Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Gníoṁarṫa 17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin, ag gaḃáil tré Amfipolis agus tré Apollónia ḋóiḃ, ṫángadar go Tessaloníca, mar a raiḃ sionagóg ag na h‐Iúdaċaiḃ:

2 agus do ċuaiḋ Pól isteaċ ċuca, mar ba ġnáṫ leis, agus ar feaḋ trí lá sabóide, do ḃí sé ag diospóireaċt leo as na scrioptúiriḃ,

3 g‐á ṁíniú agus g‐á áiteaṁ gurḃ éigean do’n Ċríost fulang, agus éirġe ó na marḃaiḃ; agus gur ab é an t‐Íosa so, ḟógraim‐se ḋaoiḃ, an Críost.

4 Agus do ḃí cuid aca do ċreid, agus do ġaḃadar le Pól agus le Sílas; agus orṫa‐san do ḃí a lán mór de na Gréagaċaiḃ diaḋa, agus cuid nár ḃeag de na mnáiḃ uaisle.

5 Aċt do las éad na nIúdaċ, agus do ċruinniġeadar daoine de ḋíoġa an ṗobail, agus do ḃailiġeadar sluaġ, agus do ċuireadar an ċaṫair i n‐aċrann a ċéile; agus d’ionnsuiġeadar teaċ Iásóin, ag iarraiḋ iad‐san do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobail.

6 Agus nuair naċ ḃfuaradar iad, do ṫarraingeadar Iásón agus cuid de na bráiṫreaċaiḃ i láṫair riaġlóir na caṫraċ, g‐á ráḋ, Na daoine seo go ḃfuil an doṁan bun os cionn aca, atá siad tagṫa go dtí an áit seo, leis.

7 Do ġlac Iásón isteaċ iad: agus atáid uile ag cur i gcoinniḃ reaċta Ċéasair, g‐á ráḋ go ḃfuil rí eile ann, Íosa.

8 Agus do ḃaineadar corruiġe mór as an bpobal agus as riaġlóiriḃ na caṫraċ, nuair do‐ċualadar na neiṫe sin.

9 Agus nuair do ḃaineadar banna de Iásón agus de’n ċuid eile, do scaoileadar uaṫa iad.

10 Agus do ċuir na bráiṫreaċa Pól agus Sílas uaṫa gan ṁoill san oiḋċe, go Beréa: agus ar sroiċint dóiḃ, do ċuadar isteaċ i sionagóig na nIúdaċ.

11 Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.

12 Do ċreid mórán díoḃ‐san, agus de na mnáiḃ uaisle Gréagaċa, agus cuid nár ḃeag de na fearaiḃ.

13 Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.

14 Annsin gan ṁoill do ċuir na bráiṫreaċa Pól uaṫa i dtreo na fairrge: aċt d’ḟan Sílas agus Timóteus ’n‐a ḋiaiḋ.

15 Agus na daoine go raiḃ Pól fá n‐a gcúram aca ṫugadar leo é ċóṁ fada le Caṫair na h‐Aiṫne: agus tar éis teaċtaireaċt ċum Sílas agus ċum Timóteus d’ḟáġáil ag iarraiḋ orṫa teaċt ċuige ċóṁ luaṫ agus d’ḟéadfaidís, d’imṫiġeadar.

16 An ḟaid do ḃí Pól ag fanaṁain leo i gCaṫair na h‐Aiṫne, do ḃí a spioraid d’á corrú ann, agus é ag féaċain ar an gcaṫair agus í lán d’íoḋalaiḃ.

17 D’á ḃriġ sin do ḃíoḋ sé ag diospóireaċt san tsionagóig leis na h‐Iúdaċaiḃ agus leis na daoiniḃ diaḋa, agus leo‐san do casaḋ leis gaċ lá i n‐áit an ṁargaiḋ.

18 Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.

19 Agus rugadar air, agus do ṫógadar é go dtí an t‐Aréopagus, g‐á ráḋ, An ḃféadaimíd a ḟios d’ḟáġáil caidé an teagasc nua so atá agat d’á ṫaḃairt?

20 Óir is aisteaċ linn na scéala atá agat d’á gcur ’n‐ár gcluasaiḃ: ba ṁaiṫ linn a ḟios ḃeiṫ againn caidé is ciall dóiḃ.

21 (Óir n’ raiḃ de ċaiṫeaṁ aimsire ag luċt na h‐Aiṫne agus ag na coiṁṫiġeaċaiḃ do ḃíoḋ ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin, aċt ḃeiṫ ag innsin nó ag clos niḋ úr‐nua éigin.)

22 Agus do ṡeas Pól i lár an Aréopaguis, agus aduḃairt sé, A ṁuinntear Ċaṫraċ na h‐Aiṫne, do‐ċím go ḃfuil siḃ, ins gaċ sliġe, an‐ċráiḃṫeaċ.

23 Óir san tsiuḃal dom, agus mé ag féaċain ar na neiṫiḃ aḋras siḃ, fuaras altóir ar a raiḃ an inscríḃinn seo, DO’N DIA ANAIṪNID. An té úd aḋras siḃ gan aiṫne ḃeiṫ agaiḃ air, fógraim daoiḃ é anois.

24 An Dia do‐rinne an doṁan agus a ḃfuil ann, ó’s é Tiġearna neiṁe agus talṁan é, ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ do‐rinneaḋ le láṁaiḃ;

25 agus fós ní déantar seirḃís dó le láṁaiḃ daoine, mar ḃéaḋ gáḃaḋ aige le niḋ ar biṫ, óir is é féin do‐ḃeir anam, agus anál, agus gaċ uile niḋ do ċáċ;

26 agus do‐rinne sé ó aon duine aṁáin an cineaḋ daonna uile, ċum ḃeiṫ ’n‐a gcóṁnaiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé ḋóiḃ a dtréiṁse agus a dteoranta;

27 d’ḟonn go loirgfidís Dia, dá mbéaḋ ar ċumas dóiḃ a ċuardaċ agus a ḟáġáil, giḋ naċ ḃfuil sé i ḃfad ó aon duine againn:

28 óir is ann ṁairimíd, agus ċorruiġmíd, agus atáimíd; fá mar aduḃairt daoine de ḃúr ḃfiliḃ féin, Óir is d’á ṡlioċt‐san sinn.

29 D’á ḃriġ sin, ó’s de ṡlioċt Dé sinn, ní cóir ḋúinn a ṁeas gur cosṁail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloiċ, do greanaḋ le h‐ealaḋain nó le h‐inntleaċt daonna.

30 Do leig Dia aimsear an ainḃfiosa ṫairis, aċt anois atá sé g‐á ḟógairt do na daoiniḃ ins gaċ aon áit aiṫriġe do ḋéanaṁ:

31 de ḃriġ go ḃfuil lá ceapṫa aige ’n‐a dtiuḃraiḋ sé breiṫeaṁnas de réir cirt ar an saoġal tríd an ḃfear atá réaṁ‐órduiġṫe aige; agus do ḋearḃuiġ sé é do gaċ uile ḋuine, g‐á ṫógáil ó na marḃaiḃ.

32 Aċt nuair do‐ċualadar tráċt ar aiséirġe na marḃ, do ḃí cuid aca do‐rinne magaḋ; aċt ḃí cuid eile aduḃairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a ṫaoḃ sin.

33 D’imṫiġ Pól uaṫa mar sin. Aċt do ḃí fir áiriṫe do ċlaoiḋ leis,

34 agus do ċreid: orṫa‐san do ḃí Díonusios an t‐Aréopagíteaċ, agus bean darḃ ainm Damaris, agus daoine eile naċ iad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan