Gníoṁarṫa 21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus nuair do ḃí scarṫa againn leo san deireaḋ, agus an long fá ṡeol againn, ṫangamar díreaċ ar aġaiḋ go Cós, agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin go Ródos, agus as sin go Patara: 2 agus fuaramar long do ḃí ag dul trasna go Foinícé, agus do ċuamar ar bórd, agus do ġluaiseamar fá ṡeol. 3 Agus nuair ṫáinig Cuprus ’n‐ár raḋarc, d’ḟágamar ar an láiṁ ċlé é, agus do ṡeolamar go Siria, agus ṫángamar i dtír i dTuire: óir do ḃí last na luinge le díluċtú annsin. 4 Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’ḟanamar annsin seaċtṁain: agus do ḃíodar g‐á ráḋ le Pól tríd an Spiorad, gan cos do ċur i nIarúsalem. 5 Agus nuair do ḃí an t‐am istiġ againn, d’imṫiġeamar róṁainn ar ár n‐aistear; agus ṫáinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtioḋlacaḋ, nó go raḃamar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair: agus ar ár nglúnaiḃ dúinn ar an gcladaċ, do ġuiḋeamar, agus d’ḟágamar slán ag a ċéile; 6 agus ċuamair‐ne ar bórd, aċt d’ḟilleadar‐san ar ais aḃaile. 7 Agus nuair do ḃí deireaḋ le n‐ár n‐aistear ó Ṫuire, do ṡroiċeamar Ptolemáis; agus do ḃeannuiġeamar do na bráiṫreaċaiḃ, agus d’ḟanamar lá ’n‐a ḃfoċair. 8 Agus d’imṫiġeamar lá ar n‐a ḃáraċ, agus ṫángamar go Céasaria: agus ag dul isteaċ ḋúinn i otiġ Ṗilip soiscéalaiḋe, duine de’n ṁóirṡeisear, d’ḟanamar aige. 9 Is aṁlaiḋ do ḃí ceaṫrar inġean ag an ḃfear sin, maiġdeana do ḋéanaḋ fáiḋeadóireaċt. 10 Agus mar ḃíomar ag fanaṁain annsin tamall maiṫ, ṫáinig fáiḋ darḃ ainm Agabus anuas ó Iarúsalem. 11 Agus ag teaċt ċugainn dó, agus ag tógáil creasa Ṗóil, do ċeangail sé a ċosa agus a láṁa féin, agus aduḃairt, Is é adeir an Spiorad Naoṁ, Ar an gcuma so, is eaḋ ċeanglóċas na h‐Iúdaiġ i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐ḃéarfaiḋ siad ar láṁaiḃ do na Cineaḋaċaiḃ é. 12 Agus ar n‐a ċlos sin dúinn, d’iarramar féin, agus d’iarr muinntear na h‐áite sin d’aṫċuinġe air gan dul go h‐Iarúsalem. 13 Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa. 14 Annsin, nuair nárḃ ḟéidir a intinn d’aṫrú, do stadamar, g‐á ráḋ, Go ndéantar toil an Tiġearna. 15 Agus tar éis na laeṫe sin, do ċuireamar gaċ uile niḋ le ċéile, agus do ċuamar suas go h‐Iarúsalem. 16 Agus ṫáinig i n‐éinḟeaċt linn cuid de na bráiṫreaċaiḃ ó Ċéasaria, agus ṫugadar leo Mnasón ó Ċuprus, sean‐deisceabal, go raḃamar le ḃeiṫ ar aoiġeaċt aige. 17 Agus ar dteaċt go h‐Iarúsalem dúinn, do ḃí fáilte ṁór ag na bráiṫreaċaiḃ róṁainn. 18 Agus an lá ’n‐á ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Pól mar aon linn isteaċ i dtiġ Ṡéamais; agus ḃí na seanóirí go léir i láṫair, leis. 19 Agus nuair do ḃí beannuiġṫe aige ḋóiḃ, d’innis sé ḋóiḃ i ndiaiḋ a ċéile gaċ a ndearna Dia i measc na gCineaḋaċ de ḃárr a ṡeirḃíse. 20 Agus nuair do‐ċualadar é, ṫugadar glóir do Ḋia; agus aduḃradar leis, Do‐ċí tú, a ḃráṫair, na mílte móra ḋíoḃ‐san go ḃfuil an creideaṁ aca atá i measc na nIúdaċ; agus atáid uile láin‐dílis do’n reaċt: 21 agus do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ‐sa, go ḃfuilir g‐á ṁúineaḋ do na h‐Iúdaċaiḃ go léir atá i measc na gCineaḋaċ Maois do ṫréigean, g‐á ráḋ leo gan a gclann do ṫimċeall‐ġearraḋ, ná leanaṁain de na sean‐ċleaċtaiḃ. 