Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcosnaṁ atá agam d’á ḋéanaṁ ḋaoiḃ anois.

2 Agus nuair d’airiġeadar é ag cainnt leo as an teangain Eaḃra, ba ṁóide a gciúnas é: agus aduḃairt sé,

3 Is Iúdaċ mé, rugaḋ i dTarsus Ċilicia, aċt tógaḋ mé san gcaṫair seo, ag cosaiḃ Ġamaliél, do múineaḋ mé go beaċt de réir dliġe ár n‐aiṫreaċ, agus do ḃíos lán de ḋíoġrais ar son Dé, fá mar atá siḃ‐se indiu:

4 agus do‐rinneas géirleanaṁain go bás ar an Sliġe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún.

5 Bíoḋ a ḟiaḋnaise sin ar an árd‐ṡagart, agus ar na seanóiriḃ go léir: ó n‐a ḃfuaras litreaċa ċum na mbráiṫreaċ, agus do ḃíos ar mo ḃealaċ go Damascus, ċum iad‐san do ḃí ann do ṫaḃairt ceangailte go h‐Iarúsalem, ċum peannaid d’ḟáġáil annsin.

6 Agus ṫárla, san tsliġe ḋom, agus mé ag tarraing ar Ḋamascus, tuairim uaire an ṁeaḋon‐lae, gur las im’ ṫimċeall solas an‐lonnraċ ó neaṁ.

7 Agus do ṫuiteas ar an talaṁ, agus do‐ċualas an guṫ g‐á ráḋ liom, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ géirleanaṁain?

8 Agus d’ḟreagras‐sa, Cia ṫusa, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé liom, Is mise Íosa Nasarḋa atá agat d’á ġéirleanaṁain.

9 Agus na daoine do ḃí im’ ḟoċair, giḋ go ḃfacadar an solas, ní ċualadar guṫ an té do ḃí ag laḃairt liom.

10 Agus aduḃras, Créad atá le déanaṁ agam, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt an Tiġearna liom, Éiriġ, agus téiġ go Damascus; agus inneosfar duit annsin gaċ niḋ atá ceapṫa ḋuit le déanaṁ.

11 Agus mar ḃíos gan raḋarc mar ġeall ar ḋéine an tsolais sin, do ṫreoruiġ siad‐san do ḃí i n‐éinḟeaċt liom ar láiṁ mé, agus ṫáinig mé go Damascus.

12 Agus Ananias, fear diaḋa de réir an reaċta, agus deaġ‐ṫuairisc air i measc na nIúdaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin,

13 ṫáinig sé ċugam, agus, ’n‐a ṡeasaṁ ḋó lem’ ais, aduḃairt sé liom, A Ṡaul, a ḃráṫair, bíoḋ do raḋarc agat. Agus an uair ċéadna do ḋearcas air.

14 Agus aduḃairt sé, Do ċeap Dia ár sinnsear ṫú ċum a ṫoile do ṫuigsin, agus ċum an Aoin Ionnraic d’ḟeicsin, agus ċum glóir a ḃéil do ċlos.

15 Óir béiḋ tú id’ ḟiaḋnaiḋe ḋó i láṫair na ndaoine go léir, ar a ḃfacais agus ar a gcualais.

16 Agus cad ċuige an ṁoill sin ort anois? éiriġ, baistṫear ṫú, agus niġ ḋíot do ṗeacaiḋe, ag glaoḋaċ ar a ainm.

17 Agus ṫárla, nuair d’ḟilleas go h‐Iarúsalem, agus go raḃas ag guiḋe san teampall, go dtáinig táiṁnéall orm,

18 agus go ḃfacas é g‐á ráḋ liom, Brostuiġ ort, agus imṫiġ go luaṫ as Iarúsalem: óir ní ġlacfaiḋ siad do ṫeistiméireaċt im’ ṫaoḃ.

19 Agus aduḃras, A Ṫiġearna, is maiṫ is eol dóiḃ féin go mbínn‐se ag cur gaċ duine do ċreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseaḋ ins gaċ sionagóig:

20 agus nuair do ḃí fuil Stiofáin, t’ḟiaḋnaiḋe, d’á doirteaḋ, do ḃíos‐sa im’ ṡeasaṁ i láṫair, ag aontaḋ leo, agus ag coiṁéad éadaiġe na ndaoine do ḃí g‐á ṁarḃaḋ.

21 Agus aduḃairt sé liom, Imṫiġ leat: óir cuirfead amaċ ṫú as so ċum na gCineaḋaċ i gcéin.

22 D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduiġeadar a nglór, agus aduḃradar, Curtar a leiṫéid sin de’n tsaoġal; óir ní cóir é ḃeiṫ beo.

23 Agus nuair do ḃíodar ag glaoḋaċ os árd, agus ag caiṫeaḋ a n‐éadaiġe ḋíoḃ, agus ag scaipeaḋ luaiṫriḋ san aer,

24 d’órduiġ an t‐árd‐ċaiptín a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán, agus a ċeistiú fá’n sciúirse, go ḃfaiġeaḋ sé amaċ caidé an ċúis go raḃadar ag liúiriġ mar sin ’n‐a aġaiḋ.

25 Agus nuair do ċeangladar é le téadaiḃ, aduḃairt Pól leis an gceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ i láṫair, An dlisteanaċ duit fear Róṁánaċ do sciúirseaḋ, agus gan a ḋaoraḋ ar dtús?

26 Nuair do‐ċuala an ceanntúir sin, do ċuaiḋ sé ċum an árd‐ċaiptín, agus d’innis sé ḋó é, g‐á ráḋ, Créad é sin ṁeasas tú do ḋéanaṁ? Fear Róṁánaċ is eaḋ an duine sin.

27 Agus ṫáinig an t‐árd‐ċaiptín, agus aduḃairt sé leis, Innis dom, an Róṁánaċ ṫú? Agus aduḃairt seisean, Is eaḋ.

28 Agus d’ḟreagair an t‐árd‐ċaiptín, D’íocas‐sa go daor as an tsaoirse so. Agus aduḃairt Pól, Aċt rugaḋ mise aṁlaiḋ.

29 Annsin, ar an láṫair, d’imṫiġ siad‐san do ḃí le n‐a ṗianaḋ: agus do ḃí eagla ar an árd‐ċaiptín, leis, nuair do ḃí a ḟios aige gur Róṁánaċ é, agus toisc gur ċeangail sé é.

30 Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan