Gníoṁarṫa 16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair. 2 Do ḃí cáil ṁaiṫ air ag na bráiṫreaċaiḃ do bí i Listra agus i nIcónium. 3 Do ḃí fonn ar Ṗól go raċaḋ seisean amaċ i n‐éinḟeaċt leis; agus do ġlac sé é agus do ṫimċeall‐ġearr sé é mar ġeall ar na h‐Iúdaċaiḃ do ḃí ins na h‐áiteannaiḃ sin: óir ḃí a ḟios aca go léir gur Ġréagaċ a aṫair. 4 Agus san tsiuḃal dóiḃ tríd na caṫraċaiḃ, ṫugadar dóiḃ le coiṁéad na reaċta do‐rinne na h‐abstail agus na seanóirí do ḃí i nIarúsalem. 5 Agus mar sin do ḃí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideaṁ, agus ag dul i méid i n‐aġaiḋ an lae. 6 Agus do ċuadar tré ċríċ Frigia agus Ġalácia, an Spiorad Naoṁ g‐á gcosc ar an mbriaṫar do laḃairt san Áise; 7 aċt nuair ṫángadar i n‐aice le Misia, do ċuireadar rómpa dul i mBitinia; aċt níor leig Spiorad Íosa ḋóiḃ dul ann; 8 agus ag gaḃáil ṫar Misia, do ċuadar síos go Tróas. 9 Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne. 10 Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann. 11 Do ṡeolamar, d’á ḃriġ sin, díreaċ ó Ṫróas go Samotrácé, agus go Néapólis an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin: 12 agus as sin go Pilippí, príoṁ‐ċaṫair an ċeanntair sin de’n Ṁaiceadóin, coilíneaċt Róṁánaċ: agus d’ḟanamar san gcaṫair sin tamall beag. 13 Agus do ċuamar amaċ an geata lá na sabóide cois aḃann, mar ar ċeapamar go raiḃ áit urnaiġṫe; agus ’n‐ár suiḋe ḋúinn, do ḃíomar ag laḃairt leis na mnáiḃ do ḃí cruinniġṫe ann. 14 Agus do ḃí bean darḃ ainm Lidia, bean díolta corcra ó ċaṫair Ṫiatíra, do ḃíoḋ ag aḋraḋ an Aon‐Dé, do ḃí sí ag éisteaċt linn: d’ḟoscail an Tiġearna a croiḋe ċum aire do ṫaḃairt d’á raiḃ ag Pól d’á ráḋ. 15 Agus nuair do ḃí sí féin agus muinntear a tiġe baistṫe, do ċuir sí impiḋe orainn, g‐á ráḋ, Má’s é ḃúr meas go ḃfuilim dílis do’n Tiġearna, tagaiḋ isteaċ agus fanaiḋ im’ ṫiġ. Agus do ċuir sí d’ḟiacaiḃ orainn dul. 16 Agus ṫárla, agus sinn ag dul fá ḋéin áite an urnaiġṫe, gur casaḋ orainn cailín ’n‐a raiḃ spioraid asarlaiḋeaċta, agus do ḃíoḋ sí ag gnóṫú móráin d’a máistriḃ ag déanaṁ fáistíneaċta. 17 Do lean sise Pól agus sinne, ag glaoḋaċ go h‐árd, g‐á ráḋ, Seirḃísiġ do’n Dia is Áirde na fir sin, agus atáid ag fógairt sliġe an tslánuiġṫe ḋaoiḃ. 18 Agus do ḃí sí g‐á ḋéanaṁ sin ar feaḋ mórán laeṫe. Aċt do ġoill sin ar Ṗól, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an spioraid, Órduiġim duit i n‐ainm Íosa Críost teaċt amaċ aisti. Agus ṫáinig sí amaċ an uair ċéadna sin. 19 Aċt nuair do ċonnaic a máistrí naċ raiḃ súil le saiḋḃreas a ṫuilleaḋ aca, rugadar ar Ṗól agus as Ṡilas, agus ṫarraingeadar iad go h‐áit an ṁargaiḋ, i láṫair na riaġlóir, 20 agus nuair ṫugadar ċum na n‐iúistís iad, aduḃradar, Is Iúdaiġ na fir seo, agus táid ag buaiḋreaḋ na caṫraċ orainn, 21 agus atáid ag múineaḋ cleaċtaḋ naċ dleaġṫaċ dúinne glacaḋ leo, toisc gur Róṁánaiġ sinn. 22 Agus d’éiriġ an pobal i n‐éinḟeaċt ’n‐a gcoinniḃ: agus do ḃain na giúistísí a n‐éadaiġe ḋíoḃ, agus d’órduiġeadar gaḃáil de ṡlataiḃ orṫa. 23 Agus tar a éis dóiḃ a lán buille do bualaḋ orṫa, do ċuireadar i bpríosún iad, agus d’órduiġeadar d’ḟear an ṗríosúin iad do ċoiṁéad go daingean. 24 Nuair fuair seisean a leiṫéid sin d’órdú do ċuir sé iad ins an bpríosún b’ḟaide isteaċ, agus ċuir sé a gcosa i ḃfostoḋ i gceap. 25 Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo; 26 agus go h‐obann d’éiriġ luascaḋ mór talṁan, i dtreo go raiḃ bun an ṗríosúin d’á ṡuaṫaḋ: agus ar an láṫair ḃí dóirse an ṗríosúin ar leaṫaḋ; agus geiṁleaċa gaċ duine scaoilte. 27 Agus ag dúiseaċt d’ḟear an ṗríosúin as a ċodlaḋ, do ċonnaic sé dóirse an ṗríosúin ar ḟoscailt, agus ag tarraing a ċlaiḋiṁ dó, ḃí sé ar tí é féin do ṁarḃaḋ, óir ċeap sé gur éaluiġ na príosúnaiġ. 28 Aċt do ġlaoḋ Pól de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Ná déan aon díoġḃáil ort féin: atáimíd uile annso. 29 Agus do ġlaoḋ sé ar ṡoillsiḃ, agus do léim sé isteaċ, agus do ṫuit sé síos i ḃfiaḋnaise Ṗóil agus Ṡílais, 30 agus é ar ḃaill‐ċriṫ, agus ṫug sé amaċ iad, agus aduḃairt, A ḋaoine uaisle, créad atá le déanaṁ agam ċum go saorfaiḋe mé? 31 Agus aduḃradar‐san, Creid san Tiġearna Íosa, agus saorfar ṫú ḟéin agus do ṫeaġlaċ. 32 Agus d’inniseadar briaṫar an Tiġearna ḋó féin agus d’á raiḃ ’n‐a ṫiġ. 33 Agus do ġlac sé iad an uair ċéadna sin de’n oiḋċe, agus do niġ sé a gcneaḋaċa; agus do baisteaḋ é féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir ar an láṫair. 34 Agus ṫug sé isteaċ ’n‐a ṫiġ iad, agus do ċuir sé biaḋ rómpa, agus do‐rinne sé féin agus muinntear a ṫeaġlaiġ go léir gáirdeaċas mór, agus é ag creideaṁain i nDia. 35 Aċt ar maidin, do ċuir na giúistísí uaṫa na maoir, g‐á ráḋ, Scaoiliḋ na fir úd. 36 Agus d’innis fear an ṗríosúin na focla do Ṗól, g‐á ráḋ, D’órduiġ na giúistísí siḃ do scaoileaḋ: uime sin tagaiḋ amaċ, agus imṫiġiḋ liḃ i síoṫċáin. 37 Aċt aduḃairt Pól, Do ḃuaileadar sinn go poibliḋe, gan triail, agus gur fir Róṁánaċa sinn, agus ċaiṫeadar i bpríosún sinn; agus arḃ áil leo anois ár gcur amaċ os íseal? Ní mar sin ḃéas; ní h‐eaḋ, aċt tagaidís féin agus beiridís amaċ sinn. 38 Agus d’innis na maoir an ċainnt sin do na giúistísiḃ: agus do ḃí eagla orṫa, nuair do‐ċualad ar gur Róṁánaiġ iad; 39 agus ṫángadar agus d’impiḋeadar orṫa; agus tar a éis dóiḃ a dtaḃairt amaċ, d’iarradar orṫa imṫeaċt ó’n gcaṫair. 40 Agus d’imṫiġeadar as an bpríosún, agus ċuadar isteaċ i dtiġ Lidia: agus nuair do‐ċonnacadar na bráiṫreaċa, ṫugadar meisneaċ dóiḃ, agus d’imṫiġeadar. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.
British & Foreign Bible Society