Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus i gcionn cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig an t‐árd‐ṡagart Ananias anuas mar aon le cuid de na seanóiriḃ, agus le cainnteoir darḃ ainm Tertullius; agus do ċuireadar an ċúis: gcoinniḃ Ṗóil i dtuigsin do’n árd‐riaġlóir.

2 Agus nuair do glaoḋaḋ air, do ṫosnuiġ Tertullius ar a ċionntú, g‐á ráḋ, A Ḟéilics oirḋeirc, ó ṫárla gur ab ort‐sa atá á ḃuiḋeaċas go ḃfuil síoṫċáin ṁór againn, agus go ḃfuil an náisiún so d’á ċur ar a leas as uċt do ċéille,

3 glacaimíd i gcóṁnaiḋe é agus ins gaċ áit le lán‐ḃuiḋeaċas.

4 Aċt, gan mórán moille do ċur ort, iarraim ort, ded’ ċeannsaċt, éisteaċt le roinnt focal uainn.

5 Is aṁlaiḋ fuaramar an fear so ’n‐a uġdar tubaiste agus ’n‐a aḋḃar ceannairce i measc na nIúdaċ ar fud an doṁain, agus é ’n‐a ċeann ar aicme na Nasarḋaċ:

6 agus do ċeap sé an teampall féin do ṫruailliú: aċt rugamar‐ne air.

8 Féadfair, aċt ceisteanna do ċur air, eolas d’ḟáġáil ar na neiṫiḃ atá againne d’á gcur ’n‐a leiṫ.

9 Agus d’aontuiġ na h‐Iúdaiġ mar an gcéadna leis, g‐á ráḋ go raiḃ an méid sin fíor.

10 Agus nuair do sméid an t‐árd‐riaġlóir ar Ṗól laḃairt, d’ḟreagair sé, Ó’s eol dom go ḃfuilir‐se id’ ḃreiṫeaṁ ar an náisiún so le bliaḋantaiḃ fada, tá meisneaċ orm agus mé ag laḃairt ar mo ṡon féin.

11 Is féidir ḋuit a ḟios d’ḟáġáil naċ ḃfuil aċt ḋá lá déag ann ó ċuaḋas suas go h‐Iarúsalem le h‐aḋraḋ do ḋéanaṁ:

12 agus naċ ḃfuaradar san teampall mé ag aiġneas le h‐aon duine, ná ag brostú an ṗobail ins na sionagógaiḃ, ná san gcaṫair.

13 Ní mó naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ na neiṫe atá siad do ċur im’ leiṫ do ċroṫú ḋuit.

14 Aċt adṁuiġim an méid seo ḋuit, go ndéanaim seirḃís do Ḋia ár sinnsear de réir na Sliġe ar a dtugann siad‐san eiriceaċt, ag creideaṁain do gaċ niḋ atá de réir na dliġe, agus atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ:

15 agus go ḃfuil muiniġin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaiḋ aiséirġe na ḃfíréan agus na neiṁ‐ḟíréan.

16 Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.

17 Anois, tar éis bliaḋan fada, ṫáinig mé le déirc do ṫaḃairt dom’ ċineaḋ féin agus le h‐íoḋbairt do ḋéanaṁ:

18 agus fuaradar mé glanta san teampall gan sluaġ, gan toirmeasc:

19 aċt aṁáin go raiḃ roinnt Iúdaċ ó’n Áise — go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ annso id’ láṫair, agus mo ċionntú, má tá aon rud aca le cur im’ leiṫ.

20 Nó abraidís féin cia an fuara éagcóirdar, nuair ḃíos im’ ṡeasaṁ i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle,

21 muna mbéaḋ an t‐aon ḟocal aṁáin do ġlaoḋas amaċ agus mé im’ ṡeasaṁ ’n‐a measc, Is é aiséirġe na marḃ an ċeist go ḃfuil breiṫ ’n‐a taoḃ d’á taḃairt orm os ḃúr gcóṁair indiu.

22 Aċt Féilics, ag a raiḃ eolas ní ba ċruinne i dtaoḃ na Sliġe, do ċuir sé ar aṫlá iad, g‐á ráḋ, Nuair ṫiocfas Lusias, an t‐árd‐ċaiptín, anuas, do‐ġéanad breaṫnú ar ḃúr gcúis.

23 Agus d’órduiġ sé do’n ċeanntúir a ċoiṁéad, agus roinnt saoirse do ṫaḃairt dó: gan aon duine d’á ċáirdiḃ do ċosc ar ṡócaṁal do ḋéanaṁ ḋó.

24 Agus roinnt laeṫe ’n‐a ḋiaiḋ sin, ṫáinig Féilics i n‐éinḟeaċt le n‐a ṁnaoi Drúsilla, bean Iúdaċ, agus do ċuir sé fios ar Ṗól, agus d’éist sé leis ag laḃairt ar an gcreideaṁ i gCríost Íosa.

25 Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.

26 Do ḃí súil aige ar an am ċéadna go dtiuḃraḋ Pól airgead dó; uime sin ba ṁinice é ag cur feasa air, agus ag cóṁráḋ leis.

27 Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan