Gníoṁarṫa 20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Nuair do ḃí deireaḋ leis an toirmeasc, do ċuir Pól fios ar na deisceablaiḃ, agus ṫug sé deaġ‐ċóṁairle ḋóiḃ, agus d’ḟág sé slán aca, agus d’imṫiġ sé le triall ar an Ṁaiceadóin. 2 Agus nuair do ġluais sé tríd na críoċaiḃ sin, agus do ċuir sé ar a meisneaċ iad le mórán cainnte, ṫáinig sé isteaċ san nGréig. 3 Agus tar éis trí mí do ċaiṫeaṁ annsin do ċeap na h‐Iúdaiġ cóiṁċealg ’n‐a aġaiḋ, agus é ar tí imṫeaċta go Siria, agus do ṡocruiġ sé ar ḟilleaḋ tríd an Ṁaiceadóin. 4 Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise. 5 Aċt do ḃíodar‐san imṫiġṫe róṁainn, agus iad ag fanaṁain linn i dTróas. 6 Agus do cuaḋamar‐ne ar luing ó Ṗillippi tar éis laeṫe an aráin gan laiḃín, agus ṫángamar ċuca go Tróas cúig lá ’n‐a ḋiaiḋ sin; agus d’ḟanamar annsin seaċtṁain. 7 Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus sinn cruinniġṫe le ċéile ċum arán do ḃriseaḋ, do ḃí Pól ag taḃairt seanmóire ḋóiḃ, mar ḃí sé de rún aige imṫeaċt lá ar n‐a ḃáraċ; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an ṁeaḋon‐oiḋċe. 8 Agus do ḃí a lán lóċrann san tseomra uaċtair, mar a raḃamar i ḃfoċair a ċéile. 9 Agus do ḃí fear óg darḃ ainm Eútuċus ’n‐a ṡuiḋe ar an ḃfuinneoig, agus trom‐ċodlaḋ air; agus, mar ḃí Pól ag cainnt i ḃfad, do ġaḃ an codlaḋ treise air gur ṫuit sé síos ó’n treas loċta, agus do tógaḋ suas marḃ é. 10 Agus do ċuaiḋ Pól síos, agus do luiġ sé anuas air, agus d’ḟáisc sé é, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ imniḋe ar biṫ oraiḃ; atá a anam ann. 11 Agus do ċuaiḋ sé suas, agus do ḃris sé arán, agus d’iṫ sé biaḋ; annsin do laḃair sé leo ar feaḋ i ḃfad, agus d’imṫiġ sé. 12 Agus rugadar leo an buaċaill ’n‐a ḃeaṫaiḋ, agus níor ḃeag an t‐áṫas do ḃí orṫa. 13 Aċt ag dul ar bórd luinge ḋúinne, do ċuamar fá ṡeol go h‐Assos, ag súil le Pól do ṫaḃairt isteaċ: mar ḃí socruiġṫe aige féin, agus é ar an intinn taisteal ar tír. 14 Agus nuair ṫáinig sé ċuġainn i nAssos, do ġlacamar isteaċ é, agus ṫángamar go Mitiléné. 15 Agus ag imṫeaċt dúinn ó’n áit sin, ṫángamar os cóṁair Ċíos, lá ar n‐a ḃáraċ; agus an ċéad lá eile ṫángamar i dtír i Samos; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡroiċeamar Mílétus. 16 Óir do ḃí socruiġṫe ag Pól seolaḋ ṫar Eiféis, i dtreo naċ gcuirfiḋe aon ṁoill air san Áise; óir ḃí deiṫneas air, ċum dá mb’ ḟéidir é, ḃeiṫ i nIarúsalem lá Cingcíse. 17 Ó Ṁílétus do ċuir sé teaċtaireaċt go h‐Eiféis, agus do ġlaoḋ sé ċuige seanóirí na h‐eaglaise. 18 Agus nuair ṫáinig siad ċuige, aduḃairt sé leo, Atá a ḟios agaiḃ féin cionnas mar ċaiṫeas mo ṡaoġal ’n‐ḃúr measc i riṫ an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar ċuireas cos ar ṫalaṁ na h‐Áise, 19 ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna le fíor‐uṁlaċt intinne, agus le deoraiḃ, agus le caṫuiġṫiḃ ṫáinig orm tré ċóiṁċeilg na nIúdaċ: 20 cionnas nár staonas ó niḋ ar biṫ go raiḃ tairḃe ann, d’innsin daoiḃ, ag taḃairt teagaisc daoiḃ go poibliḋe, agus ó ṫiġ go ṫiġ, 21 ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost. 22 Agus féaċ, anois, atáim ag dul fá ċeangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a ḟios agam créad atá i ndán dom annsin: 23 aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair. 24 Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ. 25 Agus féaċ, anois, atá a ḟios agam naċ ḃfuil duine agaiḃ, gur ṡiuḃlas ’n‐ḃúr measc ag craoḃscaoileaḋ na ríoġaċta, ḟeicfeas mo ġnúis arís. 26 D’á ḃriġ sin dearḃuiġim daoiḃ indiu, go ḃfuilim glan maidir le fuil gaċ duine. 27 Óir níor staonas ó ċóṁairle Dé go h‐iomlán do noċtaḋ ḋaoiḃ. 28 Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú. 29 Atá a ḟios agam, nuair ḃéiḋead‐sa imṫiġṫe, go dtiocfaiḋ faolċoin fíoċṁara isteaċ ’n‐ḃúr measc, agus ní staonfaiḋ siad ó’n tréad; 30 agus éireoċaiḋ daoine ḋíḃ féin, laḃarfas as saoḃċainnt, d’ḟonn na deisceabail do ṫarraing ’n‐a ndiaiḋ. 31 D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ. 32 Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ. 33 Níor ṡanntuiġeas airgead, ná ór, ná éadaċ duine ar biṫ. 34 Is eol daoiḃ féin gurḃ iad na láṁa so do ṡoláṫruiġ d’á raiḃ ’n‐a riaċtanas orm, agus dóiḃ‐sean do ḃí im’ ḟoċair. 35 Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ. 36 Nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe i n‐éinḟeaċt leo go léir. 37 Agus do ḃris a ngol orṫa go léir, agus ċuireadar a láṁa timċeall ar ṁuineál Ṗóil, 38 agus do ṗógadar é, agus ba ṁóide a mbrón go mór an focal aduḃairt sé, naċ ḃfeicfidís a ġnúis arís. Agus annsin do ṫíoḋlacadar é ar a ḃealaċ go dtí an long. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society