Gníoṁarṫa 23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so. 2 Agus d’órduiġ an t‐árd‐ṡagart dóiḃ‐sean do ḃí ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice a ḃualaḋ ar an mbéal. 3 Annsin aduḃairt Pól, Buailfiḋ Dia ṫusa, a ḃalla aolta: an ḃfuil tusa id’ ṡuiḋe ċum breiṫe do ṫaḃairt orm‐sa de réir na dliġe, agus an n‐órduiġeann tú mo ḃualaḋ i gcoinniḃ na dliġe? 4 Agus aduḃairt siad‐san do ḃí ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice, An ag maslú an árd‐ṡagairt atáir? 5 Agus aduḃairt Pól, Ní raiḃ a ḟios agam, a ḃráiṫreaċa, gurḃ é an t‐árd‐ṡagart é: óir atá scríoḃṫa, Ní ṫiuḃrair droċ‐ċainnt d’uaċtarán mo ṗobail. 6 Aċt nuair ṫug Pól fá deara gur Ṡaddúcíniġ cuid aca, agus gurḃ Ḟairisíniġ an ċuid eile, do ġlaoḋ sé amaċ i lár na h‐árd‐ċóṁairle, Is Fairisíneaċ mise, mac Fairisíniġ: is mar ġeall ar ṡúil ḃeiṫ agam le h‐aiséirġe na marḃ atáim ar mo ṫriail. 7 Ar n‐a ráḋ sin dó, d’éiriġ aiġneas idir na Fairisíniġ agus na Saddúicíniġ: agus ḃí deaġailt san gcóṁ‐ċruinniú. 8 Óir adeir na Saddúicíniġ naċ ḃfuil aiséirġe ann, ná aingeal, ná spiorad: aċt adṁuiġeann na Fairisíniġ iad uile ḃeiṫ ann. Agus annsin d’éiriġ callán mór: 9 agus do ṗreab cuid de scríoḃaiḋṫiḃ na ḃFairisíneaċ ’n‐a seasaṁ, agus do laḃradar go colgaċ, g‐á ráḋ, Ní ḟaiġmíd‐ne olc ar biṫ san duine seo: agus má laḃair spioraid féin, nó aingeal leis, cad mar ġeall air? 10 Agus nuair do ḃí ag éirġe ar an gcallán go mór, d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín do na saiġdiúiriḃ dul síos, ar eagla go sracfaidís Pól as a ċéile eadorṫa, agus a ṫógáil le neart uaṫa agus a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán. 11 Agus an oiḋċe ’n‐a ḋiaiḋ sin, do ṡeas an Tiġearna le n‐a ais, agus aduḃairt, Bíoḋ meisneaċ agat: óir fá mar atá fiaḋnaise déanta agat im’ ṫaoḃ i nIarúsalem, caiṫfiḋ tú fiaḋnaise do ḋéanaṁ san Róiṁ, leis. 12 Agus le h‐éirġe lae, ṫáinig na h‐Iúdaiġ i gceann a ċéile, agus do ḋearḃuiġeadar fá ḃriġ na mionn, g‐a ráḋ naċ n‐íosfaidís ná naċ n‐ólfaidís nó go mbéaḋ Pól marḃ aca. 13 Agus do ḃí tuilleaḋ agus dá ḟiċid duine aca do‐rinne an ċóiṁċealg sin. 14 Agus ṫángadar ċum na n‐árd‐ṡagart agus ċum na seanóir, agus aduḃradar, Atáimíd fá ċeangal mionna ṁóir, gan rud ar biṫ do ḃlaiseaḋ no go raiḃ Pól marḃ againn. 15 Anois, d’á ḃriġ sin, cuireaḋ siḃ‐se agus an árd‐ċóṁairle scéala ċum an árd‐ċaiptín g‐á iarraiḋ air a ṫaḃairt ċugaiḃ, fá mar ba ṁian liḃ eolas níos cruinne d’ḟáġáil ’n‐a ṫaoḃ: agus atáimíd‐ne ullaṁ le n‐a ṁarḃaḋ, sara dtiocfaiḋ sé i láṫair. 