Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫárla, le linn Apollós ḃeiṫ i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúṫaiġ uaċtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:

2 agus aduḃairt sé leo, Ar ġlacaḃar an Spiorad Naoṁ nuair do ċreideaḃar? Agus aduḃeadar leis, Níor ġlacamar, níor ċualamar go ḃfuil an Spiorad Naoṁ ann ċor ar biṫ.

3 Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Créad ann ’n‐ar baisteaḋ siḃ? Agus aduḃradar, I mbaisteaḋ Eoin.

4 Agus aduḃairt Pól, Do ḃaist Eoin le baisteaḋ na h‐aiṫriġe, g‐á raḋ leis na daoiniḃ creideaṁain san té do ḃí le teaċt ’n‐a ḋiaiḋ, is é sin, i nÍosa.

5 Agus nuair do‐ċualadar sin, do baisteaḋ iad i n‐ainm an Tiġearna Íosa.

6 Agus nuair do ċuir Pól a láṁa orṫa, ṫáinig an Spiorad Naoṁ orṫa; agus do laḃradar as teangṫaċaiḃ, agus do‐rinneadar tarngaireaċt.

7 Agus timċeall dáréag aca do ḃí ann.

8 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tsionagóig, agus ḃí sé ag laḃairt go dána ar feaḋ trí mí, ag diospóireaċt agus ag léir‐ṁíniú i dtaoḃ ríoġaċta Dé.

9 Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.

10 Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.

11 Agus do‐rinne Dia míorḃailtí éagsaṁlaċa tré láṁaiḃ Ṗóil:

12 i dtreo go mbeirṫí ó n‐a ċolainn ciarsúirí nó aprúin ċum na ndaoine breoite, agus go n‐imṫiġeaḋ na h‐aicídí ḋíoḃ, agus go n‐imṫiġeaḋ na droċ‐spioraidí asta.

13 Aċt do ḃí cuid de na h‐Iúdaċaiḃ siuḃail, luċt deaṁan do ḋíbirt do ḃí ag agairt ainme an Tiġearna Íosa orṫa‐san go raiḃ na droċ‐spioraidí ionnta, g‐á ráḋ, Fógraim ort tré Íosa atá Pól do ċraoḃscaoileaḋ.

14 Agus do ḃí móirṡeisear mac le Scéḃa, Iúdaċ áiriṫe, árd‐ṡagart, do ḃí g‐á ḋéanaṁ sin.

15 Agus d’ḟreagair an droċ‐spioraid agus aduḃairt sé leo, Atá aiṫne agam ar Íosa, agus atá aiṫne agam ar Ṗól; aċt cia siḃ‐se?

16 Agus an fear ’n‐a raiḃ an droċ‐spioraid, do léim sé orṫa, agus fuair sé an láṁ láidir ar an mbeirt aca, agus do ġaḃ sé orṫa ar an gcuma sin gur ṫeiċeadar as an tiġ sin lom‐noċt, créaċta. Agus fuair gaċ duine,

17 idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ do ḃí ’n‐a gcóṁnuiḋe i nEiféis, fios ’n‐a ṫaoḃ sin, agus do scannruiġeaḋ iad go mór, agus do móraḋ ainm an Tiġearna Íosa.

18 Agus ṫáinig mórán díoḃ san do ċreid, ag adṁáil, agus ag noċtaḋ a ngníoṁarṫa.

19 Agus do ḃí cuid nár ḃeag díoḃ‐san do ḃíoḋ ag cleaċtaḋ ealaḋan draoiḋeaċta, ṫug a gcuid leaḃar leo, agus do ḋóiġ iad i ḃfiaḋnaise cáiċ: agus do ċóṁaireaḋ a luaċ, agus fríṫ gurḃ ḟiú caogad míle bonn airgid air.

20 Mar sin do ḃriaṫar an Tiġearna agus é ag dul i ḃfás agus i dtreise.

21 Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.

22 Agus tar a éis dó beirt díoḃ‐san do ḃíoḋ ag freastal dó, Timóteus agus Erastus do ċur go dtí an Ṁaiceadóin, d’ḟan sé féin tamall san Áise.

23 Agus le n‐a linn sin d’éiriġ aċrann nár ḃeag i dtaoḃ na Sliġe.

24 Óir do ḃí fear aṁáin darḃ ainm Demétrius, gaḃa geal, do ḃíoḋ ag déanaṁ scrín airgid do Ḋiana, agus ḃíoḋ brabaċ nár ḃeag ag dul d’á ċeárdaiḋṫiḃ de ḃárr an ġnó;

25 do ċruinniġ sé le ċéile iad‐san, agus daoine eile de’n ċéird ċéadna, agus aduḃairt sé, A ḟeara, is eol daoiḃ gur ab ar an gcéird seo atá ár seasaṁ.

26 Agus do‐ċí siḃ, agus do‐ċluin siḃ go ḃfuil a lán mór daoine iompuiġṫe ag an bPól so, ní h‐é aṁáin i nEiféis, aċt ar fud na h‐Áise ar fad, g‐á ráḋ naċ déiṫe ar ċor ar biṫ na déiṫe do‐ġnítear le láṁaiḃ:

27 agus is baoġal, ní h‐é aṁáin go dtiocfaiḋ droċ‐ċlú ar an gcéird seo againn, aċt go ndéanfar beag‐is‐fiú de ṫeampall na bain‐dé móire Diana, agus go raċaiḋ a mórḋaċt ar ceal, ise go ḃfuil an Áise uile agus an doṁan uile g‐á h‐aḋraḋ.

28 Ar n‐a ċlos sin dóiḃ, d’éiriġeadar ċum feirge, agus do ġlaoḋadar amaċ, g‐á ráḋ, Is mór í Diana na nEiféiseaċ.

29 Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.

30 Agus nuair do ċeap Pól dul isteaċ i measc na ndaoine, ní leigfeaḋ na deisceabail dó é.

31 Agus do ḃí cuid d’oifigeaċaiḃ na h‐Áise, cáirde leis, do ċuir teaċtaireaċta ċuige, g‐á iarraiḋ air gan dul isteaċ san téatar.

32 Do ġlaoḋ cuid de na daoiniḃ é seo, agus cuid eile é siúd: óir do ḃí an cruinniú i n‐aċrann a ċéile; gan a ḟios ḃeiṫ ag an gcuid ba ṁó aca cad ċuige a dtángadar le ċéile.

33 Agus ṫugadar Alecsander amaċ as lár an tsluaiġ, na h‐Iúdaiġ g‐á ṡáṫaḋ rómpa. Agus do ḃagair Alecsander a láṁ orṫa, d’ḟonn pléiḋe leis na daoiniḃ.

34 Aċt ní túisce ċonnacadar gur Iúdaċ é, ’ná ġlaoḋadar go léir d’aon ġáir aṁáin ar feaḋ ḋá uair an ċluig, nó mar sin, Is mór í Diana na nEiféiseaċ.

35 Agus nuair do ċiúnuiġ cléireaċ na caṫraċ an pobal, aduḃairt sé, A ḟeara Eiféiseaċa, cia h‐é an duine agaiḃ naċ ḃfuil a ḟios aige gur ab ar ċaṫair na nEiféiseaċ atá cúram teampaill Diana móire, agus na h‐íoṁáiġe do ṫuit ó Iúpiter anuas?

36 D’á ḃriġ sin, nuair naċ féidir cur ’n‐a ċoinniḃ, ba ċeart daoiḃ fanaṁain socair, gan éinniḋ do ḋéanaṁ go h‐obann.

37 Óir ṫugaḃar annso na fir seo, naċ ndearna goid i dteampall agus naċ dtug masla d’ár mbaindia.

38 Aċt má tá ag Demétrius, agus ag na ceárdaiḋṫiḃ atá i bpáirt leis, cúis i n‐aġaiḋ aon duine, atá na cúirteanna ann, agus atá próconsúil ann: pléiḋidís an ċeist le ċéile.

39 Aċt má’s neiṫe eile naċ iad atá le réiḋteaċ agaiḃ, socróċar iad san gcóiṁṫionól dlisteanaċ.

40 Óir is baoġal dúinn go gcuirfear ’n‐ár leiṫ toirmeasc an lae indiu, gan aon aḋḃ r ḃeiṫ leis, agus gan ar ċumas dúinn cunntas do ṫaḃairt ar an gcruinniú so.

41 Nuair do ḃí an méid sin ráiḋte aige, do ċuir sé scaipeaḋ ar an gcóiṁṫionól.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan