fírinne agus na céille atáim. 26 Óir atá eolas ag an riġ, go ḃfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neiṫiḃ seo; óir ní ṁeasaim go ḃfuil éinniḋ díoḃ so fá ċeilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneaḋ é. 27 A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáiḋe? Atá a ḟios agam go gcreideann tú. 28 Agus aduḃairt Agrippa le Pól, Is beag naċ g‐á aiteaṁ orm ḃeiṫ im’ Ċríostaiḋe atáir. 29 Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo. 30 Agus d’éiriġ an rí, agus an t‐árd‐riaġlóir, agus Bernicé, agus a raiḃ ’n‐a suiḋe ’n‐a ḃfoċair: 31 agus nuair ḃí siad i leaṫtaoiḃ, do laḃradar le ċéile, g‐á ráḋ, Ní ḟuil an fear so ag déanaṁ dadaiṁ ṫuilleas bás ná cuiḃreaċa. 32 Agus aduḃairt Agrippa le Féstus, D’ḟéadfaiḋe a ṡaoirse do ṫaḃairt do’n ḟear sin muna mbéaḋ go ndeaċaiḋ sé ar ċoimirce Ċéasair. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society