16 Aċt do‐ċuala mac deirḃṡeaṫar Ṗóil i dtaoḃ na ceilge, agus ṫáinig sé agus do ċuaiḋ sé isteaċ san gcaisleán, agus d’innis sé do Pól é. 17 Agus do ġlaoḋ Pól duine de na ceanntúiriḃ ċuige, agus aduḃairt sé, Beir leat an buaċaill seo ċum an árd‐ċaiptín: óir atá niḋ aige le n’innsin dó. 18 Annsin ṫug sé leis é ċum an árd‐ċaiptín, agus aduḃairt sé, Do ġlaoḋ an príosúnaċ Pól ċuige mé, agus d’iarr sé orm an buaċaill seo do ṫaḃairt duit, mar go ḃfuil niḋ aige le ráḋ leat. 19 Agus rug an t‐árd‐ċaiptín ar láiṁ air, agus d’imṫiġ sé leis i leaṫtaoiḃ, agus aduḃairt, Créad é seo atá agat le n’innsin dom? 20 Agus aduḃairt seisean, Atá ceapṫa ag na h‐Iúdaċaiḃ a iarraiḋ ort Pól do ṫaḃairt amaċ ċum na h‐árd‐ċóṁairle amáraċ, fá mar ba ṁian leat fios scéil níos cruinne d’ḟáġail ’n‐a ṫaoḃ Aċt ná h‐éist leo: 21 óir atá breis agus dá ḟiċid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá ċeangal móide gan biaḋ d’iṫe ná braon d’ól nó go raiḃ sé marḃ aca: agus atáid ullaṁ anois féin, ag feiṫeaṁ leis an ngeallaṁain uait‐se. 22 Agus do ċuir an t‐árd‐ċaiptín an buaċaill uaiḋ, g‐á ráḋ leis, Ná h‐innis do ḋuine ar biṫ gur ċuiris an méid sin ar eolas dom. 23 Agus do ġlaoḋ sé beirt ċeanntúir ċuige, agus aduḃairt sé, Ullṁuiġiḋ ḋá ċéad saiġdiúir agus deiċneaḃar agus trí fiċid marcaċ, agus ḋá ċéad fear sleaġa, ċum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oiḋċe: 24 agus d’órduiġ sé eaċraiḋe do ḃeiṫ ullaṁ aca, go gcuirfidís Pól orṫa agus a ṫaḃairt slán do’n árd‐riaġlóir Féilics. 25 Agus do scríoḃ sé litir fá’n ḃfuirm seo: 26 Claudius Lusias ċum an árd‐riaġlóra ró‐uasail, Féilics, beaṫa agus sláinte. 27 Rug na h‐Iúdaiġ ar an ḃfear so, agus do ḃíodar ar tí a ċur ċum báis, nuair ṫángas‐sa orṫa i n‐éinḟeaċt leis na saiġdiúiriḃ, agus nuair ṫuigeas gur Róṁánaċ é, do ṫógas slán uaṫa é. 28 Annsin, mar ba ṁian liom a ḟios ḃeiṫ agam créad do ḃí aca d’á ċur ’n‐a leiṫ, ṫugas síos ċum a n‐árd‐ċóṁairle féin é: 29 annsin do ṫuigeas gur ceisteanna ḃaineas le n‐a ndliġe féin do ḃí san ċúis, aċt naċ raiḃ rud ar biṫ do ṫuill bás ná braiġdeanas d’á ċur ’n‐a leiṫ. 30 Agus nuair fuaras fios scéil go mbéaḋ luiġeaċán aca do’n duine, do ċuireas ċugat‐sa é ar an láṫair, g‐á ráḋ le n‐a éiliġṫeoiriḃ an ċúis atá aca air do ṗléiḋe róṁat‐sa. 31 Uime sin, do ṫóg na saiġdiúirí Pól, fá mar h‐órduiġeaḋ ḋóiḃ, agus ṫugadar san oiḋċe é go h‐Antipatris. 32 Aċt an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do leigeadar do’n ṁarc‐ṡluaġ dul leis, agus ṫángadar féin ar ais ċum an ċaisleáin. 33 Agus nuair ṫáinig siad go Céasaria agus ṫug siad an litir do’n árd‐riaġlóir, do ċuir siad Pól ’n‐a láṫair. 34 Agus nuair ḃí an litir léiġte aige, d’ḟiafruiġ sé cia an ṗroiḃinnse arḃ as é; agus nuair do ṫuig sé gurḃ as Cilicia ḋó, 35 Éistfead le n‐a ḃfuil le ráḋ agat, aduḃairt sé, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfas siad‐san go ḃfuil cúis aca ort: agus d’órduiġ sé a ċur fá ċoiṁéad i bpálás Ioruaiṫ. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society