22 Créad atá le déanaṁ mar sin? is cinnte go gcluinfiḋ siad go dtáinig tú. 23 Ar an aḋḃar sin, déan an niḋ seo adeirimíd leat: Atá ceaṫrar fear againn atá fá ḃriġ móide; 24 beir leat iad‐san, agus glantar ṫú i n‐éinḟeaċt leo, agus íoc as a gcostas, ċum go mbearrfaiḋ siad a gcinn: annsin béiḋ a ḟios ag gaċ duine naċ ḃfuil aon ḟírinne san méid do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ; aċt go siuḃalfair féin i gceart, mar ċosantóir an reaċta. 25 Aċt i dtaoḃ na gCineaḋaċ do ċreid, do ċeapamair‐ne, agus do scríoḃamar go staonfaidís ó gaċ niḋ íoḋbartar d’íoḋalaiḃ, agus ó ḟuil, agus ó’n niḋ do taċtaḋ, agus ó ḋrúis. 26 Annsin do ġlac Pól leis na fearaiḃ, agus lá ar n‐a ḃáraċ do ġlan sé é féin mar aon leo, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san teampall, g‐á ċur i dtuigsin go raiḃ laeṫe a nglanta d’á gcóiṁlíonaḋ, nó go ndearnaḋ íoḋbairt ar son gaċ duine aca. 27 Agus nuair do ḃí na seaċt laeṫe beagnaċ críoċnuiġṫe, na h‐Iúdaiġ ó’n Áise, nuair do ċonnacadar san teampall é, do ġríosadar an rluaġ, agus do ċuireadar láṁa air, 28 agus do ġlaoḋadar, A ċlanna Israel, caḃair: Seo é an duine atá ag múineaḋ na ndaoine go léir ins gaċ áit i gcoinniḃ an ṗobail, agus i gcoinniḃ an reaċta, agus i gcoinniḃ na h‐áite seo: agus ṫairis sin, ṫug sé Gréagaiġ isteaċ san teampall, agus atá an áit naoṁṫa truailliġṫe aige. 29 Óir do ċonnacadar, roiṁe sin san gcaṫair, Trofimus Eiféiseaċ, agus do ṡíleadar go dtug Pól isteaċ san teampall é. 30 Agus do ḃí corruiġe mór ar fud na caṫraċ, agus do ḃí na daoine ag riṫ i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus rugadar ar Ṗól, agus do ṫarraing siad amaċ as an teampall é: agus ar ball do dúnaḋ na dóirse. 31 Agus a ḟaid do ḃíodar d’iarraiḋ é do ṁarḃaḋ, ṫáinig scéala ċum árd‐caiptín na buiḋne armṫa go raiḃ Iarúsalem go léir tré ċéile. 32 Agus ṫug sé leis ar an láṫair saiġdiúirí agus ceanntúirí, agus do riṫ sé síos ċuca: agus nuair do ċonnacadar‐san an t‐árdċaiptín agus na saiġdiúirí, do scuireadar de ḃeiṫ ag bualaḋ Ṗóil. 33 Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige. 34 Agus do ġlaoḋ cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaiġ: agus nuair nár ḟéad sé a ḟios d’ḟáġáil go cruinn caidé an fáṫ do ḃí leis an toirmeasc, d’órduiġ sé a ṫaḃairt isteaċ san gcaisleán. 35 Agus ṫárla, nuair do ḃí sé ag dul suas an staiġre, gurḃ éigean do na saiġdiúiriḃ a iomċar mar ġeall ar ḋéine an tsluaiġ; 36 óir do ḃí sluaġ na ndaoine ag leanaṁain, agus iad g‐á ġlaoḋaċ, Curtar ċum báis é. 37 Agus le linn Pól ḃeiṫ d’á ḃreiṫ isteaċ san gcaisleán, aduḃairt sé leis an árd‐ċaiptín, An misde ḋom focal do ráḋ leat? Agus aduḃairt seisean, An ḃfuil Gréigis agat? 38 Naċ tusa an t‐Éigipteaċ úd, do ḃrostuiġ na ceiṫre míle ropaire marḃṫaċ úd, agus do ṫreoruiġ amaċ san ḃfásaċ iad? 39 Aċt aduḃairt Pól, Is Iúdaċ mé, as Társús Ċilicia, caṫruiġṫeoir caṫraċ naċ suaraċ; iarraim ort a leigin dom laḃairt leis an bpobal. 40 Ṫug sé an cead dó, agus, ’n‐a ṡeasaṁ do Ṗól ar an staiġre, do ḃagair sé a láṁ ar an bpobal; agus nuair do ḃí láin‐ċiúnas ann, do laḃair sé leo as an teangain Eaḃra, g‐á ráḋ, |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society